26 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Mo Bhealach Féin!

Le Éamann Mac Mánais

Taobh amuigh den Imeacht Sinn Féin Factor – Stars in Your Eyes i mBaile Átha Cliath ar na maillaibh agus ag imirt cluichí CLG, (de reir le Ciaran Kearney ní féidir liom aon píosa a scríobh faoi Barry seachas ag déanamh tagairt do scileanna Barry mar ‘corner-forward’) is é Barry Mhic Giolla Dhuibh scoth na gníomhaithe sa lá atá inniu agus leis an ngreann a fhágail inár ndiaidh ba mhaith liom cuir síos a dhéanamh ar pleananna
Barry amach anseo agus diriú ar a phost nua, mar Cathaoirleach ar Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíocht sa tionól.
Ach, ar dtús, gíota beag cúlra air; Rugadh agus togadh Barry i gCarraig Mhór, Co.Tír Eoghan, agus tá sé bródúil as. Phós sé a mhuirnín Paula agus d’fhreastail sé ar Ollscoil na Banríona.
Thug sé cuairt gan choinne ar Ollscoil na Réabhlóíde eile fosta ach sin scéal eile agus sin mar a ghabhann an saol!
Ag dul siar, bhí Barry mar saghas mentor d’Ogra Shinn Féin i dTír EoghanThiar. Dúirt ball Ógra ó na 90í; ‘chaith sé am linn, d’éist sé linn agus thug se comhairle dúinn fosta, ba mhaith linn a stíl agus is carachtar iontach é go fóill.’ Chomh maith le sin d’éirigh sé sa fo-thoghchán in an Omaigh i 2000 agus d’obair sé go díograiseach mar is gnáth.
Bhain sé suíochan don thionól i 1998 ar son Tír Eoghan Thiar, agus bhi sé ina bhall de roinnt coistí ansin, an Roinn Oideachas, an coiste idir-rialtasach,,,,a oiread is nach féidir a n-áireamh! Anois i 2007 tá Barry ag obair mar Cathaioirleach ar an Choiste Cultúir agus ceapaim go bhfuil sé chomh leitheadach leis na cuacha.
Duirt Barry inné, ‘Beidh cumhacht i gCoiste Cultuir Ealaíon agus Fóillíochta ag Sinn Féin. Sa roinn seo beidh mise ag obair mar chathaoirleach nua le mo chomrádaithe Francie Brolly agus Paul Maskey i mo chuideachta.’
‘Táim ag súil le leanúint ag obair le Edwin Poots, DUP, amach anseo, chun cearta Gaeilgeoirí a chinntiú. Beidh me ag obair leis an Aire ar son achan duine sna sé chontae, Gaeilgeoirí san aireamh, chun a gcearta a chur I bhfeidhm agus cultuir na hÉireann a chur chun cinn.’ arsa sé.
Beidh me ag diriú ar an CLG agus ag curam ar na hÉalaíone fosta. Tá re úr againn. Is gné lárnach í an Ghaeilge i Sinn Féin. Mar shampla, sa lá atá inniu, ta Roinn an Chultúir beo bríomhar againn, ta preasoifigeach na Gaeilge againn agus tá baill Tionóil ar leibhéil éagsúla Ghaeilge againn. Tá an todhchaí slan don Ghaeilge le Sinn Féin.’
Chaith sé go maith leis féin, agus níorbh aon ionadh liom dá bhfeicfinn Barry mar Aire Cultúir sa chéad Dáil Uile Éireann eile!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland