Top Issue 1-2024

29 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ár Neodracht i mBaol?

Bhi raic sa Dáil le déanaí nuair a cuireadh i leith an Rialtais go bhfuil siad ag maolú ar neodracht na hÉireann. Shéan Mac Dubhgaill go bhfuil ár neodracht  i mbaol nuair a dfhógair sé go mbeadh an coiste Dála ag plé an memorandum faoin “Arm Catha Nordach agus an Ceannceathrú”.
Dúirt Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Glas go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamh-aird ar thoil na ndaoine agus  go bhfuil imní ar an bphobal faoi rannpháirtíocht na hÉireann i gcúrsaí míleata na hEorpa, gurbh é sin an chúis gur diúltaíodh do Chonradh Nice an chéad uair.
Dúirt an Tánaiste go bhfuil glas fá thrí (triple lock) ar rannpháirtíocht Éireann san Arm Catha seo, nach rachadh sé chun cinn ach amháin le cead ó na Náisiúin Aontaithe, an Rialtas agus an Dáil.
Tá na Pairtithe Sinn Féin, Lucht Oibre agus na Glasaigh ag iarraidh plé iomlán a bheith ann sa Dáil mar gur ceist an-thabhachtach í, an mbéimíd ag glacadh páirt san arm catha seo, agus an mbeidh deire len ár bpolasaí neodrachta. Tá sé i gceist go mbeadh an Ceannceathrú don Arm Catha seo sa Bhreatain.
Mar fhreagra dúirt Mac Dubhghaill nach bhfuil an dearcadh céanna ag Pairtí an Lucht Oibre agus Fine Gael faoin  gceist seo agus iad in ainm a bheith ag comh-oibriú le chéile san Olltoghchán.
Is cosúil go rachaidh an memorandum go dtí an “coiste” agus caithfidh an Rialtas a chur in úil ‘na dhiaidh sin má bhíonn an tír seo páirteach sna cúrsaí míleata seo. Muna mbíonn plé iomlán oscailte Dála ar an ábhar tabhachtach seo, dfhéadfadh sin sceoin a chothú imeasc an ghnáth phobal, rud a dhéanfadh dochar don tógra Eorpach ar fad.
An mbeidh deire len ár neodracht gan mhoill? An mbeidh ár gclann agus clann ár gclainne ag troid san arm seo ?  Nó an mbeidh an socrú déanta faoi rún ag na polaiteoirí? Céard faoi ghuth an phobail nó an bhfuil aon duine ag éisteacht leo? Daonlathas in Aontas na hEorpa?
Tá an gnáthphobal geárrtha amach ó gach cinneadh a déantar san Eoraip ar ár son. Níl in Éirinn amháin atá amhras ar an gnáth-dhuine ach ar fud na hEorpa. Tá na polaiteoirí ag brú ar aghaidh gan dul i dteagmháil leis an bpobal. Tá reachtaíocht ag teacht go tiubh ó stat seirbhísí nach bhfuil baint againn leo, agus mothaíonn daoine go bhfuil an chumhacht lárnach sa Eoraip ag goid guth na ndaoine i nganfhios dúinn. Mothaíonn daoine go bhfuil an reachtaíocht imithe ró-fhada agus ró-ghasta. Cuir ceist ar na hiascairí agus feirmeoirí beaga a chaill a slí beatha!
Tá Dréacht Bunreachta an Aontais a phlé san Aontas Eorpach faoi láthair ach níl eolas ná soiléireacht ar bith a chur ar fáil don ghnáth phobal.
Deir na polaiteoirí go mbeidh institiúidí an Aontais níos éifeachtaí dá bharr. Bheadh sé i gceist sa Dréacht go mbeadh cumhacht mór ag Leas-Uachtarán an Aontais in ionad an modh atá ann faoi láthair- sin an chumhacht rointe ar na ceannairí Stát agus Airí gnóthaí eachtracha.
Sa bhliain 2001 d’fhógair na húdarais san Aontas Eorpach go mbeadh soiléireacht, oscailteacht agus daonlathas in a gcúrsaí oibre mar gur sin an rud a bhí ag teastáil ón ghnáthphobal. Ach céard a rinne siad faoi – faic. Dúirt Monnet gur Aontú idir mhuintir na hEorpa a bhí tabhachtach – sin Aontú eacnamaíochta agus soisialta agus nach é Aontú na Stát atá tabhachtach. Caithfear toil na ndaoine a bheith i bhfeidhm chun go mbeidh rath ar thodhcaí an Aontais.

Foclóir

neodracht...neutrality
ag maolúí...endangering
Shéan sé...he denied
ag déanamh neamh-aird...to ignore
cath...battle
dearcadh...outlook
soiléireacht...clarification
eachtrach...foreign
daonlathas...democracy
todhchaí...future


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland