Top Issue 1-2024

7 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ar ais ar scoil

le Seán ó Donaile

Tá na páistí imithe abhaile agus tá mé anseo ag piocadh mo shróine taobh thiar de chóip den Irish Independent.

Tá suíochán luasctha nua agam agus is féidir liom cispheil a imirt le biollaí ó na comhlachtaí leabhar agus tá mé ag fanacht ar mo Chappucino.

Tá m'úll glas ite agam agus na poill in uillinn mo sheaicéid deisithe le leathar agus bosca lóin nua agam.

Is féidir liom labhairt le Múinteoir Micilín ag am loin faoi mo chumas gailf agus conas is feidir liom fáil isteach i bpuball na boc mór ag Corn Ryder an deireadh seachtaine seo chugainn agus titim i mo chodladh ag féachaint air.

Tá geansaí nua le muineál V agus triantáin bhándearga faighte agam in Tylers agus bríste Farah le ceapaire tuna agus mála leathair le leabhair paidreacha ann.

N'fheadar cén fáth a bhfuil an íomhá seo de mhúinteoirí ag pobal na tíre - níl aon dabht ach go bhfuil go leor oidí díograiseacha amuigh ansin ach tá go leor eile ag obair i gceantair bhochta gan aon tuiscint ar na páistí agus an cúlra as a dtagann siad.

Is cuimhin liom ag obair i scoil i dtuaisceart na cathrach agus é mar champa géibhinn le sconsa miotail thart air agus gluaisteáin na múinteoirí in 'convoy' ag éalú as an áit roimh na páistí - chuir sé beairaic Bhaile Andarsan i gcuimhne dom agus na saighdiúirí gan tuiscint ar bith ar phobal na háite.

Tá sé scannalach an drochstaid atá ar na céadta scoil timpeall na tíre - francaigh ag rith thart, poill sa díon, tinneas ag teacht ar na páistí de thairbhe an bholaidh ó na leithris ag scaoileadh dríodar sna ranganna agus suas go 36 i seomra ranga.

Tá an córas bunoideachais is measa san Eoraip againn ó thaobh airgid agus maoiniú ón Stát de.

Ar a laghad, tá an iomáint againn agus beimíd ag imirt ó mhaidin go hoíche agus ag baint sceilpe as na scoileanna eile sa chomórtas atá ag teacht.

Is mór an t-athrú ar chúrsaí iomána ó na nóchaidí - tá Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Luimneach tar éis titim siar go mór agus níl an Clár ná Tiobraid Árann ar an chéim céanna le Cill Chainnaigh ná Corcaigh.

Tá cuma ar an scéal nach mbeidh athrú ar an scéal go luath agus ó thaobh an chomórtais de caithfimid brath ar an pheil i gcóir eagsúlachta.

Bhí leantóir i mBleá Cliath a bhain a gheansaí de roimh an cluiche peile in aghaidh Mhaigh Eo, ar eagla go mbuafadh na Dubs, agus nach dtiocfaidh feabhas ríamh ar chursaí iomána sa phríomhchathair go dtí go gcuirtear bac ar réalta mar Conal Keaney agus Shane Ryan an iomáint a thréigean.

Faraor, tá cuma ar an scéal gur Bhleá Cliath an príomhfheasúra a bheidh ag Cill Chainnaigh i gCúige Laighean amach anseo.

Tá mé ag bualadh le Rip Van Winkle ar feadh seachtain nó dhó go dtí go bhfuil an borefest gailf thart - tá súil agam go mbeidh geansaí Pringle ar Tiger agus gruaig néata ar an scata Barbies a leanann foireann na bPoncánach.

Bhí na tabloids ag fógairt scéil faoi bhagairt Al Qaeda ag Corn Ryder ach déarfainn nach mbeidh siad ró-thógtha le Pringle agus Lacoste.

Caithfidh mé rith - ta péint ag triomú ar mo bhalla!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland