22 February 2007 Edition
Teacht Sheachtain na Gaeilge
LE CATHAL Ó MURCHÚ
Seo é an t-am den bhliain ina bhfuil Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus beidh imeachtaí na seachtaine úd le cur faoi bhráid an phobail go luath. Beidh feachtas nua le seoladh ag pobal na Gaeilge i mbliana nuair a thiocfaidh Seán Óg Ó hAiplín agus Dara Ó Cinnéide le chéile an tseachtain seo ar 14:30, Dé Céadaoin, 21 Feabhra 2007 sa Cheoláras Náisiúnta in Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath. ‘Feachtas 2007’ is ea an feachtas úd leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail mhóir, fiú iad siúd nach bhfuil cumas labhartha líofa acu.
“Croí na Teanga - It’s You!” a bheidh mar mhana na féile chun a chur in iúl do chách, is cuma cén leibhéal líofachta atá acu nó cén tír as a dtagann siad, go bhfuil siad i gcroílár na hathbheochana, ach páirt a ghlacadh ann. Maidir le Seán Óg agus Dara, beidh siad gléasta mar Shéamas de Banda agus ceoltéama ‘Casino Royale’ á sheinm thart timpeall orthu. Cé nach bhfuil poblachtánaigh ró-thógtha le leithéidí ‘de Banda’ (samhlaigh Robert Niarac!), ba chóir nach mbeadh mórán fadhbanna ag na leaids úd!
Preasócáid a bheidh i gceist anseo le poiblíocht a scaipeadh faoi Sheachtain na Gaeilge go háirithe agus gluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne. Beidh cártaí imeartha le croíthe orthu ag na pearsana chun a léiriú go bhfuil siadsan, agus chuile dhuine idir óg is aosta, mar Chroí na Teanga. Ina dhiaidh sin, ar an lá céanna ar 18:00, beidh an seoladh oifigiúil le haghaidh Sheachtain na Gaeilge i Halla na Cathrach ar Shráid an Dáma, ina bhfoilseofar sceideal imeachtaí na seachtaine.
Dála an scéil, beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 3 go dtí an 17 Márta - coicís go fírinneach - agus is é seo an príomhfheachtas atá ag Conradh na Gaeilge leis an aidhm labhairt na Gaeilge a spreagadh agus a scaipeadh i measc gach éinne, sa bhaile agus i gcéin, le linn mhí an Mhárta. Le blianta beaga anuas, tá na sluaite tagtha go hÉirinn ón Eoraip agus ó áiteanna níos faide ar shiúl, agus tá lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge den tuairim go mba chóir na gnéithe ar fad de theanga agus de chultúr na hÉireann a chur ar fáil d’aíonna agus do lonnaitheoirí ó thíortha i gcéin le linn cheiliúradh na féile seo, trí cheol, trí chéilithe, trí ghníomhaíochtaí ealaíonta agus, dar ndóigh, tríd an gcraic.
Le linn do Sheachtain na Gaeilge bheith ar siúl, tá deis mhór ag gluaiseacht na Gaeilge agus ag poblachtánaigh gníomhaíochas a spreagadh maidir le ceist na Gaeilge. Cé go bhfuil an-chuid oibre déanta ag gníomhaithe ar son na cúise, tá slí fhada le baint amach fós le hathghabháil chultúrtha na hÉireann a bhaint, mar i ndeireadh na dála, sin is cúis le gluaiseacht agus le hathbheochan na Gaeilge ar an chéad dul síos. Is iad gníomhaithe na n-óg, ar nós Na Gaeil Óga, a bhain amach stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach nuair a chuir siad brú ar Rialtas na hÉireann éileamh ar a shon. Is iad gníomhaithe na Gaeilge a bhunaigh córas gaelscolaíochta as a stuaim féin, in ainneoin an Roinn Oideachais bacanna a chur rompu.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge
Fón póca: 087 9845760
Fón: 01 4757401
R-phost: [email protected]
Foclóir
- imeachtaí events
- Ceoláras Náisiúnta National Concert Hall
- mana motto
- Séamas de Banda James Bond
- gairm grianghraf photo-op
- sceideal imeachtaí programme of events
- príomhfheachtas main campaign
- gníomhaíochas activism
- gníomhuithe activists
- athghabháil cultúrtha cultural reconquest