Top Issue 1-2024

11 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le Seán ó Donaile

Na Píléir

 

Rug mé greim ar an chrann Nollag is chaith mé amach i lár an bhóthair é, ag iarraidh   dul i bhfeidhm  ar Fhionnuala, go dtí gur caitheadh isteach i gcúl an Paddywagon mé, agus iad ag magadh faoi m’fháinne cluaise nua agus mo scairf shíoda bhándearg – chaith mé dhá uair an chloig i gcillín sa stáisiún, mé ag caoineadh agus ag geallúint don sáirsint nach dtarlóidh sé choíche arís – gheall mé dom féin ag an bomaite agus mé faoi chois ag striapacha an stáit  go gcuirfinn aithne ar bhómán nó dhó ar eagla go mbeadh cuidiú de dhíth uaim sa todhchaí.

Chuir mé fios ar na Gardaí i dTír Chonaill agus thug mé cúpla mála leasú talún agus eochar chúldoras an phub dóibh agus bhí mé i gceart.

Tá mé i mo ‘boy racer’ anois agus tá brat Celtic agus rothaí déanta as ‘alloy’ ar mo Ford Capri agus tá mé in ann ‘doughnuts’ a dhéanamh i lár an tsráidbhaile tar éis fiche pionta, cosúil le leath Thír Chonaill, agus na Gardaí ar chúl Tigh Neancaí Phaidí Rua ag ithe ceapairí agus ag díol poitín.

Bhí fuath agam do na píléirí  sna nóchaidí agus iad ag cur isteach orainn, agus mé i m’ainrialaí,  go háirithe na ‘Branchers’. Ach anois agus mé meánaicmeach, méanaosta agus ramhar, táim cosúil leo - imrím galf, ta geansaí lofa buí le triantáin orm, tá mo chluasa ag gobadh amach agus tá aghaidh chorcra agam, agus ag súil le taom croí go luath i ndiaidh phutóg na Nollag.

Bhí eagla i gcónaí orm roimh an R-U-C san éide lofa ghlas agus na scéalta céasta ón Chaisleán riabhach – bhí faitíos an domhain orm go mbeirfeadh siad greim ar mo mhagairlí nó go ndódh siad mé le toitín, ach níor tharla sé.

An t-aon am ar stop na píléirí mé nuair a bhí poblachtánach ón Saorstát ag lorg tromaíochta uathu ionas go mbeadh scéal aige ag dul abhaile.

Chuaigh siad trínár málaí ach stop siad ag na stocaí agus mhol siad dúinn iad a athrú.

Cad a dhéanfaidh na dílseoirí má tá poblachtánaigh ag glacadh seilbh ar fhórsaí an stáit? An mbeidh siad sásta a n-ainmneacha a thabhairt as Gaeilge, teanga nua oifigiúil an stáit?

An mbeidh cead ag Poblachtánaigh iad a choinneail ar thaobh an bhóthair ar feadh dhá uair an chloig nó an cac a bhualadh astu?

An mbeidh cead againn peitreal glas a cheannach i Crois Mhig Lionnáin agus tobac a iompar thar an teorainn?

An mbeidh maróg  na bpoblachtánach rómhór do na léinte nua galánta ag an PSNI agus an mbeidh ‘tóin an tógálaí’ acu?

I bhFear Manach, an mbeidh cead againn freastal ar throid na gcoileach agus dul ar thóir an bhroic?

Níl go leor daoine tiubha i Sinn Féin don PSNI, mar sin ní fheicim áit dóibh.

Cad faoi Saddam bocht agus leath na tíre ag téacsáil an scéil ghrinn chéanna ar Oíche Chinn Bliana.

Cén fáth nár chualamar cad a bhí le rá aige faoi na hairm a fuair sé ó na Poncánaigh agus na Sasanaigh sna hochtóidí, agus é ag troid in agahidh na hIaráine?

Cén fáth a raibh cinsireacht ón tús sa chúírt?

Cén fáth nár cheistigh na meáin chumarsáide é seo?

Tá náire orm a rá gur fear ó iarthar an Chláir a tharraing é as poll éigin in aice Tikrit, a bhaile dhúchais, agus gur scríobh an ‘Clare Champion’ alt faoi, agus é ina laoch.

Bhog a thuismitheoirí go dtí Meiriceá sna seascaidí agus bhí an mac ina bhall de na Marines.

Ma tá tútachán ón Chlár in ann bheith ina Marine sna Stáit Aontaithe n’fheadar an féidir le Poblachtánach  bheith ina phíléir rua?!

 

 

 Foclóir

  • Píléir      polite name for policeman
  • Faoi chois          oppressed
  • Striapacha an stáit          State prostitutes
  • Leasú talún        fertiliser
  • Tromaíocht        harrassment
  • Taom croí          heart attack
  • Maróg  beer belly
  • Tóin an tógálaí  builder’s arse
  • Troid na gcoileach         cockfight

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland