Top Issue 1-2024

9 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le Seán ó Donaile

Seachain an Nollaig

Tá brón orm anois gur shiúl mé isteach go dtí an chipper uair a chloig ó shin.

Tá an bealadh ceangailte le mo mhéara agus ag titim ó mo ghruaig tar éis mála sceallóg agus burgair lofa. Bhí an áit plódaithe le fir ramhra ag filleadh ó chluiche peile agus iad lán le piontaí agus ag iarraidh bheith greannmhar leis an déagóir Iodálach taobh thiar den chuntar ag cur lagú ar na barra seacláide Mars.

Bhí dealbh de pháiste Phráig ar bharr an chuisneora agus pictiúr de Padre Pio agus an lead a fuair an buille ó Zidane agus a ghoid an Corn Domhanda uaidh.

Sin deireadh leis an drabhlás agus an bruscar - chonaic mé fear galánta le t-léine dhubh ag canadh ar an teilifís aréir agus é matánchuibhrithe. Tá mé ag iarraidh bheith cosúil leis i gcóir mo chuairte ar theach Aintín Nóirín Lá Nollag agus mo hata páipeir glas orm.

Níl mé ag súil leis an Nollaig - níl mé ag súil leis an uaigneas agus leis an mhí-chompordachas a bhainneann le daoine colscartha. Tá mé dul a phósadh spéirmhná roimh dheireadh na míosa, geansaí buí le crann Nollag air agus pianó bán a cheannach, agus beidh mé ag canadh amach trí mo thóin Oíche Nollag le mo cholceathracha thart orm agus mé ag ól brandaí cois tine.

Nó b'fhéidir go bhfaighinn dinnéar saor ó bhrú Vincent de Paul agus 2 lítear cider cois canálach le Shane McGowan.

Rinne mé mo seacht ndícheall na siopaí a sheachaint ag an deireadh seachtaine ach fós bhí na sluaite ag rith thart le luas agus iad ag titim le málaí bruscair ó Brown Thomas.

Rinne mé conradh le mo theaghlach gan bronntannais a cheannach dá chéile, mar sin ní bheidh ach scuab fiacla agus An Phoblacht ina luí faoi mo chrann plaisteach maidin Nollag agus mé ag amharc ar Urbi et Orbi agus 'Wanderly Wagon'.

Ní rachaidh mé ar Aifreann Oíche Nollag agus an séipéal lán le meisceoirí ag glanadh a sróine ar j-cloth agus ag déanamh broma.

Ní osclóidh mé an doras do dhream ar bith ag canadh carúl - beidh mo Doberman réidh ag an doras agus íosfaidh sé plaic bheag nó dhó.

Ní chuirfidh mé fiche euro amú ag Clerys ag fanacht i scuaine ar feadh dhá uair an chloig chun mála plaisteach a bhailiú ó fhear ramhar le féasóg agus gruaigairí gléasta mar shíogaí.

Ní rachaidh mé go dtí cóisir An Phoblact in Óstán na Ba Deirge chun éisteacht le hamadáin ag canadh amhráin Abba agus brúite isteach le míle bomán eile ag ithe turcaí agus ag ól ar son na hÉireann.

Ní chuirfidh mé fáilte roimh bhanna ceoil na Gardaí agus iad ag lorg dea-phoiblíochta i ndiaidh Abbeylara agus Bhinse fiosraithe Morris.

Ní chuirfidh mé pingin amú le Paddy Powers ag súil le sneachta ná bua Celtic ar Rangers Lá le Stiofáin.

Beidh mé sa leithreas ar an 31ú in ionad pógadh mná le croiméal agus ag canadh amhrán raiméiseach.

Ní bheidh mé ag éirí as aon rud don bhliain úr agus beidh mé ag súil leis an Chraobh Domhanda Darts ar an 3ú Eanáir agus an tír ar fad faoi dhuibheagán agus iad ag rá: "nár imigh an Nollaig go tapaidh agus conas a bhí do phutóg?"

Beidh mé ag súil le siulóid ar na sléibhte, oráid na Banríona agus teacht na dTrí Rí.

Beidh mé ar thóir na mban thar caoga agus iad ar dheireadh seachtaine na gCearc ó Shasana. Tá aithne agam ar Ghigoló le carbhat bándearg ó Phort Láirge agus mhol sé dom freastal ar an Parnell Mooney!

Seachain an Nollaig.

Focloir

Bealadh...grease

Déagóir...teenager

Lagú...batter

Matánchruibrithe...musclebound

Colceathar...cousin

Mhol...to advise

Duibheagán...depressed

Plaic...a bite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland