Top Issue 1-2024

24 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

An Lá Mór  

Tá na polaiteoirí ar an raidió ag argóint le Vincent Browne faoi Oideachas! Cheap mé nach raibh sé mar cheist sa toghchán leis an méid bladar a bhí a rá faoi gruaig Enda agus culaith Pádraig Mac an Coinín. Tá me ró thógtha le cursaí eile faoi lathair – tá ár bhfoireann scoile i gcluiche ceannais Camógaíochta Bhaile Atha Cliath amárach. Ta an obair crua déanta agus cosúil leis na polaiteoirí tá sé as mo lámha anois - tá na brait agus na pom poms déanta agus an péint aghaidh ullmhaithe.
Táimíd ag imirt in aghaidh na daoine crua ó Fionnghlas agus ag iad ag súil le Dessie Ellis sa Dáil go luath. Bhí díoma mór orainn gur thóg siad na cluichí as Pairc an Chrócaigh i mbliana – in ionad gasúir agus girsigh Chabrach agus Baile Munna bheith ag imirt ar an talamh naofa tá siad i ndiaidh ligint Ryan Giggs agus na rugger buggers isteach. Cad ta níos tabhachtaí?!
Bhí me in Amstersdam don deireadh seachtaine i gcomhair mo chead ‘stag’ - tá mo dheartháir óg ag pósadh go luath agus bhí orainn dhá lá a chaitheamh ag féachaint ar Van Gogh agus an Reichsmuseum! Tá an ceantar ‘solas dearg’ dírithe ar thurasóirí agus ar fir go háirithe – taobh thiar de na fuinneoga daite agus na seóanna tá domhan salach agus gruaimeach agus an domhan seo ag fas agus ag méadú.
Tá Sammy Wilson i ndiaidh díoltas a bhaint amach ar na Poblachtánnaigh taréis Martín Mac Aonghusa ag tabhairt droch ám dó agus ag rith nocht tríd sceacha an tuaisceairt agus gan ola gréine ar a thóin.
Deireann Conchúr Ó Murchú go gcaithfimid “anseo” a ghlaoch ar an Tuaisceart ach cad a dhéanfaidh muintir an Deiscirt – taimíd cleachtaithe ag glaoch “thuas ansin” and an “Tuaisceart dubh” ar na Sé Chondae. Agus ma ghlaoifimíd “anseo” ar an Tuaisceart cad a ghlaofaimíd ar an Saorstát –“an Phoblacht Bhanana” nó  “thíos ansin”? Ach ar a laghad tá seans níos fearr go ligfidh Sammy páistí na tíre imirt i bPáirc Windsor ná na bureaucrats i bPáirc an Chrócaigh!
Tá muintir na n-oileain tar éis vótail cheana féin agus ta Patsy Dan fós ina Ard Rí ar Thoraí – tá fáinne cluasa galánta aige agus muintir na háite fós ag ól poitín don bhricfeasta – tá an Sagart Pharóiste ina Gharda agus tá na piseoga fós acu.
Tá mo chara, An Teidí ar an raidió le Vincent agus ag cáineadh Mr Tayto agus Willie O’ Dea – tá sé i ndiaidh Barbie a fhágail i gcomhair Paris Hilton ach níl Pádraig Mac an Choinín ró-shasta faoi.
Tá rogha maith againn i lár na cathrach agus tá Mary Lou in iomaíocht le bean uasal Patricia McKenna agus Tony Gregory ach níl me ag vótail dó ós rud é nach bhfuil se fós sásta carbhat a chaitheamh. Tá Joe Costello a dhéanann go leor obair ar son na cimí ag rith agus beidh troid ollmhór i gcomhair an suíochan deireannach idir Mary Lou agus Fianna Fáil. Beidh an lá ag Mary Lou agus tá má ag cur €50 ar Larry O’Toole, Dessie Ellisagus an beirt Connallaigh.
Beidh Larry mar an Aire Dlí agus Cirt agus beidh deireadh leis an Garda agus an FCA- buafaidh Cill Mhantain an Craobh Laighin don chéad uair agus beidh deireadh le Shamrock Rovers.
Cuirfidh Piaras agus Pádraig cosc ar Celtic ar an teilifís agus beidh an ghrian ag scoilteadh i Tír Chonaill agus muintir Lanzarote ag tabhairt aghaidh ar Cnoc Fola.
Beidh deireadh leis na PD’s ag an deireadh seachtaine- beidh Mary Harney ag obair i 4 Star Pizza agus Mícheal Mac Dubhghail ag obair ar an doras ag an Parnell Mooney.
Beidh Bertie arais mar Thaoiseach, 10 suíochain ag Sinn Féin agus Teidí mar Thánaiste.

Foclóir

toghchan...election
bladar...rubbish
cluiche ceannais...final
ag méadú...increasing
díoltas...revenge
nocht...naked
rogha...choice
lar na cathrach...citycentre
galánta...fancy
in iomaíocht...competing


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland