Top Issue 1-2024

2 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Athbhliain Úr na gCeilteach

LE
CATHAL Ó MURCHÚ

Féile seanbhunaithe thar a bheith ársa ar fad is ea Oíche Shamhna. Ní fios cé chomh fada a rinne na Ceiltigh comóradh ar Fhéile Shamhna ach is cosúil go síníonn sí siar na cianta, trí mhílaois ar a laghad, chomh ársa is a bhí pobal Ceilteach riamh ann. Síolraíonn cuid mhaith de mhuintir na hÉireann ó na Ceiltigh agus eascraíonn cultúr na nGael go mór ón dream céanna. Trí mhíle bliain ó shin mhair na Ceiltigh i gcroílár na hEorpa timpeall na hAlpa ón mBóihéim go Oirthear na Fraince, ó Abhainn an Phó go bruach Mhaigh Thuaidh na hEorpa. Ina ndiaidh sin scaip siad amach gach treo go gach carn na mór-roinne - ó Árainn go dtí an Áise Bheag (an Tuirc inniu).

Mheas na Ceiltigh gur thosaigh an athbhliain ag tús an Gheimhridh. Le bheith baileach, chríochnaigh an bhliain acu ag luí na gréine an lá deireanach san Fhómhar agus thosaigh sí arís ag éirí na gréine an maidin dar gcion, an chéad lá sa Gheimhreadh. Le linn an tréimhse idir luí agus éirí na gréine, measadh nár bhain sé le bliain ar bith, ach le tréimhse inár tháinig domhan na marbh agus domhan na mbeo le chéile. Is ón creideamh sin a lastaí na tinte cnámha na cianta siar, agus a lastar fós, sa chaoi go raibh faitíos ag na marbh, na púcaí agus na taibhsí roimh solas nó tine. Chreid na daoine go raibh sé rí-thábhachtach na marbh a choimeád i bhfad uathu agus iad ag tabhairt faoin bhféasta mór.

Cé go raibh ré na gCeilteach i bhfad thart faoi céad bliain ó shin, rinneadh comóradh ar an bhféile ba thábhachtaí acu siúd in Éirinn, in Albain, sa Bhreatainn Bheag, Corn na Breataine, Oileán Mhanann agus an Bhriotáin - na tíortha Ceilteacha ar ndóigh. Ach rinneadh comóradh chomh maith i dTuaisceart agus Iarthar Shasana, i gcuid mhaith de mhór-roinn na hEorpa agus i Meiriceá. Is dócha gurb iad na Meiriceánaigh is mó cúis go maireann an fhéile seo inniu, cé go mbaineann an iomarca tráchtálachais leis anois.

Tá sé in am ag an tír seo comóradh oifigiúil a dhéanamh as Fhéile Shamhna sa chaoi céanna a dhéanann na Sínigh, na hIndigh, na Muslamaigh, na Giúdaigh ar a n-athbhliain féin. Ní gá ar ndóigh glacadh leis an gcreideamh oifigiúil a mhaígh draoithe na gCeilteach agus iad ag cur na fir thuí trí thine! Ach ba mhaith an rud é súil a chaitheamh siar chun cuimhniú carbh as a eaacraíonn muid. Ní gá go mbeadh gach Éireannach síolraithe ó na Ceiltigh ach tá sé ceart athbhunú a dhéanamh ar na gnéithe cultúrtha a bhaineann linn mar phobal. Is cosúil go bhfuil an tír seo níos anglaithe ná mar a bhí sí riamh agus muid go mór faoi thionchar chultúr na nAngla-Meiriceánach - leis an teanga a labhraimid, na clár teilifíse agus scannáin a fhéachaimid agus an meon domhanda a ghlacaimid. Ach ní aon dochar dúinn glacadh ar ais leis an bhféile seo againne ó na Poncánaigh, mar sin, bíodh athbhliain Cheilteach faoi mhaise agaibh.

Focloir

ársa...ancient

mhílaois...millienium

Bóihéim...Bohemia

Áise Bheag...Asia Minor

domhan na marbh...world of the dead (otherworld)

tinte cnámha...bonefires

tráchtálachas...commercialism

fir thuí...wickermen

cultúr na nAngla-Meiriceánach...Anglo-American culture

Poncánaigh...Yanks


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland