Top Issue 1-2024

28 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint, le Seán ó Donaile

Bertie

Bertie

Tabhair Sos Do Bertie

Tá mé ag athrú mo chreidimh go dtí Moslamachas - ní maith liom an Pápa agus muna maireann mo chéad phósadh eile beidh triúr ban céile fágtha agam.

B'fhéidir gur chóir don Taoiseach bocht an rud céanna a dhéanamh agus é faoi bhrú ó na tóinsigh sna meáin cumarsáide.

Ní thuigim cén fáth a bhfuil an tír chomh tógtha le saol pearsanta Bertie.

Bhí an t-ádh caidreamh nua a bheith aige le Celia Larkin go dtí gur chuir na meáin a ladar isteach agus daoine ag ceistiú a stádais, in ionad beannacht a chur orthu.

Is rud difriúil ar fad é saol pearsanta polaiteora agus a dhearcadh polaitiúil agus is den tábhacht an líne sin a tharraingt.

Is soiléir go bhfuil Enda Kenny agus Pat Rabbitte ag iarraidh drochphoiblíocht a tharraingt ar an 'Teflon Taoiseach' agus an toghchán ar na bacáin agus iad ag lorg vótaí.

N'fheadar an bhfuil éinne amuigh ansin nach raibh a chroí briste am ina shaol nó nach raibh fadhbanna airgid acu, ach, ar a laghad, ní raibh orainn ár gcúrsaí príobháideacha a bheith tarraingte os comhair na tíre.

Ní raibh sé ag ceannach báid nó BMW leis an airgead a fuair sé óna chairde agus ba mhaith liomsa, dá mbeadh cúpla cara agam le stór punt in ionad na Dick Whittingtons atá thart orm, an rud céanna a dhéanamh!

Is drochrud é go bhfuil gach gné de shaol pearsanta polaiteoirí faoin mhicreascóp - go dtí roinnt blianta ó shin bhí difríocht idir an córas anseo agus an córas in Londain - bhí cód ag na meáin chumarsáide gan bacadh le saol pearsanta polaiteoirí agus bhí fadhb phearsanta ag duine nó bheirt sa dá phairtí ata ag cur isteach ar Bertie anois, ach láimhseáil an tír í i slí aibí.

Ach le saint na nuachtán is iad ar thóir díolaíochta tá saol pearsanta polaiteoirí mar leabhar oscailte ar ais nó ar éigean.

Tá a fhios ag cách go raibh cultúr 'an chlúdaigh dhoinn' beo agus bríomhar sna sé chontae fichid ar feadh na mblianta - tógálaithe agus bodaigh mhóra na tíre ag cuimilt bhoise le polaiteorí timpeall na tíre agus airgead ag bogadh ó thaobh go taobh ach tá muintir an mhicreascóip imithe thar fóir de dheasca cuidiú a fuair Bertie san Ard-Chúirt.

Tá taithí againn mar Phoblachtaigh ár saol pearsanta bheith sna nuachtáin thablóideacha agus, gan dabht, beidh na striapaigh pháipéir ag lorg drochscéil nó dhó fúinn idir seo agus an toghchán.

Is uafásach an rud é do theaghlach dul trí scarúint nó colscaradh agus caithfidh go bhfuil sé deich n-uaire níos measa nuair atá do chas i mbéal phobal na tíre.

Tá sé in am faoiseamh a thabhairt don fhear bocht.

Ag caint faoin phósadh bhí sé suimiúil éisteacht le tuairimí chosmhuintir na tíre sna hochtoidí le linn chrosáid Garret nuair a chuaigh Cathal Ó hEochaidh in aghaidh bhille Barry Desmond agus é ag iarraidh coiscíní a chur ar díol - "ní bheadh a fhios agat cé a bheidh ag baint úsáid astu" a dúirt Ruairí Ó hAnluain ar an teilifís ag an am.

Cheap mé gur balún an chéad choiscín a chonaic mé sna hochtóidí agus bhíomar ró-ghafa leis an iomáint faoin tuath ag an am gan a bheith buartha leis an saghas sin mí-iompair!

Is cuimhin liom an faoiseamh a bhí orm nuair a dhiúltaigh 66% den Stát reifreann Garrett i 1986 faoin cholscaradh.

Bhí go leor dínn ag an am sin sásta clocha a chaitheamh ó thithe gloine - "má dhéanann siad praiseach den chéad phósadh níor chóir an dara seans a bheith acu" a deir an bhean agus í ag teacht ó Aifreann ag fáil comhairle ó fhir nár luigh le bean ríamh.

N'fheadar an cóir dom dul ar an ríomhaire agus bean ó Florida a phósadh ar an idirlíon nó amharc ar chúl an 'Ireland's Own'; déarfainn go bhfuil sé in am do An Phoblacht leathanach do na fógraí pearsanta a oscailt ós rud é go bhfuil 'War News' imithe.

Buíochas le Dia, tá go leor muiníne ag an an chuid is mó dínn ár saol pearsanta a reachtáil inár slí féin gan bacadh le comhairle nó rialacha ó fhir i sciortaí, agus níl aon rud cearr leis sin ach an oiread!

Bertie Abú!

Focloir

  • tóinseach fool
  • beannacht blessing
  • micreascóp microscope
  • ag cuimilt bhoise looking for favours
  • taithí experience
  • coiscín condom
  • faoiseamh relief
  • praiseach mess
  • idirlíon internet
  • muinín confidence

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland