Top Issue 1-2024

8 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Críochdheighilt Aitheanta ar Léarscáileanna

BY Cathal O Murchu

Tá sé curtha i leith i gcoinne Suirbhé Ordanáis na Sé Chontae is Fiche go bhfuil meon críochdheighilte glactha acu i dtaobh na oibre atá siad tiomnaithe chuige. Tagann an liamhaint seo ó shraith léarscáileanna a théann siar 150 bliain atá atáirge a dhéanamh orthu agus na Sé Chontae fágtha amach astu. An rud is aistí faoi seo ná nach raibh críochdheighilt ann 150 bliain ó shin ach amháin ó 1922 ar aghaidh, mar sin níl aon bhunús ann le go bhfoilseofar léarscáileanna ar bhonn críocdheighilteach.

An sraith léarscáileanna atá i gceist ná na Sé Chontae is Fiche ó 1842 go dtí 1913, tréimhse nach raibh oiread is coincheap de chríochdheighilt ann, fiú! Mar sin, níl ciall ar bith nó aon fhiúntas a ghabháil le léarscáileanna den chineál seo. Tá na léarscáileanna seo in ainm is a bheith stairiúil ach ní aithnítear na cuinsí polaitiúla a bhí i bhfeidhm le linn an tréimhse sin. Sa tréimhse úd, bhí Éire Aontaithe ina chóilíneach de chuid Impireacht na Breataine agus bhí muintir na tíre seo ag borradh ar son neamhspleáchais agus scaradh ón impireacht úd, go háirithe i ndiaidh tubaiste an Ghorta.

Ar suíomh idirlíon an Suirbhé Ordanáis www.historicmaps.com, deireann sé nach bhfuil léarscáileanna de na Sé Chontae ar fáil dóibh. Bíodh sin mar atá, cén fiúntas a bheadh leis a leithéid de leárscáileanna seo a chur le chéile mura bhfuil siad le críochnú i gceart! D'fhógair An Suirbhé Ordnáis nach raibh fáil acu ar léarscáileanna sna Sé Chontae mar gheall gur baineadh uathu iad tar éis críochdheighilt na hÉireann.

Tá sé soiléir go mba cheart tar éis síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta go mbeifear in ann léirscáileanna ceart agus cuí a chur ar fáil agus mbeidh teacht ag ceachtar áisínteachtaí stáit sa Deisceart nó sa Tuaisceart ar na hacmhainní cartógrafaíochta ar bhonn olloileánda. Tá sé faoin dá rialtas le go gcuirfear seo ina ceart agus níl aon chiall nach féidir beart beag den chineál a dhéanamh.

Foclóir

  • críochdheighilt partition
  • liamhaint accusation
  • léarscáileanna maps
  • fiúntas worthy
  • stairiúil historical
  • gorta famine
  • suíomh idirlíon website
  • hacmhainní resources
  • cartógrafaíocht cartographical
  • olloileánda all-island

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland