Top Issue 1-2024

1 March 2007 Edition

Resize: A A A Print

Scaradh i nDán don Ríocht Aontaithe

LE CATHAL Ó MURCHÚ


Tar éis pobalbhreitheanna éagsúla a foilsíodh i Sasana agus in Albain sna trí mhí atá caite, tá geit bainte as aontachtaithe ar dhá thaobh na teorann úd. Tá na pobalbhreitheanna seo go léir ag maíomh go bhfuil formhór na ndaoine sa dá thír sin ar son scaradh óna chéile, agus gan amhras, má thagann brú polaitíochta i dtaca leis seo, cruthóidh sé seo an-chuid ceisteanna straitéiseacha do phoblachtánaigh Éireannacha. An rud is spéisiúla faoi na pobalbhreitheanna seo go bhfuil an móramh ar an méid céanna in Albain agus i Sasana ag tacú le neamhspleáchas na hAlban agus tionól cineachta do Shasana.
De réir an nuachtáin The Scotsman, i mí na Samhna, bhí 51% in Albain ag tacú le neamhspleáchas iomlán agus maíonn gach pobalbhreith ina dhiaidh sin méadú ar an tuairim sin. De réir Phobalbhreith an ICM tá 55% in Albain agus 59% i Sasana ag tacú le neamhspeáchas na hAlban, agus tá 58% in Albain agus 68% i Sasana ag tacú le tionól cineachta do Shasana. Chomh maith leis sin, maíonn 48% i Sasana scaradh go hiomlán le hAlbain, leis an mBreatain Bheag agus leis na Sé Chontae in Éirinn.  Léiríonn sé seo lagmhisneach bunúsach atá ag pobal na Breataine don Ríocht Aontaithe.
Caithfear a mheas an bhfuil na réalachtaí seo ag dul i bhfeidhm ar an bpobal aontachtach ó Thuaidh. Le hAlbain scartha ón mBreatain Mhór, bheadh bunús mór idé-eolaíochta caillte ag na haontachtaithe agus thiocfadh laigeacht mhór ar a nasc leis an mBreatain. Níos tábhachtaí ná sin, áfach, ná go dtiocfadh laigeacht ar smacht agus ar chumhacht na Breataine ar an oileán seo. Ach, is beag aird atá tugtha ag an bpobal úd ar chúinsí réadúla sa chaoi go bhfuil siad sáite sa saol nach maireann a thuilleadh. Tá an iomarca measa acu ar a neart agus ar a gcumas féin.
In Albain, áfach, tá an scéal níos casta fós. Tá Páirtí an Lucht Oibre ansin ag glacadh le seasamh aontachtach agus Páirtí Náisiúnach na hAlban ag maíomh neamhspleáchas iomlán – an dá pháirtí is mó in Albain. De réir na pobalbhreithe céanna, tá PNA (SNP) ag fáil tacaíochta ó 32% agus Páirtí an Lucht Oibre 30% in Albain. Le léirsiú mór millteach ar son neamhspleáchais beartaithe do 31 Márta agus toghcháin do Thionól na hAlban ar siúl i mí Bhealtaine, níl aon amhras ach go bhfuil cath suimiúil ar siúl anseo. B’fhiú a chuimhneamh go dtacaíonn an pobal Caitliceach, de bhunús Éireannach iad, le seasamh Pháirtí an Lucht Oibre, agus go bhfuil tasc mór oibre lena mealladh ar son neamhspleáchais. Níl ollphéist an tseicteachais ruaigthe ó Albain in aon chor agus is léir seo i gCathair Ghlaschú ach go háirithe.
Maidir le poblachtánaigh in Éirinn, níl aon amhras ann ach go bhfuil aon ghluaiseacht a bhagraíonn an Ríocht Aontaithe a scor, go bhfuil sí ar leas poblachtánach go n-éireofar léi. Cé gur bheag i gcoiteann ag poblachtánaigh Éireannacha agus náisiúnaithe meánaicmeacha na hAlban le chéile, b’fhiú a chuimhneamh go bhfuil dream cumhachta na Breataine agus a gcomhleacaithe impiriúla ina seannaimhde coitianta.


 Foclóir

pobalbhreitheanna      opinion polls
brú polaitíochta      political pressure
móramh      majority
tionól cineachta      devolved assembly
bunús idé-eolaíochta      ideological basis
cúinsí réadúla      realistic concerns
léirsiú      demonstration
ollphéist an tseicteachais      the sectarian monster



An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland