Top Issue 1-2024

5 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Cosc!

le Seán ó Donaile

Tá súil agam go ndearna duine éigin gearán faoi m'alt is deireannaí ag tacú le Bertie - Poblachtánnach ag rith leis na bodaí móra agus b'fhéidir ag súil le mo chlúdach donn féin.

Muna bhfuil litir gearáin faighte agam is léir nach bhfuil ach beirt nó triúrollaimh ag léamh é.

Níl rud níos measa do scíbhneoir gan aon frithghníomhú a fháil.

Ar léigh tú riamh an 'Irishman's Diary' ó bhog Kevin Myers go dtí an Indo'?

Tá gach dara scríbhneoir ag iarraidh bheith conspóideach ionas go mbeidh dúil ag an phobail sna h-altanna.

Nó níos fearr arís má tá cosc ar d'alt nó do leabhar beidh scuaine leitheoirí ag ceannach do leabhar ar chúl an tsiopa.

Mar a dúirt an fear deisbhéalach níl aon maitheas I do leabhar muna bhfuil cosc air.

Tá dearmad déanta againn go raibh cosc ar gach dara leabhar in Éirinn glún ó shin - bhí cosc ar leabhar Behan Borstal Boy de dheasca an meid eascainí a bhí ann; bhí cosc ar Joyce agus Casey agus bhí tine cnámh ag an Easpag le leabhair Brinsley McNamara agus Edna Ó' Brien.

Bíonn níos saoirse ag scríobh as Gaeilge mar nach thuigeann na cinnsirí saibhreas na teanga, ach léigh siad leabhar 'gáirsiúil' Brian Merriman agus chuir siad é sa tine.

Bhí luach ard ar Playboy sa mhéanscoil (ní raibh againn sa Chlár ach na gabhair agus na sean-nudies ag imirt leadóige san iris 'H&E' ) go dtí gur ligeadh dó foilsiú agus bhí an díoma ar leath na tíre leis.

Tá clú agus cáil ar Salman Rushdie ó chur an Ayatollah 'fatwah' air agus phós sé bean leath a haois ina dhiaidh.

Ní raibh dúil ag éinne in Mein Kampf go dtí gur cuireadh bac air agus tá droch cháil ar an chás cúirte in aghaidh leabhar DH Lawrence Sons and Lovers.

Ní raibh tablóids ar bith sa tír seo go dtí gur thainig an Sunday World ar an tsaoil - sciob na fir glas na tablóids Sasanach ón phoist sna caogaidí agus an ceart acu!

Ní raibh gneas ar bith sa tír go dtí gur tháinig an teilifís ar an saol agus ní raibh homo-gnéisigh (ach amhain Beany agus Barney) le feiceáil go dtí na sobalchláir.

Chun méid mo léitheoirí a fheabhsú tá mé ag tosnú altanna faoi mo laethanta 'lust' leis an Aondochtóir ar chúl an Halla Buí agus na drugaí a ghlac mé chun m'áit a fhail ar fhoireann an Chláir.

Tá mé ag tabhairt tacaíocht san olltoghchán do na PD's agus an sár-iarracht atá ar siúl acu chun fáil réidh le cáin agus cúpla príosúin breise a oscailt do na 'hoodies' a bhíonn ag crochadh thart an 'Ilac'.

Tá sé in ám don lucht taistil deireadh a chur leis na pieballs agus na Hiaces agus socrú síos agus tá sé in ám do na feiminí éirí as an bladar agus iad féin a bhearradh.

Ba chóir deireadh a chur le saoire máithreachas agus muintir an Phólainn a chur abhaile, deireadh a chur le Sinn Féin agus dul arais go dtí an cogadh!

.....an bhfuil aon duine fós ag léamh?!

Focloir

Cosc...to ban something

Conspóideach...controversial

Frithghníomhnú...reaction

Ag tacú...supporting

Eascainí...curses

Gairsiúil...bawdy

Sobalchláir...soap operas

Olltoghcháin...general election

H agus E...popular naturist magazine based

on real life characters in Laois


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland