Top Issue 1-2024

22 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Mo Shin Sean-Athair

Chaith mé an deireadh seachtain le grúpa bómán ag traenáil i gcóir ‘Ironman’, rás 4 mhíle snámh, 60 míle ar an rothar agus leathmharatón reatha; i gcóir daoine a d’éalaigh ó Theach na nGealt, mé féin ina measc.

Bhí an bainisteoir ag tabhairt comhairle dúinn tamall a chaitheamh i bhfolcadán leac oighir i ndiaidh gach seisiún traenála. Don té nach raibh folcadán acu mhol sé dúinn ár mboscaí bruscair rothaí a líonadh le leac oighir agus uisce fuar agus léim isteach ann nocht!

Chuir sé i gcuimhne dom scéal faoi mo shin-seanathair a bádh ar Chósta an oirdheiscirt thart ar chéad bliain ó shin.

An tragóid thruamhéalach a tharla nuair a cailleadh iascairí ón dá bhád amach ó chósta Phort Láirge / Loch Garman le déanaí, chuir sé i gcuimhne dom gur iomaí créatúr bocht eile a cailleadh ar an chósta céanna, go leór acu nach bhfuarthas a gcorp riamh.

Is maith atá fhios agam féin ó m’óige gur iomaí teaghlach a fágadh brónach tar éis duine dá muintir bheith báite sa reilig uisciúil sin ar chósta an oirdheiscirt, mo theaglach féin san áireamh. Insíonn seanchas agus bailéidí Loch Garman faoi na tragóidí seo anuas na blianta.

Ba é an scéal céanna é nuair a cailleadh mo sheanathair féin agus foireann na loinge, ochtar déag acu ar fad gan tásc ná tuairisc ar cheann ar bith de na corpáin.

I mí Iúil 1924, d’imigh an long an ‘Lios Mór’ as Cuan Chorcaí ar a bealach go Learpholl le lasta eallaigh. Bhí triúr mairnéalach as Baile Loch Garman ar fhoireann na loinge, triúr cairde ón bhFaiche, Charlie Cullen, ba é eisean mo shin-seanathair féin, Nicholas Saunders agus John Carley. Ba é Carley an t-aon duine a tháinig slán ón tragóid, bádh ochtar déag, eisean a mhair chun an scéal a insint.

Bhí buachaill, Patrick Goulding as Corcaigh, i measc an dreama a bádh, é ag imeacht ar thuras saoire chuig a uncail a bhí ar fhoireann na loinge.

Ba as Corcaigh, Learpholl agus an Spáinn an chuid eile den chriú, iad ar fad ina máirnéalaigh oilte. Bhí ionadh ar gach duine go dtarlódh a leithéid i lár an tSamhraidh, i bhfarraige chiúin agus gan an bád ach mí amháin d’aois. Tógadh an long go speisialta le haghaidh lastaí eallaigh a thabhairt ó Loch Garman go Learpholl, bhí sí tógtha go maith de réir gach tuairisc.

Bhí sí le seoladh as Corcaigh ar feadh cúpla mí, go dtí go mbeadh áit réidh dí i gCuan Loch Garman. As Corcaigh a sheol sí ar oíche na tragóide. Go gearr i ndiaidh mean-oíche 11 Iúil, 1924, chuaigh an long ar leataobh go tobann agus síos go tóin poill. Chuaigh Carley síos in éineacht an chuid eile ach shábháil a dhiongbháileacht féin é. D’éirigh leis teacht aníos agus fanacht san uisce ar feadh 24 uair a chloig. Chuala sé a chairde san uisce ag glaoch air cabhrú ach stop siad tar éis tamaill. Rinne sé rafta as píosa smionagair, cheangail é féin den rafta agus chaith an oíche ag streachailt san uisce. An lá ina dhiaidh sin níor tháinig cabhair ar bith chuige cé go raibh sé i mbealach tráchta na long agus na mbád iascaireachta. Ní fhaca siad é. Teacht na hoíche fuair sé smionagar eile adhmaid san uisce, rinne sé maide rámha as agus sin mar a d’éirigh leis cósta theas Loch Garman a shroichint ag Baginbun.

Chnag sé ar dhoirse i gceithre theach ach diúltaíodh cead isteach dó mar gur shíl daoine gur robálaí nó rógaire a bhí ann. Phléadáil sé ach níor chreid siad é. Ar deireadh ligeadh isteach é gur tugadh aire dó. Lá go leith i ndiaidh na tragóide chuir Carley sreangscéal chuig a bhean go raibh sé slán. Ba é sin an chéad am a chuala duine ar bith gur bádh an “Lios Mór” Ach shíl muintir na háite fós go raibh na mairnéalaigh slán agus chuaigh muintir Loch Garman uilig amach an tráthnóna sin le fáilte abhaile a chur roimh a dtriúr féin. Ach níor tháinig abhaile ach Carley.

Bhí mo shin-seanmháthair agus a teaghlach ag fanacht lena fear céile. Sin mar a fuair sí an scéal go raibh sé báite. Thaistil Charlie Cullen ar fud an domhain mar mhairnéalach ach bádh é ar chósta a chontae féin. Chaith John Carley bocht a shaol ag déanamh leithscéalta mar nach raibh sé ábalta cuidiú lena chomrádaí a bhí ag bá. Cuireadh fiosrúchán ar bun. Cén fáth? Long nua, farraige chiúin, ochtar déag báite, gan corpán ar bith faighte!

De réir an fhiosrúcháin ba é an chúis a tugadh go raibh iomarca meáchan eallaigh ar thaobh amháin, rud ba chúis leis dul ar leataobh agus dul go tóin poill. Dúradh nach raibh an lasta róthrom, go raibh na mainéir (pens) eallaigh de réir na rialacha agus gach rud eile in ord agus in eagar. B’fhéidir, a dúradh, nár choinnigh an fhoireann cheannais súil cheart ar an eallach agus b’fhéidir gurbh é sin ba chúis leis, ach ní fhéadfaí a chruthú go cinnte go raibh locht ar an Chomhlacht ná ar dhuine ar bith den bhfoireann. Níl anseo ach scéal amháin de na tubaistí sa cheanntar farraige sin san oirdheisceart. Seo í an áit chéanna a tháinig na Normannaigh i dtír an chéad uair sa bhliain 1169 agus beidh siad ag canadh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh - beidh mise i bhfad uathu, amuigh ar na sléibhte leis na bómáin.

 

Foclóir

  • Sin-seanathair    great grandfather
  • Bómáin              freaks
  • Teach na ngealt              mad-institution
  • Tragóid thruamhéalach  terrible tragedy
  • Mairnéalaigh      sailors
  • Go tóin poill       to the bottom of the ocean
  • Smionagar         pieces of wood
  • Ag streachailt     struggling
  • Bádh     (was) drowned
  • Fiosrúchán         inquiry

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland