Top Issue 1-2024

3 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cuairt an Chogadóra Condoleeza

Thug Condoleeza Rice cuairt ar Aerfort na Sionainne Dé Luain seo caite -- an naoú cuairt den chineál seo ó a ceapadh í mar Rúnaí Stáit de chuid na Stát Aontaithe. Bhí neart agóidithe i láthair a chuir i gcoinne a cuairte chun a chur in iúl freasúracht phobal na tíre seo i gcoinne na Meiriceánach ag baint tairbhe as Aerfort na Sionainne mar láthair athbhreoslaithe agus i gcoinne a gcogaidh san Iaráic.

Tá a fhios ag cách freisin faoi Aerfort na Sionainne a bheith á úsáid mar láthair le géibhinnigh na Meiriceánach a iompar chun a gcéasta. Tháinig an chuairt seo i ndiaidh a cuairt chonspóideach go hIosrael, nuair a léirigh sí tacaíocht iomlán Riarachán Mheiriceá do ghníomhuithe sceithlitheoireachta Iosraelacha i gcoinne muintir na Liobáine agus an slad atá ar siúl i gcoinne ghnáthphobail na tíre ansin.

Tá clú agus cáil bainte amach aici mar chogadóir agus mar lánthacadóir ar son chogaidh maraon le baill eile de Riarachán Bush. Bhí sí gníomhach i bpleanáil an ionsaithe ar an Iaráic sa bhliain 2003 agus ról lárnach aici sa riarachán úd le leithéidí Chaney, Rumsfeld, Wolfowitz, Ridge, Ashcroft, Chertoff agus araile. Seachas Rumsfeld, is beag taithí pearsanta ag aon duine acu ar cogadh, ach níl scrupall ar bith ag na cogadóirí seo na mílte a chur chun a mbáis. Tá a fhios ag cách faoi Uachtarán Bush nuair a chuaigh sé as láthair le linn dó i mbun a 'sheirbhís mhíleata'.

Tá cogaidh ollmhóra beartaithe ag an Riarachán seo ar mhaithe le hOrd Úr na Cruinne a chur i bhfeidhm mar atá leagtha síos i dTionscnamh an Chéid Mheiriceánaigh Úr (Project for a New American Century) -- plean ina leagtar béim ar chumhacht geópholaitiúil na Meiriceánach a leathnú agus a dhaingniú ar fud na Cruinne, go háirithe i gcríoch ola-shaibhir an Mheánoirthir. Impiriúlachas domhanda atá i gceist anseo - an chéim is airde sa phróiseas caipitleach. Ní gá a shamhlú cé chomh baolach agus cé chomh margánta is ata sé seo do shlándáil na Cruinne, seachas an méid dhaoine a gheobhaidh bás idir an dá linn. Ní gá a shamhlú freisin cén dochar a dhéanfaidh na caipitligh uile-chumachtacha seo don timpeallacht agus don tsochaí dhomhanda agus iad ar tóir smacht iomlán ar mhuintir agus ar acmhainní na Cruinne. Maíonn a lán gur beag seans acu an t-ollphlean seo a chur i gcrích agus de réir a chéile, cothóidh siad breis freasúrachta ina gcoinne go pointe go bhfeictear an t-impire gan sreangán éadaigh air.

Filltear ar ais ar an gceist faoin naoú cuairt ag Rice ar an tír seo agus is léir go gcaitear le Stát na Sé Chontae is Fiche mar láthair tábhachtach straitéiseach do chuinsí na Stát Aontaithe. Tá Aerfort na Sionainne ar ceann de na láthair is mó athbhreaslaithe do mhaisín míleata Mheiriceá, chomh maith leis na gnóthais eacnamaíochta atá acu ar an oileán seo. Chuige seo, níl aon amhras faoin gcomhoibriú atá ar siúl ag an Rialtas agus ag lucht rialaithe na tíre seo.

Foclóir

Cogadóir..........warmonger

Agóidithe...........protestors

láthair athbhreoslaithe...........refuelling stopover

scrupall...........scruples

a dhaingniú...........to consolidate

ola-shaibhir..........oil-rich

margánta...........irresponsible

uile-chumhachtach..........all-powerful

gnóthais eacnamaíochta...........economic concerns

comhoibriú..........collaboration

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland