Top Issue 1-2024

12 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Tá me ar tí mo dhorn a chur tríd scáileán an ríomhaire – tá sé níos moille ná an Stát Seirbhís agus tá mo bhuachaill chara Wayne ar an teilifís anocht ag imirt le Manchester United I gcomhair na ‘simpletons’ ar fad – tá me ar chúl tigh tabhairne I dTír Chonaill agus tá an pub lán le meisceoirí ag fanacht ar Wayne agus Mourinho .
Tá Dún na nGall ar bharr an srath naisiúnta peile faoi láthair ach chuala mé scata fir  sa bhear a bhí níos tógtha le  cursaí peile I Sunderland !
Leis an feachtas stocaireachta faoi lán tseoil tá na polaiteoirí ag cnagadh ar dhóirse agus ag rá go bhfuil siad ag éisteacht le ceisteanna éagsúla atá ag déanamh buartha do dhaoine
Ach is cosúil nach bhfuil seo fíor ar fad, de réir na gcláracha caint agus comhrá ar an raidió le deanaí.
Deir lucht stocaireachta bhotaí I mBaile Atha Cliath gur beag suim atá ag an gcuid is mó den phobal sa toghchán.
Ní raibh fonn orthu an doras a fhoscailt mar go raibh siad sáite sna cláracaha sobail agus go háirithe I “Corrie” agus  níos tógtha le fadhbanna Tracy agus í sa chúirt, ná an córas sláinte nó oideachais.
Ní haon ionadh leis na postaerí atá na pairtí polaitiúla agus an cuma uafasach ar na polaiteoiri agus iad gleasta suas I gculaith ó Fred’s Fashions  agus carbhait atá fágtha ón Comhneartú.
Cad é an scéal le postaerí Shinn Féin – cad is brí le “others promise, we deliver!”
Cad a tharla le “Smash British Imperialism” nó “Sniper at work!”? – an bhfuil an pairtí an lorg vóta an mean aicme?   
Cad  a tharla do “Vote Early – Vote Often!”?
Nach bhfuil cead againn cárta leighis ár seanmháthair, a fuair bás I 1973, a úsáid sa toghchán?
Agus an bhfuil ar gach duine I Sinn Féin culaith úr a chaitheamh ag dul ó dhoras go doras?
Cad a tharla do gheansaí Celtic agus toitín sa bhéal ag an doras?
B’fhearr liom I bhfad na sean cótaí   dufail a bhí ag Tom Hartley agus muintir BhéalFeirste   sna ochtoidí.
Agus dúradh liom nach bhfuil cead againn bally’s a chaitheamh nó fuinneoga ‘na léintí gorm’ a bhriseadh.
Is cuimhin liom tús na nochaidí agus Larry O’Toole ag taisteal ar rothar ag lorg votaí don Eoraip agus cheannaigh mé culaith galánta dó I siopa Bowsie Caseys ar chúig phunt.
Ní raibh na polaiteoirí eile sásta caint leis ag ócáid phoiblí ach amháin na bomáin – cé gur an duine is dathúla a bhí in iomaíocht  níor bhuaigh sé agus bhí orainn fanacht ar Mary Lou.
Tá Man U. díreach I ndiaidh cúl a scórail- ní bheidh duine ar bith ag freagairt  a dhoras don oíche.
Cen fath nach bhfuil póstaer againn le Gerry ag caint faoi Corrie’ le sean hamadáin nó ag plé cursaí Celtic leis an t-aos óg, cosúil le Bertie, a bhfuil leath na tire trualaithe leo?
Níl le scríobh agam ach tri línte eile – caithfidh mé rith síos go Mickey Joe’s I gcomhair ispíní  I gcomhair an bialann anseo agus eolas a lorg ó mhuintir na háite faoi
PaddyMicí Johnny a d’fhág a bhean chéile agus a pháistí I gcomhair bean le smidiú agus
Micí Dubh atá go hiomlan as smacht ar an uisce beatha agus leath an pharóiste ag caint faoi.
Caithfidh me dul – tá duine ag an doras  – b’fhéidir gur polaiteoir Shinn Féin le ‘delivery’?

 

Foclóir

Scaileán...screen
Feachtas...campaign
Fadhbanna...problems
Toghchán...election
Cárta leighis...medical card (handy for elections)
Mean aicme...middle class
In iomaíocht...competing
Trualaithe...polluted
Smidiú...make- up


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland