Top Issue 1-2024

2 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

TUATAÍ 'S TEIFIGH

Cad a dhéanfaimíd feasta gan teifigh?

Tá MacDubhghail ag cur deireadh leo's ní bheidh éinne ann chun ár dtithe a ghlanadh agus ár n-éadaí a n-iarnáil;

Is Cuma má tá na mílte ag fáil báis i gcogadh go háirithe i lár na h-Aifrice i dtíortha nach bhfuil fiú ar an léarsceál - Malawi, Namibia agus a leithéid.

Cuirfimíd cúpla boic ón UN le potana nduain ar a gcloiginn chun amharc ar an mairfeach óna gloiní fadradharca agus tógfaimíd dosaen nó dhó teifigh chun faoiseamh a thabhairt d'ar gcoinsias.

Déanfaidh Charlie Mac Éin tuairaisc ó bharr óstán eigin in Mandangaballi le deatach taobh thiar de agus rithfidh GOAL trasna le cúpla ríomhairí agus málaí ponairí.

Ach is cuma linn faoin Aifric I ndairíre - baineadh geit asainn in '84 leis an tuairaisc ón Aetóip agus chruinnigh Sir Bob cúpla mhilliúin leis na ladyboys agus 'Aha' ach taréis fiche bhliain ag amharc ar athann saghas foréigin, gnéas agus mairfeach ar ár scáthláin táimíd díonta ar.

Anois taimíd ag cur bac ar mhuintir an Rómain ar eagla go dtiocfadh an iomarca daoibh agus beidh orainn caint leo agus níos meas pá ceart a thabhairt dóibh.

Bhí sean fhear ag rá liom agus é ar a thóin sa teach tabhairne: "Faigheann siad ár bpostanna agus níos mó 'dole' ná muid féin agus fágann siad a bpramaí ag an lathair bhus mar tá fhios acu go bhfaigheadh siad ceann nua ó Bertie Ohern agus tá siad ag tiomáint carranna anois. Tá siad níos measa na na tuataí.

"Bí i do thost a shean Jeaicín" a dúirt mé leis "agus fuist do theanga géar".

Ag caint faoi na tuathaigh bhí me sa bhaile ag an deireadh seachtaine agus bhí orm alt a scríobh faoi "Mo Cheantar" - seo cuid de-

"Tá a lán daoine as a meabhair I mo cheantar - deirtear gur itheann muintir an Chláir a bpaistí gan salann ach ní tharlaíonn sin ach in oirthear an chondae.

Thall ansin tá a lán daoine ina gconaí sna crainn agus seineann siad an ban-seosamh. Tá fear amháin ina chonaí ar 'ranch' agus tá sé ina bhuachaill bhó agus tá mhuintir MhicMhathúna ag tiomáint timpeall ag 160 míle san uair agus iad lán le deoch agus ispíní brúite .

Má tá tú cairdiúil le Fianna Fáil gheobhaidh tú cosán lasmuigh de do theach nó job san aerfort.

Tá a lán scandal I mo cheantar - tá Mici Paddy Jimmy wild bad ar an deoch agus d'fhág se a bhean chéile I gcomhair 'wan' eile.

Bhí Mary Duffy ag pógadh bean eile ag Dioscó na mBó agus leath an pharóiste ag caint faoi. Tá sé 'a wild carry on'.

Is feidir leat poitín a fháil i mo cheantar má tá aithne agat ar na daoine ceart agus is féidir leat diasal glas a fháil ó Speedy MacConnmara.

Tá an sagart pharóiste tughta don crack cocaine agus ag marcaíocht leath an pharóiste ach obair Dé atá ar siúl aige.

Fuair Wooly Ó Nualain asal nua agus itheann sé putóg as a phóca ar a bhealach abhaile ón teach tabhairne agus é a ga canadh Four Green Fields agus ag déanamh a mún tríd bhosca phoist Bernie Ní Fhloinn agus í ag glanadh an altóir athann madin.

Tá a lán Tioc's i mo cheantar agus iad dí-fhostaithe anois - tá cuid daoibh ag déanamh Yoga.

Sin an scannal ach má ta níos mó ag teastáil cuir glaoch ar Seán MacBrádaigh nó Bidí Earlaí.

N'fheadar cé tá níos measa - na tuataí nó na teifigh?

Focloir

Tuataí/tuathaigh...culchie

teifigh...refugee

potana nduáin...potty

Mairfeach...slaughter

gloiní fadradharca...binoculars

consias...conscience

scathlain...screens

díonta ar...immune to

ag marcaíocht...galloping


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland