8 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Suaitheantas Suntasach

LE CATHAL Ó MURCHÚ

 

Tá sé suimiúil le tabhairt le fios le déanaí go bhfuil daltaí ó Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde ag tabhairt faoi thionscnamh chun suaitheantas nua a dhearadh le go gcuirfear in iúl do chách gur spéis leis an gcaiteoir cumarsáid a dhéanamh trí mheán ár dteanga dúchais. Tá an coincheap taobh thiar den tionscnamh seo cosúil leis na fáinní a d’eisigh Conradh na Gaeilge le fada an lá le cur in iúl do chách gur cainteoirí líofa le leibhéil éagsúla cumais iad siúd a chaitheadh iad. Maidir leis an suaitheantas nua seo, áfach, ní hé an cumas labhartha Gaeilge a mheasfar, ach toilteanas Gaeilge a labhairt is ea an phríomhthuairim atá taobh thiar de.

Maidir leis na fáinní órga nó airgid nó cibé ceann eile a mheasadh leibhéal cumais cumarsáide, ba mhinic a chuirtí ina leith go raibh an-chuid ardnósachais ag gabháil leis an bhfáinne sa chaoi gur bhraith a lán daoine gur club dúnta iad lucht na bhfáinní inar ligeadh isteach cainteoirí líofa amháin. Is beag glacadh a bhí leo siúd ar mhian leo Gaeilge a fhoghlaim nó í a chleachtadh nó feabhas a chur uirthi.

Ar ndóigh, bhain sé sin le tréimhse atá a bheag nó a mhór caite anois nuair a bhí lucht na meánaicme - daoine measúla, mar dh’ea, a bhain leo siúd i gcumhacht - i bhfeighil ar ghluaiseacht agus ar chúrsaí Gaeilge i gcoitinne agus ar an gConradh ach go háirithe. Leis an gcineál éilíteachais a bhain le lucht meánaicme na Gaeilge tar éis bhunú an tSaorstáit, is iomaí duine a bhí curtha in aghaidh na Gaeilge toisc mheon na ndaoine a bhí i bhfeighil ar ghluaiseacht na Gaeilge agus an tslí ar bhreathnaigh siad síos ar dhaoine gan an aicme chéanna, rud a d’fhulaing muintir na Gaeltachta. Is mar gheall air seo a scríobh Máirtín Ó Cadhain a scríbhinn cháiliúil ‘Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae’.

Ach is féidir a rá go bhfuil cúrsaí feabhsaithe go mór ó scríobh an Cadhnach an tráchtas sin sna seascaidí agus gan amhras, ba eisean cúis go mór leis sin. Tá fás tagtha ar ghaelscoileanna, idir chéad agus dara leibhéal, chomh maith le líon na gcainteori óga ag dul i méid an t-am ar fad. Tá méadú tagtha ar na háiseanna atá ar fáil do ghaeilgeoirí le raidió agus teilifís ann chomh maith le teicneolaíochtaí nua ag teacht ar an bhfód an t-am uilig. Tá reachtaíocht agus stádas oifigiúil san Aontas Eorpach ann anois, agus níos mó le héileamh fós. Is iad oidhreacht an Chadhnaigh agus gníomhairí na Gaeltachta agus na Gaeilge is mó cúis leis an athbheochan seo. Ní hé sin le rá, áfach, nach bhfuil fadhbanna ag gabháil leis an nGaeilge sa chaoi go leanann meath sna Gaeltachtaí.

Is sa chomhthéacs seo atá coincheap nua á chur i bhfeidhm ag daltaí Ghaelcholáiste Reachrann agus caithfear gach rath a ghuí orthu. Le go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an nGaeilge, caithfear í a chur chun cinn i measc an phobail mhóir le do dtabharfaí spás agus deis dóibh siúd ar mhian leo Gaeilge a fhoghlaim í a fheabhsú agus a labhairt ar bhonn cothromais agus é taitneamhach agus sóisialta, chomh maith.

Foclóir

  • suaitheantas       badge/logo
  • coincheap          concept
  • ardnósachas      snobbery
  • éilíteachas          elitism
  • feabhsaithe        improved
  • reachtaíocht       legislation
  • stádas oifigiúil    official status
  • gníomhairí          activists
  • cothromas         equality
  • taitneamhach      enjoyable

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland