19 July 2007 Edition

Resize: A A A Print

Agallamh le baill SEGI - Amaia agus Uriz

Le Peadar de Bluit
Ball Ógra Shinn Féin

Conas atá sé go bhfuil teanga na mBascach chomh láidir i bhur dtír? Cén céimeanna a thóg sibh é seo a chur i gcrích?
I rith ré Franco cuireadh an cultúr Bascach síos go huafásach. Faoi rial na faisitigh ní raibh cead an teanga ach go háirithe a labhairt ná a mhúineadh. Bhí an bac ar an teanga ag an bpointe is láidre tar éis cogadh cathartha na Spáinne. Bhí an cleachtais seo thar a bheith dian ar fad. Theastaigh ó Franco agus na Faisistigh cultúr na mBascach araon leis an teanga a scriosadh go hiomlán. Is i ndiadh teacht chun cinn an córas ‘daonlathach’ a thosaigh cúrsaí ag dul i bhfeabhas arís. Bhí iarracht bailithe i dTír na mBascach an teanga ach go háirithe a cur i mbéal an phobail athuair.
Thuig gluaiseacht neamhspleachas de chuid na heite clé go raibh gá an cultúr a mhúscailt ins na daoine más rud é go rabhamar chun éileamh réadúil a dhéanamh d’ár saoirse. Bunaíodh fronta cultúrtha le baill ETA ann don cuid is mó a chabhrigh ins an pobail tús a cur le scoileanna chun an teanga a mhúineadh. An rud is tábhachtaí ná gur iarracht ón bpobal mór a bhí anseo, thuig gach duine go raibh an teanga mar croílár na streachailte againn. Chabhraigh an eite armtha insan eagraíocht ach smaoineamh an phobail a bhí ann.
Tá ceantar ann fós inniu ina labhraítear teanga na mBascach amháin. Bhí na háiteanna seo i bponc ollmhór dá dtiocfadh na faisitigh orthu i rith an ama sin ach anois tá sé mar páirt mór in athbheochan na teanga.
Tá feachtas mór anseo in Éirinn faoi láthair aitheantas dleathach a fháil don teanga ins na Sé Chontae. Cé chomh tábhachtach is atá an saghas reachtaíocht sin agaibhse?
Tá an ceist sin thar a bheith tábhachtach dúinne. Deirtear sa reachtaíocht go bhfuil teanga na mBascach agus Spáinnis ar aon leibhéal amháin ach i ndáirire ní fíor sin. Ní féidir dul i dteagmháil leis an stáit ach amháin trí Spáinnis. Níl an suim acu siúd atá i gceannas seirbhís trí mheán ár dteanga féin a cur ar fáil dúinne. Teastaíonn uathu fós inniu sinn a coimeád faoi chois agus déanann siad seo trí ár gceart gnó a dhéanamh inár dteanga féin, a sárú. Tá reachtaíocht againn a thugann cead dúinn teangmháil leis na daoine sa feidhmiúcháin i dTeanga na mBascach ach ní aithníonn siad sin. Tá gá go bhfuil tuilleadh reachtaíocht a thugann cearta do lucht labhartha teanga na mBascach. Cuirfidh seo ina luí don phobail athuair, gur teanga atá ann ar féidir a úsáid go laethúil agus tá sin fíor thábhachtach.
 Cén feachtaisí lena bhfuil sibh bainte faoi láthair tionchar na teanga a ardú?
Feictear dúinn go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach gan a bheith chomh caolaigeanta fúthu a spreagaimid chun an teanga a foghlaim. Tá gá ins an tréimhse atá le teacht go mbímid ag féachaint orthusan atá ag teacht isteach inár dtír, agus an teanga a mhúineadh leo. Faoi láthair nuair a thagann duine éigin isteach sa tír gan ach a theanga dúchais acu, téann siad agus Spáinnis a fhoghlaim. Táimidne ag iarraidh go diocfaidh athrú ar sin. Teastaíonn uainn, nuair a thagann daoine isteach inár dtír go bhfoghlaimeoidh siad ár dteanga féin. Beidh tairbhe mór le bhaint as seo ar an ábhar go gcuirfidh sé brú ar lucht an fheidhmiúcháin, agus ar na Bascaigh féin an teanga a labhairt.
Níl dúil ar bith ag lucht an rialtais i gcearta labhartha na Bascaigh. Feiceann siad gur ceantar streachailte dúinn í an teanga. Más féidir linn an cath seo a bhuacaint, beidh cath fíor-thábhachtach buaite ag gluaiseacht neamhspleachas na heite clé.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland