27 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Tugann na Ziónaigh faoin Liobáin Arís

Tugann na Ziónaigh faoin Liobáin Arís

LE 
CATHAL Ó MURCHÚ

Ó tháinig deireadh leis an gcogadh cathartha sa Liobáin sa bhliain 1990, nuair a rinne Airm na Siria an tír a ghabháil, ba dócha go raibh deireadh tagtha leis an tréimhse dhorcha úd. Ar feadh sé bliana déag, mhair an tsíocháin go dtí go ndearna na hIosraelaigh ionsaí ar an tír trí sheachtain ó shin. Ba iad na hIosraelaigh ba chúis is mó don chogadh cathartha sna 1980í nuair rinne siad ionsaí ar an tír i 1982. Faoi cheannas Ariel Sharon, bhí na hIosraelaigh i bhfeighil agus freagrach as ucht an tslada uafásacha a tharla i gcampaí dídine Sabra agus Shatila, nuair a ligeadh do na míleataigh Críostaíocha scrios agus ár a dhéanamh ar neamhthrodairí.

I ndeireadh thiar thall, tar éis treallchogadh dírithe ag Hezbollah i gcoinne na n-Iosraelach, tharraing siad amach sa bhliain 2000. D'fhógair Hezbollah treallchogadh i gcoinne Airm Iosrael sa chaoi go raibh an oiread chéanna taismí acu is a bhí ag Hezbollah. Tháinig fás agus forbairt mhór ar a gcumas míleata agus in ainneoin an armlón mór ag na hIosraelaigh, ba bheag éifeacht a bhí acu i gcoinne Hezbollah. Gan amhras, d'fhulaing neamhthrodairí agus sibhialtaigh go daor as an gcogadh.

Ó a ghabh na Ziónaigh críoch na bPailistíneach agus ar ghairm siad Iosrael air, tá siad timplithe ag pobail scaipithe dhíshealbhaithe na bPailistíneach agus a gcomharsana Arabacha. Tír bunaithe ar sheicteachas, ar chiníochas agus ar choilíneachas is ea an Iosrael ina nglactar le Giúduithe amháin mar shaoránaigh iomlán. De dheasca sin, bhí 'fadhb shlándála' i gcónaí ag na hIosraelaigh, go háirithe i dtuaisceart na tíre agus is cosúil gurb é an réiteach atá acu ar an scéal ná tabhairt faoi neamhthrodairí agus sibhialtaigh ina n-ionsuithe píonóiseacha i gcoinne treallchoguithe ar Hezbollah.

Maíonn na hIosraelaigh gurb iad ionsuithe Hezbollah agus a bhfuadach ar bheirt shaighdiúirí Iosraelacha is cúis lena n-ionsuithe sa Liobán. Ach bhí ionsuithe Hezbollah ar siúl roimhe seo, mar sin caithfear a cheistiú cén fáth nó cén aidhm straitéiseach atá ag na hIosraelaigh anois? Nuair a tugtar san áireamh conas a dhéantar maoiniú ar Airm Iosrael - ó na Meiriceánaigh, ar ndóigh - caithfear a cheistiú chomh maith cén aidhm straitéiseach atá ag na Meiriceánaigh? Ag tabhairt san áireamh na naisc a ghabhann idir Hezbollah, Stát Siria agus Stát na Iaráine, agus go bhfuil an dá stát seo aimsithe ag na Meiriceánaigh ina gcrosamharc, tá seans mór ann go dtarraingeofar níos mó tíortha isteach sa scéal.

Foclóir

Ziónaigh.........Zionists

cogadh cathartha..........civil war

treallchogadh..........guerilla war

taismí.........casualities

seicteachas.........sectarianism

neamhthrodairí.........non-combatants

scaipithe.........scattered

díshealbhaithe........dispossessed

ionsuithe píonóiseacha..........punishment attacks

straitéiseach..........strategic


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland