Top Issue 1-2024

16 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Bean Sráide

Ní raibh leid aige an chéad uair a chuala sé an máistir ag luadh "bean sráide" agus an psycho ag caitheamh anuas ar na déagóirí agus   "iad ag rith thart le sciortaí gearr cosúil le mná sráide Dúngarbhán".

'S ní raibh leid aige go mbeidh a shaol chomh íseal sin go dtabharfaidh sé cuairt ar drúthlann - trasna ón Mont Clare a bhí sé ar Chearnóg Mhuirfean.

Chuala sé go leor caint fúthú agus é sa mhéanscoil agus bhí déistean ar an pharóiste nuair a tháinig an scéal amach go raibh an bainisteoir ar an foireann iomána tugtha do na stríopaigh ar céanna Luimnigh.

Bhí go leor caint faoi na mná andúchasach a bhí le fáil ar chaoga punt I mBlá Cliath agus gheall sé dó féin go mbeadh rómansaíocht aige le bean galánta cosúil le Purdy nó duine de 'Charlie's Angels'.

Fuair sé an uimhir ar an idirlíon agus bhí guth an chairdiúil ag an bean ar an fón - "dhá chead euro a fhear uasail agus tá do rogha mná agat...béimíd ag súil leat ag a h-ocht.."

Thit sé i ngrá faoi dhó nó trí go dtí gur shocraigh sé thíos le bean agus beirt pháiste agus é ag caitheamh anuas ar na boic a chuir airgead amú ar mná bocht a bhí tugtha do na drugaí, go dtí gur thit na rothaí den charráiste óir agus é fagtha ina aonair in árasán beag bídeach agus a phá caite ar a chlann agus é ag fliuchiú an pilliúr le deoraí gach oíche.

Bhí uaigneas an domhain air agus é ag casadh ar dheis síos an lána agus a chroí ina bhéal.

Bhí faitíos air go mbuailfaidh sé le cara nó an sagart pharóiste agus é ag brú an cnap ar uimhir 36. Tháinig bean meán aosta go dtí an doras, toitín ag titim óna béal agus í millte le púdar. N'fheadar cé mhéad fir caillte a luí fúithi i rith a saol.

"Tar isteach agus bí ar do shuaimhneas a fhear uasail , tá do rogha agat anocht

bean ón Rúis le gruaig fionn, bean ramhar ón Aifric nó Nóra ó Cill Fionnora agus slat draíochta aici....dhá chead euro I gcomhair uair a chloig agus glacaimíd le visa".

Is cuimhin leis bualadh le mná sráide I  mBrasíl agus iad ag luí leis na Poncánnaigh agus Gearmánnaigh gránna - nuair a mhínigh sé dóibh nach raibh suim aige, bhí duine díbh a bhí ina mhúinteoir ag ceistiú é faoi na Ceiltigh agus Newgrange agus ag míniú dó go raibh seisear pháiste aici agus nach raibh rogha aici. Bhí trua aige di agus faoiseamh air nach raibh aon dúil aige codladh léi.

Bhí an dara doras ar dheis oscailte - solas dearg agus cuirtíní corcra sa sheomra, teasóir briste, lúthradán lán agus leaba lom gránna; bhí sé ar tí a intinn a athrú agus éalú go dtí gur shiúl bean dáthúil isteach le fothbhríste síoda gorm  agus veist glas uirthi agus í neirbhíseach - mhínigh sí gur tháinig sí ón Rúis chun airgead a shaothrú ar feadh tréimhse gearr agus teach a thógáil sa bhaile - ní dhearna sé breithiúnas orthu riamh ach ag an bomaite sin bhí dí-mheas aige ar an sochai agus na fir a chuir mná sa chás seo.

Bhain sé a eadaí de agus léim sé go tapaidh faoi na bráilín ionas nach fheicfidh an stríopaigh a bholg mhór ag gobadh amach.

Smaonaigh sé  faoin tiomanaí tacsaí a d'inis dó faoin am a chuir sé caoga punt ar strae I 'Hotel Love House' sa Bhruiséil agus shiúl máthair an bhean isteach agus iad sa leaba, ag ceistiú í cad a bhí ag teastail uaithi don dinnéar!

Chaith an stríopaigh a eadaí di agus thosaigh sí ag cuimilt a dhroim gruaigeach.

Is Cuma cé chomh deacair a rinne sé iarracht , ní raibh sé in ann pleasúr a bhaint as agus a cheann idir a cosa agus an bean bocht ag ligint uirthi an rud ceánna gus í ag déanamh sráthfheachaint ar an clog.

Smaoinaigh sé ar a pháistí agus cé chomh bróidiúil a bhí siad as a Daid agus cad a deirfidh an iarbhean chéile a bhris a chroí.

Nuair a thóg sí amach an coiscéim thit a chroí; ní raibh sé in ann leanúint leis an bréag agus smaoinaigh sé ar an manach I mBangkok  a d'inis dó nach raibh aon gá l'ábharachas ina saol.

Thug sé leithscéal amaideach don bhean sráide ach bhí fhios aige gur thuig sí cad a bhí I gceist - rith sé síos an halla thar an fear mór ramhar le seaiceád dubh air; chaith sé dhá chéad euro ar an cuntar agus rith sé amach an doras.

Las sé toitín sa lána agus chaith sé suas ar an spota.

Focloir

Leid...clue

Stríopach/ bean sráide...prostitute

Drúthlann...brothel

Tughta do...addicted

Idirlíon...internet

Árasán... flat

Ar do shuaimhneas...relaxed

Coiscéi...condom

Sochaí...society

Andúchasach...exotic

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland