Top Issue 1-2024

31 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Mise's Britannia

le 
Seán ó Donaile

Mhúscail mé an dara oíche sa phoball ar bharr na sléibhte agus mé ag caoineadh agus ag crith le galar de shaghas éigin (tá mo fhoclóir caillte anocht agus beidh orm focail nua a chumadh); bhí sé sioctha lasmuigh agus mé ag eascanaí cén fath gur ól mé an seacht phionta sin sa síbín le muintir na cnoic.

Chaill mé mo bhealach chuig an leithreas agus fón póca agam mar tóirse agus ba bheag nar bhris mé mo chloigeann in aghaidh crann.

Líon mé mo chorp l'athann saghas taibléid a bhronn sean dhochtúir Phoncanach orm, agus é seachtó bliain d'aois agus ag siúl thar na Alps. Faraor bhí orm éisteacht le léacht faoin dea obair a dhéanann an AOH agus iad ag iarraidh Abu Jamal a choinneail I ngéibheann agus na 'buachaillí bána' a chur chuig Ifrinn.

Is ait an rud é ag taistil thar sléibhte ar feadh coícís le dream Sasanaigh- tá an achmhainn grinn acu an chosúil linn féin agus tá tuiscint maith acu ar searbhas.

Ní fhaca mé tatú nó aprún an bhúistéara agus níor ól mé tae nó lager nó císte úill.

Bíonn náire ar go leor daoibh leis an easpa chultúir atá ina sochaí I gcomparáid linne agus ní bhíonn mórán daoibh toilteanach caint faoin praiseach a rinne Sven agus Wayne ag an Corn Domhanda.

Cuireann sé ionadh orm I gconaí an easpa suime agus eolas atá acu faoi Éire ach amháin gur mhaith leo Temple Bar agus tá Gerry Adams mar Taoiseach.

Níl an tabhacht céanna ag an polataíocht nó an reiligiún ina saoil agus mar a dúirt Nigel liom "it's all Popery and witchcraft to me".

Chaith mé oíche ag éisteacht l'argóint ó Roger agus ag moladh cumhacht nuicleach/eithneach mar réiteach easpa fuinnimh sa todhchaí agus oíche nó dhó nó sé ag ól le 'scouser', le tuismitheoirí a d'fhág BealFeirste sna triocaidí agus é go hiomlán ainneolach faoina oidhreacht.

In éineacht le gach Sasanach sa ghrúpa bhí muinín iomlan caillte aige I rialtas Blair agus náire agus fearg air sa bhealach ina bhfuil sé ag sodar I ndiaidh Bush sa Mhean Oirthear.

Cosúil leis an Dáil ní fheiceann formhór Shasana ach mion dhifríocht idir Pairtí an Lucht Oibre agus na Coiméadaigh.

I ngach turas agus grúpa ar mhullach a chéile titeann do shúile ar spéirbhean - réitigh mé go hiontach le Rachel álainn ó Sussex - a súile gorma is a cosa ramhar donn agus a gáire gleoite - tá sé deacair scoráil baire I bpobal agus bhí mé ró-idéalach I gcomhair sin.

Bhíomar ar tí éalú go Canterbury ar bhád go dtí gur phléamar an polaitaíocht.

"Bhí m'athair I droch timpiste agus mé óg agus é I cathaoir rotha le triocha bhliain".

"Ó, caithfidh mé cuairt a thabhairt air agus mé ar mo saoire leat...cad a tharla?"

"Bhí sé ag obair ar son an daonfhlathas leis na Para's agus ag iarraidh na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a choinneáil óna chéile agus chuir an tIRA piléar ina dhroim ....bhris an pósadh suas ina dhiaidh agus rialaigh sé ár mbeatha ó shin".

Bhí mé dul a míniú dí faoi stair na tíre seo agus fíor scéal an Tuaisceart agus conas a chuir na Para's muintir an Sé chondae faoi chois leis na blianta agus b'fhéidir go raibh sé tuillte aige agus cogadh a bhí ann.

Ach bhí sí ag caoineadh um a dtaca seo agus chaill mé mo neart - sleamhnaigh mé ar ais go dtí mo phoball agus chuimhnigh mé ar cé chomh compordach agus bog a bhí mo shaol agus gur bhreá liom titim I ngrá le cailín mar Rachel, ach bhí an bearna ró-mhór.

Foclóir

Achmhainn grin....sense of humour

I ngeibheann....in prison

Ifreann....Hell

Fuinneamh....energy

Ainneolach....ignorant

Ar mhullach a chéile....on top of each other

Cumhacht eithneach....nuclear power

Bearna....gap

Spéirbhean....dreamlike lady


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland