Top Issue 1-2024

13 February 1997 Edition

Resize: A A A Print

Roimh éirí na gréine

Scríbhneoir as Conamara is ea Colm Ó Ceallaigh. Tá trí úrscéal foilsithe aige. Seo alt uaidh ag trácht ar leabhar Gerry Adams, Before the Dawn. Tá an leabhar fós ag díol go maith in Eirinn agus thar lear. An tseachtain seo caite bhí sé ag uimhir a ceathair sa liosta ``hardback non-fiction''


``D'fhás an-túdar suas mar bhuachaill óg cosúil linn ar fad in áit bhocht agus i mbochtainis...''

Seo beathafhaisnéis a raibh an domhan ar fad, go háiríthe iad seo atá faoi mhéires ag súil léithí. Le feiceáil innti tá féith agus rian thír-ghrách Tone agus an Phiarsaigh. Ní scathán na Staire í seo...seo í an Stair bheo ar stáitse ár linne.

Dfhás an-túdar suas mar bhuachaill óg cosúil linn ar fad in áit bhocht agus i mbochtainis mar ní raibh aon seans oibre ag a athair i ngeall ar a chreideamh cosúil leis na mílte eile ach níor chuir sin aon ghaimh éagchórach in inntin. Ghlac sé le sin. Ansin ina dhéagóir chonaic sé an tuafás ag brú isteach ina chomharsanacht gan coinne gan údar. Ní cúrsaí creidimh amháin a ba chúis leis an ár ach imní dílsítheóirí go gcaillfidís an lámh in uachtar sa gcos ar bholg a bhí dhá dheanamh aca leis na céadta blian ar na Náisiúnaíthe. Theastuigh uatha an bata mór a choinneál crochta i gcónaí.

Ní raibh aon dochar annseo agus ná labhair air sán sléacht a dheanaidís siúd ach na habraíodh an Caithliceach focal ná ná deanadh sé aon ní le é fhein a chosaint. Chuir seo iontas agus alltach ortha faoi go raibh sé de dhánaíocht i gCaitliceach ar bith é fhéin a chosaint ar an mbullaí. I ndáiríre bhí na dlíthe peannaideacha i bhfeidm i gcónaí agus arm Shasana annsin le féachaint chuige go bomhlíonfaí ordú na coróineach.

Mar dhéagóir rughthas ar an údar agus cuireadh i ngéibheann é. Tugadh bualadh agus brúidiúlacht mí-dhaonna dhó mar ba sain-eólaíthe ar a gceird gramaisc bhrocadh Sheáin Bhuí. Bhí na Black adn Tans síbhialta lena nais seo. Anois a chítear misneach agus fearúltacht an chinnire ag teacht chun cinn. Ina dhiaidh seo a chítear é istigh sa bpolitícht.

Is dócha ag an am seo a chonaic sé uisce faoi thalamh na Sasanach... ag bladaireacht suas le do bhéal agus ag géarú na scine taobh thiar de do dhroim le do phíobhán a ghearradh, leis an Impireacht bhearnach bhriste a choinneál den bhuíochas ar a cosa agus iad sin fhéin ag lúbadh de bharr an bhrocamuis a bhí ag teacht ón taobh istigh.

Luath go maith fuair siad amach go raibh fear tagtha nach glacfadh lena gcuid cacamuis. Feiceann muid teóirící, tuairimí agus fírící fírinneacha praictiúla an údair agus dha leantaí iad dhéanfaidís leas do chuile dhuine.

Dhlúthódh sé an pobal le chéile le deire a chur go deo leis an salachar impiriúil sa gcaoi go bmbeadh cead ag cách a bheatha a shaothrú agus an bóthar a shiúl gan scáth gan faitíos. Nuair atá fear amháin a chonaic na seacht mbáis inan a dhaoine a thabhairt leis go síochánta nar chóir dhúinne ó thauidh agus ó dheas an tacaíocht atá dlite aige a thabhairt dhó agus `sbáint don domhan mór gur Gaeil muid.


Na bac leis na hOscairs



An fíor-gearrliosta foilsithe



Ag ocáid i nGaillimh ag túis na seachtaine seo foilsíodh gearrliosta na mbuaiteoirí do Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1997, agus i mbliana b'iad rogha na bhfilí in Eirinn a chruinnigh i gClub Aras na nGael d'éisteacht cé a bhuafadh Duais Mhór na Filíochta sa Chomórtas. Bean chuthaileach a sheachnódh pobilícht de ghnách ach a bhris a clúdach don oíche áirithe seo a d'ainmnigh na filí a bhéas ar an ghearrliosta, nó b'i Máire Geoghegan Quinn a bhí ina haoí don ocáid.

O bunaíodh Cló Iar-Chonnachta i 1985 tá ós cionn 150 leabhar Gaeilge curtha i gcló acu, ina measc sin cnuasachtaí gearrscéalta, úrscéalta, filíochta agus amhráin, chomh maith le drámaí, leabhair do pháistí, leabhair do dhéagóirí agus tráchtas taighde. Dhá bhliain ó shin cheap siad an comórtas seo a bhunú nó chreid an comhlacht go raibh sé de dhualgas uirthi nuascríobyhnóirí ár linne a thabhairt i láthair an phobail agus, mar chomhlacht Gaeltachta, cúram faoi leith a dhéanamh de scríobhnóirí Gaeltachta freisin.

Agus, i mbliana, beidh ceathar san iomaíocht don duais, beirt as Corcaigh, file Conamara agus duine den diaspóra Eireannach a rugadh i Meirciea Thuaidh. `Siad Colm Breathnach agus Michael Davitt an bheirt Chrocaíoch, agus filí a bhfuil aitheantas bainte amach acu cheanna féin. Duine de na bunaitheoirí Innti is ea é Davitt atá ag obair mar léirhteoir teilifíse i láthair na huaire. Is téarmeolaí é Colm Breathnach, cónaí air i Léim an bhradáin, agus is é atá sa chnuasach An Fear Marbh ná sraith dánta dá athair a cailleadh i 1979.

Rugadh an triú file i Meiricea Thuaidh, Pól Breathnach (cé go bhfuil an chuid is mó dá shaol caite aige in Eirinn, i mBaile Atha Cliaith agus Oileáin Arann). Bhí sé ar na daoine a chur an Comhaontas Glas ar a cosa i dtús na nOchtóidí. Agus níl an Ghaeltacht féin in easnmah i mbliana nó is an Lochán Beag, in Indreabhán Conamara, do Learaí O Finneadha, fear a bhfuil ilionad duasieanna gnóite aige agus duine a áirítear ar an filí is fearr atá ag scríobh sa stil traidisiúnta.

Augs bhí dhá chúis ceiliúrtha ag Mícheál O Conghaile, bunaitheoir Cló Iar-Chonnahcta, nó sheol John O Donoghue An Fear a Phléasc an cnuasachta is déanaí de gearrscéalta le Mícheál.


Dráma ag taisteal



Tá an dráma `An Gaiscíoch Beag', cumtha ag an Scéim Fostaíochta Pobail, script le Daithí O Muirí, bunaithe ar an leabhar le Dara O Conaola dar teideal céanna, a bhí ar chamchuairt i gConamara an mhí seo caite le dul ag taisteal aríst.

Beidh sé dhá léiriú san Ionad Pobail i Rath Cairn ar an 15ú Feabhra agus san Ionad Pobail Pilots Row, Doire ar an 16ú. Is dráma é seo atá dírithe ar an teaghlach mar go bhfuil rud éicínt do chuile aois grúpa ann.

Tá an léiriú déanta le comhoibriú ón gcompántas Briotánach, Ar Vro Bagan, agus le cúnamh airgid ón gComhphobal Eorpach agus Udarás na Gaeltachta.

Beidh táille £3.00 do dhaoine fásta, £2.00 do dhaoine dífhostaithe le cárta agus £1.00 do ghasúir. Beidh ráta speisílata do theallaigh.

Beidh `An Gaiscíoch Beag' a léiriú sna háiteanna seo a leanas:

Dé Sathairn, 15ú Feabhra, 9.00
Dé Domhnaigh, 16ú Feabhra, 8.00

Ionad Pobail Rath Cairn
Pilts Row Community Centre,
Rossville St., Doire.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland