Top Issue 1-2024

5 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cogadh teanga

LE 
GAEL MISE

Anseo agus thall san Eoraip tá cogadh ar siúl, cogadh idir phobal na Gaeilge, atá ag obair ar son Athréimniú na Gaeilge agus iadsiúd atá ag plotaireacht i gcoinne stádas ár dteanga.

I dTamhlacht an tseachtain seo caite chuir údaráis Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta deireadh le rannóg Ghaeilge an choláiste. Cuireadh léachtóir Ghaeilge, a bhí ag feidhmiú chomh maith mar Oifigeach Gaeilge le seacht mbliana as a bpost. Bhí agóid eagraithe ag USI, Na Gaeil Óga agus ceardchumainn an léachtóir i gcoinne an chinneadh damanta seo.

In Ollscoil Choláiste Bhaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin cuireadh deireadh le céim sa sean-Ghaeilge. In ainneoin seo, an cinneadh bheith glactha deireadh a chur leis an chéim, lean an choláiste ag fógrú agus ag clárú micléinn don chéim. Chláraigh macléinn áirithe leis an chúrsa agus d'íoc an táille. Tá sé anois i mbun cás cúirte a throid chun cinneadh an choláiste sin a thiontú ar a gcloigeann. Go n-éirí leis!

San Eoraip, tá státseirbhísí an Aontas Eorpaigh i mbun "cath fíochmhar" chun stádas na Gaeilge a laghdú de réir nuachtán laethúil phobail na Gaeilge agus níos measa fós, ní léir go bhfuil an Rialtas na hÉireann nó státseirbhísí na tíre seo ag cur i gcoinne an seasamh seo.

Ach ní chóir dúinn bheith lagmhisneach nó tá go leor buanna bainte againn agus go leor atá faoi bhráid ag pobal na Gaeilge. In ainneoin an thuasluaite, tá an argóint le haghaidh stádas buaite againn, tá stádas buaite (ach brú a choinneáil ar an rialtas chun cinntiú go gcuirtear i gcrích é.

In ainneoin seasamh scannalach I.T. Thamhlachta tá dul chun cinn iontach déanta ag Oifig na Gaeilge, I.T. B.Á.C. i spreagadh úsáid na teanga. Le margaíocht nuálaíoch chliste, mar shampla, suaitheantais "Úsáideann mise mo theanga", in áit an fáinne sean-fhaiseanta. Eagraíonn siad imeachtaí shóisialta den chéad ghrád, mar shampla GLEO dioscó Gaeilge (le ceoil idirnáisiúnta), Céilí Mór i Sráid Vicar le Joe Rooney, agus Cogadh Uisce fud fad na cathrach (B.Á.C.). Tá ag iarraidh go hiontach leo íomhá nua-aimseartha a chur ar an nGaeilge.

Tá bua mhór bainte amach ag pobal na Gaeilge le maoiniú meán-tréimhseach tugtha don nuachtán laethúil, LÁ. Tugann muid lán-tacaíocht don fhiontar nuálaíoch seo atá ag forbairt na meáin Gaeilge go ginearálta le blagadóireacht, naisc le pod-chraoltóirí agus suíomh idirlíon nua.

Ach tá go leor dúshláin fós romhainn, tá fadhbanna mhóra in eagraíochtaí áirithe Ghaeilge i leith maoiniú chun forbairt go fadtéarmach. Tá easpa ceannaireacht ar bhonn uile-Éireannach agus tá eagla ar na heagrais focal chriticiúil a rá i gcoinne modh oibre an Fhorais ar eagla go ngearrfar siar ar a maoiniú. Tá easpa comhoibriú straitéiseach ar bhonn uile-Éireannach.

Is suíomh streachailt í ár bhféiniúlacht agus leis sin ár dteanga nó níl slí níos éifeachtaigh chun léiriú go dtuigeann muid cé muid féin agus stair na tíre seo. Léiríonn sé chomh maith go bhfuil fís againn Athréimniú na teanga, agus athréimniú na tíre nó i Sinn Féin speak, "where we are and where we're going!"

Beir bua!

Focloir

Athréimniú...Reconquest

Plotaireacht...plotting

Feidhmiú...functioning

Cinneadh...a thiontú ar a gcloigeann...To overturn a decision

Lagmhisneach...Lose heart

Nualaíoch...Innovative

Suaitheantais...badges

Cogadh Uisce...Water fight

Féiniúlacht...Identity

Suíomh streachailt...Site of struggle


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland