Top Issue 1-2024

23 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Páistí an Phápa

le Seán ó Donaile

Sa bhaile nuair a bhí mé óg chuala mé faoin chathair mhór; go raibh sí lán le bruscar agus an iomarca Jackeens.

Ach gheall mé dom féin dul go dtí an deatach mór; fuair mé mo flask a' tae agus póg ó mo Mhámaí.

Bhí sé ag stealladh báistí mar is gnáth agus na BMW's ag caitheamh uisce ar mo chulaith nua agus mo hata tuí agus mé ar mo bhealach chuig an chathair; mé stiúgtha le tart is le hocras sa tranglam ar bhealach a seacht, ag timpeallán sin na Ba Mire, é fiáin i ngach treo, mura nglacann tú seans agus éalú bheifeá dul timpeall go deo.

Bhí orm éisteacht le fear mór ramhar sa tacsaí ag bladaráil leis -- "Méan Fómhair chuile baliain agus ár gcathair dheas faoi ionsaí ag scata culchies fiáine; tá áit againn don bhodhrán, ceol traidisiúnta, diddlí dí -- I measc giob geab na moncaithe istigh i lár an tSú."

Léim mé as; bhí siopa Ann Summers druidte, Todds agus Hector Grey's imithe le 20 bliain.

Chonaic mé 'páistí an Phápa' agus iad ag rith thart lena gcártaí creidmheasa agus a teiripí ag ceannach tithe sa Tuirc agus geansaí bándearg i gcóir an Ryder Cup.

Mhínigh mé dóibh go raibh péint ag triomú ar bhalla sa bhaile agus é i bhfad níos suimiúla ná galf ach níor éist siad.

Ní raibh mórán le ceannach ar Shráid Grafton ach fón póca, Big Macs agus carbhait síoda ar dhá chéad Euro in Brown Thomas agus d'fhill mé ar thuaisceart na cathrach go dtí gur goideadh mo sparan. Ní raibh aon dul as ach aghaidh a thabhairt ar Pháirc an Chrócaigh.

Meán Fómhair nócha a cúig bhí draíocht san aer, Lachnan agus foireann an Banner ag iomáint go haclaí ar an fhéar; bhuamar Corn Mhic Carthaigh agus scaoileamar asainn an gháir, bhain rabhartha fíochmhar macalla as ailltreacha chósta an Chláir.

Chaith mé ocht euro ar 'mhadra te' le citseap agus hata páipéir leis an dath ag rith síos mo ghruaig ach go bhfóire Dia orainn bhí siad i ndiadh a anam a dhíol i gcóir an airgid agus an slua ag canadh 'God Save the Queen', na pansaithe ag damhsa timpeall an fhéir naofa le liathróid rugbaí agus a rá 'jolly good show'.

Thóg me amach mo phaidrín agus dúirt mé mo phaidreacha agus smaoinigh mé ar Mhícheál Cíosóg agus cad a déarfadh an tArd-Easpag Mac Uaid agus na leads dá mbeadh siad beo.

Thug mé cuairt ar an Parnell Mooney, an t-aon dioscó sa chathair atá saor ach bhí ort do scian a bheith leat; scóráil mé báire le Jacinta agus a 'ronnie' agus shiúlamar thar an fliúsaí sa jacúsaí agus an GPO agus é lán le gealta ag scaipeadh bileog in aghaidh an ginmhillte agus dream eile ag díol 'Workers Hammer'.

Bhí dream Poblachtach ag gearán faoin Mhícheál Mac Dubhghaill bocht agus é ag ruaigeadh na dteifeach agus iad leis na pramaí agus carranna saora ag goideadh ár bpost. Bhí faitíos orm roimh na 'hoodies' ag crochadh thart ar McDonalds agus mhínigh mé dóibh go raibh Míchéal Ó Nuanáin ag iarraidh bac a chuir orthu agus go mbeadh siad níos fearr as ag obair le Fine Gael i gcampa géibhinn ar son a bpeacaí.

Níor thuig siad focail agus lean siad orthu leis an tsiopadóireacht Nollag.

Bhí cuma thuirseach ar na bomáin ag scátáil timpeall Bharra an Teampaill ar a gcláir scátála agus d'fhiafraigh mé díobh "da gcluinfidís ceol Cill Fhionnúrach bheidís chomh sona le rí; cleamhnas le seit Lios Dún Bhearna le feirmeoir a thógfadh do chroí; nár chuma dóibh seanduine dóite 's é ina chonaí i mbothán ceann tuí agus é ag seinm an fhidil agus ag damhsa libh timpeall an tí."

Ar aghaidh liom go dtí an Garda club fá choinne damhsa 's champagne - bhí sé lán le bomáin ramhra agus iad ag gearán faoi na Dubs agus ag ól fiche pionta agus ag ithe ceibeab.

Is ansin gan pingin rua chuaigh mé a chodladh i mBusárus.

Ó tá athrú mór ar an chathair mhór ó bhí mé ann i '95.

Foclóir

Tranglam...traffic jam

Timpeallán...roundabout

Cárta creidmheasa...credit card

Ailltreacha...cliffs

Teifigh...refugees

Campa géibhinn...concentration camp

Bothán...cottage

Fá choinne...for


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland