Top Issue 1-2024

14 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Ceannaire Nua - Hurá!

Tá Mí Meán Fomhair an chosúil le mí Eanáir - tá an tír lán le dea-thoil i ndiaidh na saoire, tá na giomnáisiaim lán le daoine ramhra agus culaith scoile nua ar pháistí scoile na tíre; achan duine ag ithe brachain agus amuigh ag siúl.

Bhí sé ag stealladh báistí ag an deireadh seachtaine; chloígh mé le mo bhróga reatha, mo bhríste gearr agus mo stócaí bána agus dhiúltaigh mé glacadh go raibh an Samhradh thart; bhí ceol agus craic leis na Hillbilli-áltaí i mBuiríos Mór Osraí go dtí maidin Dé Sathairn ach sa deireadh bhí orainn a aithint go raibh an samhradh thart agus go bhfuil Mícheal Mac Dubhghaill i gceannas ar an tír agus go mbeidh cártaí aitheantais ag achan duine agus dhá cheann ag teastáil ó Phoblachtaigh.

Táim ag iarraidh bheith i mouí faoi chrann cnó cócó le Pina Colada ag amharc ar an ghrian ag dul faoi, nó bheith ag éisteacht le port na dtonnta ar Inis Oírr in ionad bheith caillte i ndufair choincréide ag ól caife salach, sáite i scuaine tráchta ag éisteacht le gobadán ar 'Sú Talún' FM agus ag comhaireamh na bplúirín báistí ar an fuinneog.

Nuair a chuala mé faoi ceannaire nua na PD-anna bhí mé ag tnúth le filleadh chuig na nAlp nó na nAindéas agus ag mothú an tsneachta ag briseadh faoi mo bhuaitisí, bláthanna corcra ag cur a gceann amach tríd an sneachta agus aer úr i mo scamhóga.

Bheinn in ann Poblacht Shóisialach Neamhspleách a bhunú gan aon chur isteach ó thíogair óga Cheilteacha.

Chuirfinn bac ar fhóin phóca agus Blackberries, SUV's agus Blackberries, agus chuirfí chun báis an té a bhí ag amharc ar 'Celebrity Love Island'.

Ní bheadh orainn cur suas le Jose Mourinho; an té a mbeirfí orthu ag caint faoi cheannach tithe bheadh orthu lá a chaitheamh ag éisteacht le Brendan O'Connor .

Ní bheadh aon RyanAir ná morgáistí tríocha a cúig bliana ná Louis Walsh agus ní bheadh cead ag aon duine tabhairt amach faoin aimsir.

Bheadh ospidéil gan scuainí agus leaba d'achan duine, scoileanna gan francaigh agus fiche i ngach rang.

Bheadh gach duine sa tír ábalta léamh agus scríobh agus bheadh 'Spin the Wheel' ar an mbosca seacht n-oíche sa tseachtain.

Bheadh an tír ar fad lúfar agus aclaí agus ag traenáil gach lá agus ní bheadh aon fhadhbanna againn le meáchan nó an diabhal tobac.

Ar an drochuair, tá Mac Dubhgaill i gceannas ar an Saorstát; beidh leathchuid de Shinn Féin i bhfolach agus beidh an Currach i gCill Dara oscailte mar champa géibhinn arís; beidh deireadh le cáin agus beidh gach scoil agus ospidéal príobháideach; beidh droichead dola ar achan bhóthar agus beidh Aerfort na Sionnaine ag feidhmniú mar Guantanamo nua.

Beidh deireadh le teifigh agus ní bheidh cead ag muintir na hAfraice teach ar chuairt ; beidh comhad ag na gardaí ar achan duine sa tír agus cuirfidh an tAire gach eolas faoi do shaol pearsanta chuig na nuachtáin.

Beidh teach thar lear ag leath na tíre agus bean ón Pholainn ag glanadh an tí agus ag iarnáil gach Céadaoin, leath na tíre níos saibhre agus an leath eile níos boichte.

Níl a fhios agam go fóill conas bheith dearfach faoi láthair agus mé faoi scamaill i mo shuí ag ríomhaire ag féachaint amach ar fiallí agus an báisteach agus George Bush ar an raidió.

Rotha mór an tsaoil.

Focloir

  • dufair jungle
  • cárta aitheantais identity card
  • ag comhaireamh counting
  • scamhóga lungs
  • francaigh rats
  • campa géibhinn concentration camps
  • ar an drochuair unfortunately
  • plúiríní báistí raindrops
  • nuachtáin newspapers

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland