Top Issue 1-2024

8 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ard Fheis Shinn Féin 2007 Acht Gaeilge anois

Niall Ó Donaile agus Sue Ramsey

Niall Ó Donaile agus Sue Ramsey

Le linn dhíospóireachtaí na hArdfheise, bhí rannóg ar leith den chlár dírithe ar cheist na Gaeilge agus athbheochan chultúr na nGael. Bhí trí rún ar an gClár ag plé le:
a)  athghaelú ar ghluaiseacht na poblachta;
b)  comhghairdeas a dhéanamh le ‘An Droichead’ a bhuaigh duais náisiúnta Ghlór na nGael do 2005; agus
c)  ag moladh do Shinn Féin tacú le feachtas náisiúnta ACHT atá ag iarradh ar Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae.
 Ar oscailt dhíospóireacht na rannóige seo, mhol an Comhairleoir Críona Ní Dhálaigh ó Lárchathair Thiar Theas Bhaile Átha Cliath Acht Gaeilge a bheith reachtaithe do na Sé Chontae agus do Shinn Féin tacú leis an bhfeachtas seo trí thacú leis an rún úd. Mhol sí freisin go mba cheart Sinn Féin bheith ag lorg Coimisinéir Gaeilge do na Sé Chontae. Luaigh sí cás Mháire Nic an Bhaird agus an éagóir oifigiúil a imrítear fós ar lucht labhartha na Gaeilge, sa chaoi gur cúisíodh agus gur ciontaíodh í as ucht labhairt na Gaeilge i gcás cúirte ó Thuaidh le déanaí. Mhol sí an tsárobair atá ar siúl ag Glór na nGael agus don togra ‘An Droichead’ ach go háirithe.
Tháinig Niall Ó Donaile ó Iarthar Bhéal Feirste ina diaidh chun Roinn an Chultúir i Sinn Féin a mholadh maidir leis an obair atá ar siúl acu polasaí Gaeilge an phairtí a chur i bhfeidhm. Mhol sé go raibh sé “ríthábhachtach tacú leis an rún chun an páirtí a athghaelú mar nach raibh sé de chumas ag aon páirtí eile a leithéid de pholasaí a chur i bhfeidhm.” Mhol Pádraig Ó Tóinfhir as Baile Átha Cliath go raibh sé “an-tábhachtach an páirtí a athghaelú i gceart” agus chuige sin mhol sé don pháirtí tacú le rún 143 (gaelú an pháirtí). Chain sé freisin an fhíneáil a ghearradh ar Mháire Nic an Bhaird.  Labhair Seán Mag Uidhir as Béal Feirste faoin “ghéarghá le hAcht na Gaeilge a thabhairt isteach sna Sé Chontae, go háirithe mar gheall a tharla do Mháire Nic an Bhaird. Faoi dheireadh rinne sé aithris ar fhriotal Bobby Sands nuair a dúirt sé “Our revenge shall be in the language of our children.”
Labhair Bairbre de Brúin faoin léirsiú mór ar son na Gaeilge a bhí ar siúl seachtain ó shin agus an feachtas le go n-aithneofar “an Ghaeilge mar theanga oifigiúil sna Sé Chontae.” “Caithfear Acht na Gaeilge a thabhairt isteach. Is féidir agus is gá é seo a dhéanamh,” ar sí. Ag críochnú na díospóireachta úd, dúirt Mícheál Mac Donncha gur “ceist idirnáisiúnta í seo.” “Tá na mílte teanga agus cultúr dúchasach scriosta agus réabtha mar gheall ar an impiriúlachas agus an caipitleachas. Tá an cine daonna thíos go mór faoi sa chaoi go bhfuil an-chuid eispeireas daonna caillte dá bharr. Buille i gcoinne an impiriúlachais agus an chaipitleachais is ea athbheochan na Gaeilge. Tá an-chuid oibre roimh ghaeilgeoirí sa pháirtí, go háirithe mar gheall gur mionlach muid.”
There are essentially two Irish language policies to be launched by Sinn Féin. One policy entails conducting business of the party through Irish, to make available to all party activists Irish language classes and it will be mandatory for members to attempt to learn Irish, to appoint Irish language officers at cúige level to implement this policy and to publish party literature in Irish. The other policy involves the re-Gaelicisation of the country in general.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland