Top Issue 1-2024

21 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le Seán ó Donaile

Pushers Amach - Ardaigh an Cháin!

Tá Walking in Memphis ar siúl ar an taifeadán, an doirteal lán le gréithe is ní raibh seans agam Mr Sheen a thógáil amach leis an gclár ama oibre a théann leis an 'Ré Órga' atá linn agus na PD's ag ullmhú le cáin don mheánaicme .

Tá seift acu chun seilbh a ghlacadh arís ar chumhacht an Stáit, leis an moladh le fáil réidh le 'cáin stampa' i gcóir tithe.

Tá sé seo dírithe ar na 'coping classes' ach go háirithe an mheánaicme a bhfuil tionchar ollmhór aici ar thoghcháin na tíre.

Tá sé seo ag tarlú agus géarghá le hinfheistíocht san oideachas agus in ospidéil na tíre.

Is cuma faoin dearcadh polaitíochta atá againn - nuair a thagann feabhas ar do chaighdeán maireachtála, éiríonn an formhór coimeádach.

Tá tigín ag go leor dínn thar lear agus bean ón Pholainn ag glanadh an tí.

Tá sé thar am do Shinn Féin éileamh ar ardú cánach do na meánaicmí

nó ní thiocfaidh feabhas choíche ar oideachas agus ar chóras Slainte na tíre.

An bhfuil eagla orainn é seo a rá mar go gcaillfimid votaí? - Sheas Sinn Féin i gconaí don lucht oibre agus an té faoi chois, is cuma faoin drochphoiblíocht. Má táimid i ndáiríre faoi chothromaíocht don chosmhuintir is den riachtanachas go ndéarfaimid é seo sa bhfeachtas atá romhainn sna sé chontae is fiche.

Baineadh geit asam le déanaí ag cóisir na 'coping classes' leis an méid amadán a bhí ag glacadh cócaoin.

Le ré na mórshiúlta ar thithe mangairí thart, na 'vigo's' imithe agus an tIRA ar an phinsean, tá méadú mór ar dhrugaí ar fud na tíre.

Tá go leor daoine ina dtríochaidí nár bhac le drugaí agus iad níos óige ag baint triail as cócaon ag an deireadh seachtaine.

Tugann 'coke' muinín agus cumhacht bhréagach do dhaoine agus tá sé deacair an ceangal seo a bhriseadh don andúileach.

Tá géarghá le feachtas oideachais don tír ar fad, agus é dírithe ar dhaoine fásta in éineacht le déagóirí.

Chuir sé ionadh orm le déanaí nuair a chonaic mé scata fear i leithreas teach tábhairne ag glacadh 'coke' go hoscailte as cártaí creidmheasa agus á roinnt as málaí plaisteacha.

Níl eagla ar na mangairí leis an méid gunnaí acu agus dainneoin na meán cumarsáide tá go leor daoine i mBaile Átha Cliath ag gearán nach bhfuil Poblachtnaigh ag úsáid an doirn iarainn.

Tá go leor gardaí ag déanamh a ndíchill agus cuid acu ag cur a a mbeatha i mbaol an ciorcal mangairí a bhriseadh ach tá ag teipeadh ar an chóras.

Rinne Mícheál Ó Mairtín éacht nuair a chuir sé bac iomlán ar an druga is coitianta

i dtithe tábhairne & rl. ach is gá an feachtas a leathnú amach - toitíní a thógail ó na seilfeanna agus an praghas a ardú.

Is ait an rud an tobac - ó m'fhichidí is é mo rogha druga é - stop mé don trí chéadú uair i Mí Feabhra ach shleamhnaigh mé ar ais nuair a bhí poll i mo shaol le déanaí agus brú oibre orm.

Cosúil leis na handúiligh ar fad, caithfidh mé plé leis an fháth gur lean mé leis agus mé ag iarraidh an poll uaignis i mo shaol a líonadh, ag teacht abhaile go teach folamh i lár an gheimhridh agus ag lorg cosaint agus sóláis.

Cosúil le druga ar bith méadaíonn sé do chuid fadhbanna agus in ainneoin na contúirte leanfaimid leis.

Is cuma faoin stát, tá sé thar am dom cur suas leis an uaigneas agus cúrsaí a réiteach le féinsmacht agus croí mór.

Tá sé thar am dom fás aníos.

Focloir

Taifeadán....tape recorder

Meánaicme....middle class

Seift....plan

Infheistíocht....investment

Cothromaíocht....equality

Mangairí....pushers

Andúileach....addict

Coitianta....common

D'ainneoin....in spite of

Sólás....respite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland