Top Issue 1-2024

11 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Dhá chineál comórtha

LE LABHRAS Ó DONNGHAILE

 

Cuireadh tús leis an bhliain úr le roinnt foilseacháin agus Comóradh in Achadh Lon (Brookeborough) i gcuimhne an ruathair ar an Bheairic i 1957, comóradh i gcuimhne ar Sheán Sabhat agus ar Fheargal Ó hAnnluain. Bhí mé i láthair ann agus fuair mé tógáil croí ó imeachtaí an lae ar fad mar go raibh sé dírithe go hiomlán ar onóir a thabhairt do na laochra a fuair bás ar son a dtíre. Bhí comrádaithe Sheáin Sabhat ó Cholún an Phiarsaigh a bhí in éineacht leis sa ruathar sin i 1957, bhi siadsan i láthair ag an gComóradh in Achadh Lon ar Lá na Bliana Úire. Cuireadh iad in aithne don slua agus cuireadh fáilte mhór rompu. Bhí teaghlaigh agus gaolta Sabhat agus Uí Annluain ann comh maith agus taispeánadh ómós cóir dóíbh féin agus do bhaill Cholún an Phiarsaigh. Tar éis na hocáide cuireadh béile blasta ar fáil do na haíonna speisialta sin i Halla Pobail Dhoire Gannon. Ba mhór an chréidiúint don gcoiste áitiúil mar reachtáil siad an ócáid ar fad le meas agus le hómós.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí mé i láthair ag an gComóradh i Luimneach in onóir do Sheán Sabhat ach ní fhéadfainn a rá go bhfuair mé tógáil croí ann ach a mhalairt. Bhí dhá pharáid éagsúla ann, le slua mór Poblachtánach i ngach paráid ach iad neamhspleách ar a chéile agus gach dream acu ar a mbealach féin in ionad iad a bheith aontaithe le hómós a thaispeáint don laoch áitiúil. Bhí tús áite ag an bpolaitíocht ar an lá sin agus onóir do Shabhat sa dara háit. Is deacair a thuiscint cén fáth nár labhair lucht na n-óráidí Gaeilge ar bith seachas cúpla focal ó Martin McGuinness. Sheas Seán Sabhat go láidir le hathbheochan na Gaeilge agus ní bheadh seisean ró-shásta leis na hóráidí a léirigh dí-mheas ar an Teanga.

 

Ó thoigh sé ród na Saoirse,

Seán Sabhat ár ngile laoch,

Oirníodh in ord mairtír é,

Is i rolla órga Gael.

 

Tráthnóna Lae Chinn Bhliana

Nuair a d’fhulaing creill is créacht

Ar altóir mór na saoirse,

Ag cosaint críche Gael.

An Suíbhneach Meann.

 

Níor cuireadh  fáilte roimh aíonna speisialta agus tugadh neamhaird ar sheanbhaill an IRA as Luimneach a bhí i láthair tríd an slua. A mhalairt ar fad a bhí le feiceáil in Achadh Lon.

Trí leabhar atá feicthe agam agus tá ceann eile nach bhfaca mé, sin Cuimhní Cinn ó Theaghlach Sabhat. An leabhar a foilsiodh i bhFear Manach “The Brookborough Raid” agus an féilire ag dul leis, is foilseacháin iad den chéad scoth idir ábhar agus léiriú.

 “Seán South of Garryowen” a scríobh Des Fogarty, is leabhar stairiúil é le pictiúir, ach daor go leór ag 25 Euro. Sílim gur foilseachán príobháideach é. D’fhoilsigh An Coiste Comórtha i Luimneach “Awakening the Spirit of Freedom” le Des Long mar eagarthóir. Tá ailt ann le Seán Garland agus Pádraigín Uí Mhurchú (Ní Annluain). Ach in easnamh tá ainm nó dhó de na hÓglaigh as Luimneach a ghlac páirt i bhFeachtas na Teorann. Bheadh an leabhar seo níos fearr gan na maslaí do Phoblachtánaigh sa Réamhrá.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland