Top Issue 1-2024

6 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Briseadh Croí

Tá puball beag agam cois cuain, áit a gcloisim na rónta i bpoill na pluaise is an faoileán lena phort uaigneach a aithním - bhí seal ann nuair a bhí mo shaol lán le cuideachta - bhí súile meabhracha gorma aici is gáire a mheall mo chroí; luíomar cois farraige i bpuball agus gheallamar grá dá chéile go dtí gur theith sí le Turcach i Londain a bhí ag éalú ón arm.

Bhí mo spiorad briste don chéad uair; go dtí gur chas mé dhá bhliain ina dhiaidh le cailín fionn le corp álainn agus í lán le fuineamh is grá dom; réitíomar go hiontach go dtí gur éirigh mé bréan den choimeádachas is í frith-Phoblachtánach - sin an leithscéal a thug mé dom féin is mé ag mairseáil síos Sráid Uí Chonaill le mo chomrádaithe, ar son laochra 1916.

Bhí deis agam mo shaol a chlúdach sa chúis agus ar son na hÉireann.

Bhí na sluaite ag an bhainis le Máire Rua agus na colceathracha i scuaine ag lorg grianghraf leis an Ard-Chomhairle i gcomhair Dhialann Shóisialta An Phoblacht!

Dúirt siad gur bainis na mbliana a bhí ann ach níl rud ar bith buan sa saol seo agus thit na rothaí den charráiste óir i ndiaidh tréimhse.

Is cuimhin liom i mo luí i mbarróg léi agus le m'iníon, í ina PJ's beaga buí, agus ag rá liom féin nach mairfinn gan iad ar feadh lae; go tobann bhí sé imithe is mé i m'aonar arís.

Rinne mé mo sheacht ndícheall an phian a choinneáil ó mo ghirseach óg ach thuig sí; chuimil sí mo shrón ar maidin agus an fuacht uirthi agus cheangail sí na cnaipí ar mo chóta agus an sneachta ar an talamh.

Tá sí ag tabhairt aire dom arís anocht - tá a fhios aici go bhfuil rud éigin as áit - chuir sí an adhairt faoi mo cheann agus thug sí barróg mhór dom is mé ag dul a luí.

Bhí go leor stimpíní ann agus tú ar meisce ag taispeáint dímheasa dóibh - phóg mé Eilis Carr sa dioscó, a raibh an leasainm Eilís 'an Bus' uirthi agus d'éalaigh mé amach cúldoras an halla nuair a las na soilse; bhí dúil agam in Tina go dtí gur ghlaoigh mo chairde 'Bulldog' uirthi agus thaitin Alexi liom go dtí go bhfuair mé amach gur Alexander í!

Tháinig mé abhaile ó Londain i gcomhair damhsa le Helena agus mé breá soineanta agus ag caitheamh na gcéadta punt ar thacsaithe agus bláthanna go dtí go ndearna sí éalú le cara de mo chuid ar chúl an tséipéil!

An bhfuil a fhios ag éinne cén fáth nach n-oibríonn caidrimh in amanna le daoine den scoth? B'fhéidir gur chuir na sagairt agus an córas mo mhothúcháin faoi chois nó b'fhéidir gur bhuail mé mo cheann in éadan an talaimh nuair a thit mé as an chliabhán.

B'fhéidir go bhfuil an mí-ádh céanna orm is atá ar laochra Shasana - meiteatarsach Wayne Rooney bhoicht gortaithe arís in aghaidh magairlí iarainn na Portaingéile agus ar Phil Babb ar Shráid Fhearchair agus é ag cleachtadh 'Riverdance' ar dhíon carr Gharda Bridí Maoldomhnaigh leis na cosa gruagacha agus an dá fhiacail.

An bhfuil sé in am dom filleadh ar an tolg leis an siceolaí leispiach leis an spota ar a smig nó 34 Bulmers a ól i dteach tábhairne uaigneach nó rith trasna na tíre mar 'Forest Gump'?

Tá an ghaoth ag séideadh lasmuigh agus na páistí ag fiafraí faoi Sheimí Asail agus an bata atá air agus é ar thóir na n-asailíní - "McDonalds," a dúirt mé leo, "Happy Meal" . . . agus d'fhill siad ar an seisiún ceoil atá ag dul ar aghaidh in achan choirnéal de Fhéile Willie Clancy in Miltown Malibu, i bhfad ó na páirceanna coincréideacha cathrach.

'Na bí gan dóchas

déan gáire ar an saol

agus coinnigh an croí oscailte i gcónaí;

Bí láidir mar an crann Daire,

A lúbann sa ghaoth

Ach a fhásann l'aois'

Foclóir

  • Rón seal
  • Faoileán seagull
  • Éalaigh to escape
  • Fuinneamh energy
  • Leithscéal excuse
  • Tolg couch
  • Barróg hug
  • Gruagach hairy
  • Dair oak

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland