17 August 2006 Edition
Hezbollah Neamhchloíte!
Hezbollah Neamhchloíte!
Tá pobal Iosrael go mór in ísle brí tar éis sos comhraic a bheith fógartha idir treallchogaithe Hezbollah agus Stát Iosrael de dheasca gur chlis orthu na treallchogaithe seo a chloí. Tá a lán milleáin á dhíriú ag cuid mhaith de phobal Iosrael ar Ehud Olmert mar gheall ar an gcinneadh aige tabhairt faoi na treallchogaithe nár éirigh leo a chloí roimhe nuair a bhí orthu Deisceart na Liobáine a thréigean sa bhliain 2000. B'fhiú a chuimhneamh, áfach, gur thacaigh an pobal céanna leis na ionsaithe barbaracha i gcoinne shibhialtaigh agus Arm Iosrael i mbun gach iarrachta Hezbollah a scriosadh ó bhun go barr. Níor éirigh leo agus tá sé feicithe ag na pobail timpeall orthu cé chomh huilechumhachtach is ba mhaith leo a bheith. Do shochaí bunaithe ar fhorneart, ar fhoréigean agus ar bhulaíocht, is baolach an scéal seo dóibh nuair nach samhlaítear iad a bheith laidir agus chomh cumhachtach sin.
B'fhiú a chuimhneamh gur íoc muintir na Liobáine go daor as seo. Ta breis is míle taismí, idir óg is aosta, fireann is baineann, marbh de dheasca na ruathair aeir agus talún a scaoil meaisín míleata Iosrael orthu. Tá cuid an-suntasach de bhonneagar na tíre sin scriosta go mór. In ainneoin shochaí na Liobáine a bheith deighilte go domhain, tá níos mó tóra ar Hezbollah ná mar a bhí roimhe, fiú amháin i measc an Phobail Chríostaigh. Tá tuairim is milliún duine curtha amach ar thaobh an bhóthair gan dídean de dheasca an chogaidh a bhí ar siúl.
Bunaíodh Hezbollah i 1982 nuair a rinne Arm Iosrael ionradh ar an Liobáin agus nuair a ghabh siad críoch theas na tíre sin - ó dheas Abhann na Litani. Baineann Hezbollah leis an bpobal Síteach a mhaireann i nDeaisceart agus in Oirthuaisceart na tíre, chomh maith le Deisceart Chathair Bhéiriút. Nuair a thosaigh siad a thabhairt faoi Arm Iosrael, go mór i ndiaidh 1985, ba mhó taismí acu a thit ag troid i gcoinne na nIosraelach. Ach de réir a chéile, d'éirigh leis na treallchogaithe ruathair níos cumasaí agus ionsaithe níos fíochmhaire a dhíriú ina gcoinne, chomh maith le diúracáin Katyasha a scaoileadh go rialta i gcoinne chathracha Iosrael. Roimh i bhfad, bhí siad ag baint taisme ar thaisme ar ráta coibhnis 1:1 i gcoinne na nIosraelach, ráta taismiúil a raibh an-deacracht ag na hIosraelaigh glacadh leis. Sa deireadh thiar thall, tharraing Arm Iosrael amach as Deisceart na Liobáine.
Cé gur bunaíodh Hezbollah ar dtús mar ghluaiseacht reiligiúnda - ciallaíonn a n-aimn Páirtí Dé - maíonn siad féin sochaí cothromaíoch a thacaíonn le saoirse na mban agus sochaí tiomanta chun aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil gá leo. Ar dtús, bhí siad tiomanta ar phoblacht Ioslamach a bhunú, mar a mhaígh a dtacadóirí Iaránacha, ach ós rud é go bhfeidhmíonn siad laistigh de shochaí shaolta a ghabhann leis an gcuid sin den Mheánoirthear, ní mholtar seo a thuilleadh.
Focloir
ísle brí ...in low spirits
treallchogaithe...guerrilla fighters
uilechumhachtach...invincible
ruathair aeir...air raids
cothromaíoch...egalitarian
pobal Síteach...the Shi'a community
diúracáin Katyusha...Katyusha missiles
tacadóirí ...supporters
sochaí shaolta....secular society