26 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Agua para todos - Uisce do chách

Le Éamann Mac Mánais

Táim den bharúil go bhfuil cánachais dúbáilte agus príobháidiú ó thaobh uisce sna Sé Contae in Éireann agus príobháidiú i Meiriceá Laidineach nithe comhghaolmhara. Inár bhforógra is deanaí don thionól tá sé ráite go gcuirfidh muid, ‘I gcoinne forchur táillí uisce agus príobháidiú na seirbhíse uisce, agus foirm ar bith eile de chánachas dúbailte aischéimnitheach.’
Bhí an ábhar uisce ar bharr na cainteanna foirimiúil agus ar bharr na cainteanna neamhfhoirimiúil ar na sráideanna fud na tíre seo. Tharla éifeacht chatalaíoch anseo mar sheas an dá phobal gualainn ar ghualainn i gcoinne rátaí uisce sna sé chontae agus sheas gach uile aicme den phobal le chéile i meon Connolly agus Larkin.
Ach níl muidne i Sinn Féin agus an pobal ar an eite chlé in Éireann inár aonair maidir leis an troid in éadan príobháidiú. I rith seachtain Mheiriceá Laidineach in Éireann (15-21 Aibreán) chuala an lucht éisteachta trí chainteoir iontach agus is comhartha ar á dtíortha iad; an Bholaive, Uragua agus Meicsiceo. Trí thír a throid agus ata ag stracailt go fóill in aghaidh dúshaothrú agus caipitleachas.
I gCochabamba, an Bholaive, mar shampla, tá sé soiléir dúinn go raibh an feachtas chéanna ag dul ar aghaidh i gcoinne príobháidiú uisce ansin. Bhí níos mó na 100,000 duine ar na sráideanna i Samhraidh 2000 ag éileamh uisce mar ceart daonna agus i gcoinne príobháidiú, Chuir siad in iúl lena gcoiscéimeanna cinniúnacha go raibh glór acu.
Ag an am sin ní raibh cead ag daoine poll a bhaint agus uisce báistí a sháinniú! ‘Cad an chéad ceim eile don eite dheis’ arsa an pobal? ‘Aer a phríobháidiú?’ Agus d’ardaigh rátaí uisce cúigfhillte, stop said an soláthar uisce do na daoine nach raibh abalta íoc agus de thairbe sin bhí drochruaig galair. Tharla an rud chéanna in gceantracha cosúil le El Alto fosta.
Ach cad é an dóigh le teacht ar aghaidh? Bheul, in Uragua, mar shampla, bhí cosc ar príobháidiú agus bhí uisce ráite mar ceart daonna ina dhiaidh reifreann poiblí. Chomh maith le sin sna sé chontae is fíche, níor lig an pobal príobháidiú uisce a chur i bhfeidhm de thairbhe ‘people power’ mar a deirtear. Taim den thuairim má chuireann rialtas na Breataine níos mó béim ar na tionscail a úsáideann barraíocht uisce in ionad ag cur béim ar an gnathduine ar an sráid feictear réiteach iontach.
Nílimid inár gcadhan aonraic, agua para todos, uisce do chách- Venceremos!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland