Top Issue 1-2024

18 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Feachtas i gcoinne na Gaeilge

Le Cathal Ó Muruchú

Tá sé le tabhairt faoi deara le déanaí go bhfuil feachtas á dhíriú i gcoinne na Gaeilge ó aontachtaithe ar mhian leo cosc a chur ar aon dul chun cinn maidir le cearta daonna, cearta náisiúnaithe agus cearta lucht labhartha na Gaeilge.  Is léir le linn tríocha bliain streachailte agus cogaidh, nach bhfuil ceacht ar bith foghlamtha ag cuid mhaith den cheannasaíocht aontachtach pholaitiúil agus go bhfuil siad sáite sa chineál céanna biogóideachais is a bhí siad riamh.  I láthair na huaire tá lucht labhartha na Gaeilge i mbun feachtais le hacht teanga Gaeilge a bheith curtha i bhfeidhm sna Sé Chontae, ar aon dul leis an gcineál achta chéanna atá i bhfeidhm sna Sé Chontae is Fiche – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá sé le sonrú sa nuachtán Newsletter feachtas leanúnach le haghaidh dhá mhí anuas i gcoinne cur i bhfeidhm aon chineál achta a thabharfaidh cearta nó aitheantas teanga don Ghaeilge.  Níl aon chúis ionaidh ann ach go bhfuil an DUP i gcroílár an fheachtais seo.  Ní bhaineann an feachtas frith-Ghaelach leis an Newsletter nó leis an DUP amháin, áfach, sa chaoi nach gá ach smaoineamh siar ar chás Mháire Nic an Bhaird.  Múinteoir ab ea í siúd a raibh an oiread de mhisneach aici na Péas ó thuaidh a fhreagairt trí Ghaeilge, a teanga dhúchais, agus dá dheasca sin ghabh agus tharraing siad í os comhair na cúirte.  Is cause célèbre anois an cás áirithe seo toisc an seasamh cróga a ghlac Máire Nic an Bhaird.

Tá ceist eile le plé maidir leis an gcaoi a gcaithfidh na Péas le Gaeilgeoirí amach anseo ach sin scéal eile!  Níl biogóidí frith-Ghaelacha le fáil i measc aontachtaithe ná na bPéas amháin,; tá neart acu sáite i lucht cumhachta an tSaorstáit agus is léir go bhfuil an-damáiste déanta acu sa Roinn Oideachais sa chaoi a gcaitheann siad le múineadh na Gaeilge.  Feictear é seo i gcuid mhaith scoileanna ina dtugtar an oiread sin dímheasa d’fhoghlaim na Gaeilge a eascraíonn ó dhream áirithe i measc daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí.  Tugann sochaí ghinearálta an tSaorstáit dímheas don Ghaeilge, fiú i ngan fhios dóibh é, mar ar an lámh eile, tá formhór mhuintir an stáit chéanna ar son an Ghaeilge a athbheochan.  Ní mór a rá ach go n-eascraíonn an dímheas seo ó lucht cumhachta sa cheannasaíocht pholaitiúil agus sna meáin chumarsáide.  B’fhiú tabhairt faoi deara, áfach, an obair mhaith atá ar siúl ag Éamon Ó Cuív ar cheist na Gaeilge.

Mar sin, ba cheart go mbeadh an t-éileamh ar son Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae i gcroílár an phoblachtánachais agus mar éileamh lárnach ag Sinn Féin.

Ach bí cinnte nuair a thiocfaidh fás agus borradh faoi fheachtas acht Gaeilge a chur i bhfeidhm, is níos treise a eascróidh an feachtas ina coinne ó na haontachtaithe.

 

 

 Foclóir

  • streachailt          struggle
  • biogóidí             bigots
  • lucht labhartha  speaking community
  • feachtas leanúnach         ongoing campaign
  • na Péas             the Police
  • seasamh cróga  brave stance
  • Gaeilgeoirí         Irish speakers
  • dímheas             disrespect
  • ceannasaíocht pholaitiúil             political leadership
  • Acht Gaeilge      Irish Language Act

 

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland