Top Issue 1-2024

14 December 2006 Edition

Resize: A A A Print

Par-Um-Pa-Pum-Pum!

Le Seán Ó Donaile

Na rudaí is fearr faoin Nollaig:

1. Marty Whelan
Ná bac le Spin the Wheel ná Daz, tá gruaig nua ag Marty
agus seaicéád buí agus é ag canadh in óstán Jury’s faoi láthair.
Níl na ticéid ach 85 euro agus faigheann tú prátaí lofa agus hata páipéir saor in aisce.
Tá cead agat titim i do chodladh i ndiaidh cúig bhomaite agus caithfidh gruaig ghorm a bheith ort. Chuala mé go mbeidh Bunny Carr ag eagrú Quicksilver
an oíche chéanna agus is féidir leat ticéid a fháil ó Mhíchéal Mac Donncha.

2. Dinnéar Saor:
Tá rogha agam i mbliana – béile saor ó Simon nó Vincent de Paul – ta sé
i bhfad níos fearr ná an bruscar a fuair mé anuraidh ó mo dheirfiúr chéile.
Beidh na ‘Indians’ agus Wanderly Wagon ag  tabhairt cuairte agus beidh toitíní agus cider saor in aisce.
Ag caint faoi thoitíní saora tá tobac ar leathphraghas ar na I’RP’s ar bhóthar na bhFál!

3. Óráid na Banríona:
Beidh orainn sos a thógáil ó Subuetteo agus dornálaíocht  le m’aintín, i mo theach, nuair a thosaíonn Éilis ag caint. Beidh coróin nua pháipéar ghlas uirthi ó Marks agus Sparks agus léigh mé sa’News of The World  go bhfuil sí ag athrú a fobhriste don ócáid. Beidh sí ag guí do “ár bhfórsaí” san  Iaráic agus sa Tuaisceart agus iad marbh tuirseach ó bheith ag imirt pócar nochta.

4. Sraid Anraoi:
Ní dheachaigh mé in aice na spáslong plaisteach i mBaile Bhlainséir nó in Curleys i mBaile Andarsan i mbliana ar eagla go leagfaí mé le trálaí lán le cannaí. Muna ngoidfear mo sparán ar mo bhealach tá mé ag tabhairt aghaidh ar Shráid Anraoi agus dá euro ar achan rud a thitfidh as a chéile tar éis leathuair a chloig. Má tá ciall agat gheobhaidh tú teilifíseán daite, taobh thiar de na stallaí, ar cheathrú phraghais a d’íocfaí ar dheisceart na cathrach. Bí ar d’airdeall, áfach, do Barney – bíonn sé ar meisce ar Shráid Anraoi agus bíonn sé ag lorg deirce.

5. 1ú Eanair:
Beidh an deabhal rud thart – beidh an fear ramhar imithe go Lanzarote agus an
Drummer Boy ar ais ar an  drabhlás.
Ní bheidh orainn freastal ar Aifreann agus muid leath ar meisce, inár suí in aice le Micí Jimí Phaidí ag glanadh a shrine ar J-cloth .
Beidh Linda Martian ar ais sa chuisneoir in éineacht le Jimmy Tarbruck, Bob Monkhouse agus Ceaucesceau.

6. League Of Ireland:
Ní bheidh sé ar siúl - tá an séasúr thart - Hurá! Ó bheith ag léamh Matt Treacy ar chúl an pháipéir ní raibh sé ríamh ar siúl.

Na rudaí is Measa faoin Nollaig:

1. Teilifís:
Beidh an Pápa ag bladaráil an chéad rud ar maidin faoi bhláth na hóige agus é san Hitler Youth agus maróidh Grant a bhean chéile ar Eastenders ag ám lóin;
Beidh fear sneachta agus eilifint ag eitilt tríd an spéir ag a trí agus fear ag canadh agus greim aige ar a mhagairlí; beidh Twink gléasta mar fhear ar a sé agus beidh an teaghlach ar fad ag caoineadh ag amharc ar ‘The Champ’ san oíche.
Caith an teilifíseán amach an fhuinneog, cuir do sheanathair ina chathaoir rotha agus bíodh cluiche leadóg bhoird agat.

2. Parump-a-pum-pum!
Ná hoscail do dhoras do na sluaite ag marú ‘Rudolf’ agus ‘An Stábla’ ar d’oíche Chiúin. Cuir an ‘Drumadóir’ agus a par-um-pa-pum-pum sa tine agus tabhair cluas bodhair do Bing Crosby, ní bheidh Nollaig Bhán againn choíche. Tá Boney M. róshean agus George Michael ag crochadh thart na leithris. S’é amhrán Shane agus Kirsty an t-aon amhrán an t-am seo den bhliain.

3. Cuairteoirí:
Agus tú díreach ag caint le Paris agus Pamela ar an idirlíon, tagann na cuairteoirí.
Bíonn ort seasamh thart le geansaí dearg ag canadh Oíche Chiúin, le d’uileann ar an mhatal agus gloine i do lámh, agus na páistí ina suí ag an phianó agus Uncail
Séamas ag glacadh cócaon sa leithreas .
Ar a laghad ní bheidh ort labhairt leo ar feadh bliana eile ina dhiaidh seo.
 N’fheadar cad é atá níos measa, na drugaí nó na cuairteoirí.

4. Liosta fada:
Níl mórán spáis fágtha, mar sin, tabharfaidh mé liosta daoibh de na rudaí is measa
Man United, pléascóg Nollag, Brown Thomas, seacláid, cártaí creidmheasa,
na reiceanna, Cóisir na Nollag, an panto, Auld Lang Sye, ag éisteacht le lucht leanúna Celtic, níl aon iomáint ar siúl, polaiteoirí, reiligiún, colceathracha, Abbaesque, turcaí, an tUachtarán Bush, lucht leanúna Man United, maisiúcháin, Shamrock Rovers . . . Nollaig Shona a léitheoirí!


Foclóir
Saor in aisce...free,
coróin...crown
freastal...attend,
Cuisneoir      fridge,
bláth na hóige...in the flower of youth
lucht leanúna...Supporters
matal...mantelpiece



An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland