27 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Cúlchaint

le Seán ó Donaile

Múinteoir óg Gaeilge is ea Máire Nic a' Bháird.Tá sí ag glacadh cás cúirte in aghaidh PSNI i mBéal Feirste agus an pobal Gaelach ag tacú léi. Ar an 25ú la de Bhealtaine agus í ar a bealach amach as chlub oíche ag caint i nGaeilge lena cairde, tháinig oifigeach de chuid an PSNI chuici agus dúradh léi stopadh den chaint. Lean sí uirthi ag caint i nGaeilge agus tugadh í go dtí stáisiún na bPoilíní agus cúisíodh í; dúradh go raibh iompar mí-órdúil ar siúl aici.

Tugadh an cás chun cúirte le deanaí ach cuireadh siar é go dtí Méan Fómhair. Bhí dream mór dena lucht tacaíochta taobh amuigh den chúirt ag léirsiú ar son cearta daonna. Tá sí ag éileamh a cás a bheith éistithe i nGaeilge.

Is cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh cothromaíocht ann don Ghaeilge, agus beidh tionchar ag an gcinneadh seo ar go leor de chearta daonna agus cearta sibhialta do Náisiúnaithe an Tuaiscirt, bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá ocht mbliana caite ó rinneadh Conradh Bhéal Feirsde agus níl dul chun cinn ar bith dá laghad sa Chóras Dlí nó na Póilíní maidir le cearta teanga don Ghaeilge.'Sé an dearcadh atá acu nach bhfuil a leithéid de teanga ann. Ach tá muinín ag an ghlúin óg I mBéal Feirsde agus ní ghlacfaidh siad leis an masla, tuigeann siadsan go bhfuil deireadh le ré an ansmachta.

Síniú an Fheachtais

www.petitiononline.com/gaeilge

Tá feachtas Ghlór na nGael faoi lán tseoil ag bailiú síniúcháin in aghaidh polasaí Fine Gael maidir le roghnú na Gaeilge mar ábhar don Ard Teist. Tá an feachtas ag fáil tacaíocht láidir ar fud na tíre agus lúcháir ar dhaoine an deis a fháil chun a ndearcadh a chur in iúl.

Rud suimiúil a tharla ag ionad siopadóireachta i Luimneach le linn bailiú síniúcháin.

Tháinig roinnt mhaith eachtranaigh chun tosaigh a dúirt nach mbeadh deacracht ar bith acu le Gaeilge a fhoghlaim mar go bhfuil trí theanga nó níos mó ag a lán acu cheana. Is deacair a thuiscint conas gur féidir le Enda Kenny agus a chairde a bheith ag maíomh go bhfuil an Ghaeilge go maith ag a gclann féin. Cén fath nach mian leo an buntáiste céanna a bheith ag clann daoine eile - nár cheart go mbeadh an deis ag gach duine sa tír?

Cuirtear i gcuimhne dúinn an Language Freedom Movement a bhí ag craobhscaoileadh deireadh a chur le Gaeilge sna méanscoileann agus ag an ám céanna bhí siad ag cur a gclann féin chuig Coláistí Samhraidh Gaeilge. Samhlaigh na Francaigh ag tosnú feachtas in aghaidh a dteanga féin nó na Gearmánaigh - tá meon sclabhaíochta beo i Fine Gael go fóill.

A mhalairt de seo atá ag tarlú i gCondae an Chlair- nár bheag a shíl Willie Clancy go mbeadh Féile Ceoil in a onóir ina bhaile dúchais féin. Féile Cheoil ar stadas idirnáisiúnta , féile a mheallann ceoltóirí agus foghlaimeoirí ó gach cearn den domhain. Bíonn séisiúin cheoil ar na sráideanna, agus ins na lóstín agus tabhairní sa cheantar maguaird.

Bheadh Willie Clancy sásta leis an lorg a d'fhág sé ar pháistí na tire.

Chas mé le Mhaidhc Mick i Rinn na Spáinneach agus é ag iarraidh dhá asal a tharraingt le chéile ar son na hÉireann. Bhí na páistí sa campa carabhán béal dorais an tógtha leis an radharc seo, agus ní raibh inneall cearrbhachais le feiceáil.

Is iontach an rud é éalú ó Brown Thomas agus Burgerking.

Bhí Sráid na Cathrach lán le ceoltóirí ón Seapáin, ón Astráil 's na Gearmánaigh ag rith thart nocht leis na hippies ag lorg Doo-linn - faraor níor scórail mé baire le Helga 's bhí orm bheith sásta le Máire Tóin Bhus 's a mandolin.

Chuala mé ceol an dtraonach ar an oíche deireannach sna sceacha 's é ag fógairt don saol gur scóráil sé báire agus nach bhfuil a ré thart.

Foclóir

Ansmacht..........oppression

Ag glacadh cás cúirte..........taking a court case

Ag tacú........supporting

Iompar mí-ordúil...........unruly behaviour

Cothromaíocht..........equality

póilíní (péist)..........Peelers/ PSNI

Masla...........insult

Eachtranaigh..........foreigners

Ag craobhscaoileadh...........preaching

Maguaird...........around

Lorg............stamp/influence

Traonach...........corncrake


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland