Top Issue 1-2024

31 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Tinneas an Tíogair Cheiltigh

LE
CATHAL Ó MURCHÚ

Táthar fós ag leanacht ar aghaidh le díospóireacht na ndrugaí agus tá daoine fós ag fáil bás de dheasca thógáil na ndrugaí. Níl aon amhras ann ach go bhfuil fáil ar drugaí go forleathan ar fud an oileáin - ó Lárchathair Bhaile Átha Cliath agus cathracha agus mórbhailte eile go sráidbhailte ó bhun go barr na tíre seo, sa Tuaisceart agus sa Deisceart. Leis na blianta beaga anuas, méadú mór tagtha ar fháil na ndrugaí agus ar ghlacadh na ndrugaí agus is cosúil go bhfuil méadú mór tagtha ar an ólachán chomh maith, go háirithe i measc an aosa óig. Gan amhras, is cúis imní í an méadú ar glacadh drugaí agus óil, agus léirionn sé seo tinneas bunúsach a ghabhann leis an sochaí ina mairimid ann. In ainneoin an t-saibhris, tá sochaí an Tíogair Cheiltigh tinn!

Maidir le drugaí, thosaigh na mórfhadhbanna a ghabhann leo le fáil ar héaróin sna luath-ochtóidí. Ar dtús, bhí eipidéim na héaróine cúngaithe sna ceantracha lárchathracha i mBaile Átha Cliath - pobal dímhaoinithe agus dearmadtha fágtha ar leataobh an t-sochaí Éireannaigh ina mhair fadhbanna sóisialta ar nós dífhostaíochta, bochtanais, easpa deiseanna agus easpa oideachais, alcólachais agus mar sin de. Nuair a sheas pobail na n-áiteanna seo i gcoinne na mangairí drugaí, cháin na meáin chumarsáide agus lucht cumhachta iad, seachas tacaíocht agus cuidiú leo. Bhí níos mó faitíos ar an lucht cumhachta roimh pobail dhímhaoinithe ag seasamh suas dóibh féin seachas ar an scrios agus ar an anró a ghabh le fadhb na ndrugaí. Go pointe áirithe, bhí rath éigin ag gabháil leis an ngluaiseacht fhrith-drugaí sa chaoi gur cuireadh cuid mhaith de na mangairí drugaí as gnó!

Ach ní raibh an fhadhb imithe agus gan amhras ní raibh faillí an lucht cumhachta ar pobail dhímhaoinithe imithe ach an oiread! Sna nóchaidí tháinig fás agus méadú ar fháil agus ar thógáil aigéid agus bhí fóchultúr agus ceol ar leith ag gabháil leis. Níorbh i bhfad go raibh tóir mhór ar an eicstéis agus na réiveanna a bhain leo. Tháinig fás ollmhór ar ghlacadh héaróine agus ag deireadh na nóchaidí bhí fadhb na ndrugaí níos measa na mar a bhí sé riamh. Tá tuairim is mílte daoine ann a fuair bás de dheasca chultúr na ndrugaí ón am sin i leith - an fórmhór acu daoine óga. Seachas na sluaite a fuair bás, ní féidir áireamh a dhéanamh ar na méid daoine a bhfuil dochar sláintiúil fadtéarmach déanta dóibh nó ar an dochar déanta don tsochaí i gcoitinne agus do phobail éagsúla ar fud an oileáin seo.

Ó thús na Mílaoise, tháinig fás agus méadú ar fháil agus ar ghlacadh cócaoin agus d'eascair scataí drugaí foréigeanacha fíochmhaire uathu. Tá fás mór tagtha ar dhúnmharú i measc na scataí coiriúlacha seo. Tá an foréigean, an fhulaingt, an scrios an t-andúileachas chomh dona is a bhí sé riamh in ainneoin cibé druga atá is mó tóir air in aon am amháin.

Ach ag bun na faidhbe seo ná an fhaillí a dhéanann an sochaí agus an lucht cumhachta ar pobail a theastaíonn cúnamh uathu agus pobail atá thíos faoi de dheasca an éagothromais a gahbhann le sochaí caipitleach. Níl aon amhras ach go bhfuil an chineál seo sochaí breoite agus tinn.

Foclóir

Lárchathair....Inner City

dímhaoinithe....dispossessed

alcólachas....alcoholism

anró....misery

faillí....neglect

eicstéis....ecstasy

réiveanna....raves

cultúr na ndrugaí....drug culture

andúileachas....addiction

éagothromais....inequality


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland