Top Issue 1-2024

8 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Leag Cnoc 16!

Tá náire orm a rá go raibh mé ar Chnoc 16 le déanaí, agus cuid de lucht tacaíochta Átha Cliath ag tabhairt íde seicteach d’imreoirí Thír Eoghain.

Caithfear deireadh a chur leis an iompar seo nó Cnoc 16 a leagan agus lucht na gceapairí cloicheán a chur ina n-áit.

Tógadh Cnoc 16 as brablach ó Shráid Uí Chonaill, Sackville Street ag an am, tar éis ionsaí an Uasail Maxwell agus an ‘Helga’ ag Éirí Amach 1916.

Bhí na sluaite ann i 1920 ar ‘Dhomhnach na Fola’ nuair a maraíodh Mícheál Ó hÓgáin, imreoir de chuid Thiobraid Árann, agus dosaen den lucht tacaíochta.

Tá stair ag baint leis an chnoc agus bhí go leor spreagadh uaidh i 1974 nuair a thosaigh athbheochan peile Átha Cliath.

Tá draíocht ag baint leis do mhuintir na cathrach - baistíodh mé in ‘83 nuair a bhuaigh dáréag Dubs in aghaidh na Gaillimhe - bogadh mé ó thaobh go taobh gach am a bhog an chaid go dtí an taobh eile den pháirc agus d’fhág mé leath mo bhríste ar an sconsa ar mo bhealach ar ais.

Tá iníon agam atá tugtha do na Dubs agus bhí craic den scoth againn, anuraidh, nuair a bhuaigh na Dubs in aghaidh Laoise agus Uíbh Fháillí.

Bhí an t-ádh orm, áfach, nár thóg mé í go dtí an chéad chluiche in aghaidh Thír Eoghain.

Bhí go leor ar an cnoc ag glaoch ‘orange b*****ds’ agus ‘Northern b******ds’ ar imreoirí an Tuaiscirt agus eagla ar an chuid eile iad a stopadh.

Is beag cluiche a bhí i dTír Eoghain céad bliain ó shin nuair a bhí na Dubs ag buachaint craobhacha sa pheil agus san iomáint.

In ainneoin an leatrom a rinne an Stát orthu, tháinig Iggy Jones agus a chomrádaithe i réim sna caogaidí agus in ainneoin bagairtí agus ionsaithe ó na dílseoirí agus an Stát, d’fhás Cumann Lúthchleas Gael sna sé chontae go dtí gur ghlac siad greim daingean ar Sam.

Nuair a bhuaigh siad a chéad chraobh i 2003, sheas siad le chéile sa seomra gléasta agus chan siad Amhran na bhFiann.

Is déistineach an rud é go bhfuil ar fhoireann ón Tuaisceart éisteacht le sciolladh teanga mar seo ón lumpenproletariat.

Chas Paschal McConnell thart leath bealaí tríd an chluiche agus an dhá mhéar san aer ag muintir an Chnoic - d’amharc mé ar an talamh ar eagla go bhfeicfeadh sé mo shúile.

I ndiaidh Chraobh Laighean léim beirt lumpenproles orm agus iad as a gcrann cumhachta le drugaí - cheap siad go raibh siad ag ceolchoirm Motorhead.

Bhí go leor lumpenproletariat in aice liom ag ól leo, (agus beár thíos staighre ag CLG!) agus ag caitheamh drugaí, agus páistí timpeall orthu.

Chuir an t-iompar seo iompar lucht tacaíochta Shasana i mBóthar Lansdún sna ciréibeacha  i ‘95 i gcuimhne dom - iad gan chultúr, gan snas, gan féinmheas agus lán le fuath.

Is léir go bhfuil cuid de lucht tacaíochta na Dubs ag deanamh aithrise ar a máistrí thall sa Premiership.

Is mithid do CLG deireadh a chur le seo - tá sé ag tarlú ag cluichí iomána fosta - tá cúl báire an Chláir ag éisteacht le maslaí pearsanta le deich mbliana anuas ó mhionlach de mhuintir Chorcaí &rl agus CLG ag tabhairt cluas bodhair dó.

Bhí mé ag amharc ar gasúir na Carraige Móire ag imirt peile le Cumann CLG sa chathair uair nó dhó roimh an chluiche agus smaoinigh mé orthu, ag éisteacht leis na ‘true Dubs’ le linn an chluiche.

Tá sé thar am do ghnáthmhuintir na cathrach, na ODD’s, athghabháil a fháil ar an Chnoc - caith amach na hamadáin nó leag an áit.

Foclóir

  • Lucht tacaíochta            fans
  • Íde seicteach     sectarian abuse
  • Lucht na gceapairí cloicheán       prawn sandwich brigade
  • Brablach            rubble
  • Caid      football
  • In ainneoin         in spite of
  • Leatrom            discrimination
  • Greim daingean              firm grip
  • ODD     ordinary decent Dubs

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland