8 March 2007 Edition
Páipéar comhairliúcháin Shinn Féin ar reachtaíocht Ghaeilge
“Chuaigh mé féin agus ceannaire Roinn an Chultúir Shinn Féin, Séanna Breathnach chuig Interpoint i mBéal Feirste inniu chun aigneacht Shinn Féin maidir leis an pháipéár comhairliúcháin ar reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach do státseirbhísí ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Foillíochta.”
“Gheall Rialtas na Breataine i gcainteanna Chill Ríbhinn go dtabharfaí isteach Acht na Gaeilge agus creideann muid go gcaithfear Acht na Gaeilge a rith fríd Westminister gan mhoill agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh cur chuige bunaithe ar chearta ann,” arsa Iníon de Brún.
“Bhí muintéoir óg Máire Nic an Bhaird os comhair na cúirteanna an seachtain seo agus í ansin de thairbhe gur labhair sí Gaeilge lena gcomhmhúinteoirí ar shráideanna Bhéal Feirste. Feictear cás Mháire Nic an Bhaird mar siombail don naimhdeas atá ann i leith na Gaeilge agus Gaeilgeoirí ó na húdaráis i dTuaisceart na hÉireann.”
“Sin sampla amháin den fáth go mbeidh Sinn Féin ag déánamh measúnú ar chur chuige maidir leis an acht de réir ceithre bhunphroinsabail;go ndéanann rialtas na Breataine cloígh le gealltanas Chill Rímhinn; go bhfuil cearta Ghaeilgeoirí ag croí an achta; go gcuireann Rialtas na Breataine acmhainní oirúnacha ar fáil leis an acht a chur i bhfeidhm; agus go gceapfar Coimisinéir na Gaeilge le cumhachtaí, foireann agus acmhainní cuí chun an acht a mhaorsiú.”