Top Issue 1-2024

8 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Briseadh Chroí

Is ait an rud an grá- cheap mé I gconaí go dtitfidh mé I ngrá le spéirbhean óg I ndiaidh póg agus go gceannódh muid tigín beag I lár gleanna le bláthanna ag fás thart air agus geata beag adhmaid; rachainn godtí siopa an bhaicéara I gcomhair arán úr agus beidh sméara ag fás sa ghairdín; bheadh mo spéirbhean ag canadh agus í ag piocadh úll ina sciorta fhada bán agus é ag séideadh sa ghaoth.

Ach ní mar a shíltear bítear! Ní dúradh limn go mbeadh orainn leath ár meanscolaíocht a chaitheamh sa leithreas agus go mbeadh cosa grauaigeach corcra ag ár gcailíní- Mary Carr a bhí ar mo chéad chailín agus glaotar Mary Bus uirthi - ní raibh mo chroí ríamh inti agus bhí faoiseamh orm nuair a thainig sí as an cófra.

Thit mé I ngrá don chéad uair le cailín gealgáireach ó Cill Chainnigh go dtí gur d'eitil si le fear ó Turkey a bhí níos saibhre ná mé féin agus nuair a d'fhill sí d'éalaigh sí le mo dlúthchara tar éis m'airgead ar fad a chaitheamh I Brown Thomas agus Fagan's.

Bhuail mé le Poncánach darbh ainm Leeroy a thit I ngrá le beirt ag an ám céanna agus é ina 'bruascar carráiste' - ní raibh a bhean chéile ró-shásta nuair a fuair sí amach go raibh sé ag siúl amach lena máthair agus bhí orthu dul ar clár Jerry Springer chun é a shocrú; rinne Gearóid agus a lucht féachana iarracht comhairle a thabhairt dóibh agus iad a tharraingt le cheile agus chríochnaigh sé ar an talamh ag streeláil as a chéile.

Bhí ar Leeroy bocht rogha dhéanamh agus roghnaigh sé a aintín- níl leigheas ar an galar grá.

Rinne an 'National Geographic' staidear le deanaí agus deirtear go scaoileann do chloigeann ceimiceach a chuireann ina luí ort go bhfuil tú I ngrá ach cleas atá ann; I ndiaidh bliain nó dhó tá deireadh leis an ceimiceach agus tá tú I bpriosún le Mary Bus nó Jimmy FiveBellies I gcomhair caoga bliain- bíonn sceallóga agus pizza gach Aoine, cuairt ar na cholceathracha gach Domhnach agus trí uair a chloig ag amharc ar na soaps gach oíche.

Sa Phacastain níl aon cur amú áma- déanann an dá chlann cinneadh ghnó-bíonn cúpla páiste acu agus ní fheiceann siad a chéile ach amháin sa leaba agus ní bhíonn móran a tharlaíonn ansin a maireann ró fhada.

Tá fir agus mná sa tír seo ag fanacht níos faide anois, go dtí go socraíonn siad agus ní fhanann daoine lena chéile níos mó "ar son na bpaistí" go h-airithe go bhfuil fhios againn anois gur bréag a bhí ann.

Ar an lámh eile I ré an Tíogar Ceilteach tá gach rud indiúscartha agus is féidir leat fáil réidh le páirtí cosúil le sean charr muna bhfuil tú sásta.

An bhfuilimíd ag dul I dtreo na Ghéarmánaigh- tá 60% de dhaonra Berlin ina gconaí ina aonair agus an sochaí ag briseadh síos go neamh-phearsanta.

An seo a tharla leis an beirt amadáin sa tír sin a d'ith a chéile ?!

Foclóir

  • Spéirbhean mystical Irish beauty
  • Poncánach Yank
  • Bruascar carráiste trailer trash
  • Cleas trick
  • Ceimiceach chemical
  • Dlúthchara close friend
  • Sceallóga chips
  • Indiúscartha disposable
  • Neamh-pearsanta impersonal
  • Tuathach hillbilly

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland