Top Issue 1-2024

1 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Fás agus Forbairt an Fhathaigh Shínigh

BY Cathal O Murchu

Tá a lán tráchtairí anois ag maíomh gurb é an tSín an chumhacht is mó ar domhan a bheidh ag teacht aníos amach anseo. Agus tá roinnt fianaise le cur leis an tuairim seo. Tá geilleagar na Síne ag forbairt níos tapúla ná aon cheann eile ar domhan le fás 9% in aghaidh na bliana agus ní dócha go mbeidh aon laghdú ag teacht ar an bhfigiúir seo.

Tá infheistíocht ollmhór á ndéanamh ag comhlachtaí an Iarthair mar gheall ar an margadh ollmhór le breis is billiún duine agus an costas íseal a ghabhann le saothar agus eile. Mar gheall ar na costais íseal déantúsaíochta, tá an-chuid earraí a dhéantar sa tSín agus a sholáthraíonn do mhargadh an Iarthair agus do mhargadh na Cruinne. Níl aon amhras ach go bhfuil réabhlóid tionsclaíochta ar siúl sa tír seo agus é bunaithe ar infheistíocht ón Iarthar.

Ach leis an bhfás agus leis an bhforbairt seo, tá muintir agus timpeallacht na tíre sin ag íoc go daor as agus iad ar tóir an rathúnais mar atá san Iarthar.Tá an-chuid mórcheisteanna a thagann chun solais de dheasca an phróisis seo. An mbeidh na réabhlóidithe cumannacha in ann smacht a choimeád ar an sochaí agus ar an tír a ghabh siad i 1949 agus iad ag dul síos bóthar an chórais chaipitligh?

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá an cumhacht pholaitiúil ina seilbh ag an bPáirtí Cumannach ach ligtear don aicme nua shaibhir bunaithe ar maoin tabhairt faoi chúrsaí geilleagair. Conas ar féidir an sóisialachas agus agus an cumannachas a mhaíomh agus dúshaothrú uafásach á imirt ar oibrithe na tíre sin?

Tá roinnt feidhmeannaigh sa Pháirtí Cumannach daoraithe chun báis mar gheall ar chaimiléireacht ach an gciallaíonn sé sin go mbeidh iad siúd a bhfuil fíor-chreideamh acu sa chóras cumannach in ann smacht a choimeád ar an ní caipitleach a chothaigh siad féin ar an gcéad dul síos - ní amháin sa sochaí i gcoitinne ach ina n-eagraíocht féin?

Is léir go mbeidh dhá fhórsaí chun teacht salach ar a chéile lá éigin - is é sin le rá lucht cumhachta na gcumannach agus lucht maoine na gcaipitleach. Tháinig an dá fhórsa ar aghaidh a chéile cheana féin i gCearnóg Tiananmen i 1989 agus bhí an lámh in uachtar go mór ag na cumannaigh an lá sin.Tá roinnt a mhaíonn nach tír réabhlóideach, sóisialach agus cumannach í an tSín in aon chór. Ach bíodh mar atá, mar dhea, caithfear a thabhairt san áireamh go raibh cúiseanna foirfe ag cumannaigh na tíre sin tionntú i dtreo an chórais chaipitligh.

Mhaígh Marx é féin le go mbunófar sochaí sóisialach, bhí se ríthábhachtach go raibh an tsochaí chéanna forbartha mar a bheadh sochaí chaipitleach ar dtús chun an chéim sin a chomhlíonadh. Is ón tuairim seo atá cinneadh na gcumannach bunaithe air agus an treo a a bheartaigh siad. Nuair a tháinig na cumannaigh i gcumhacht i 1949, tír a bhí beo bocht agus neamhfhorbartha agus fós sáite san aois fheodach bunaithe ar talmhaíocht. Bhí siad tiomnaithe chun an tSín a tharraingt san aonú aois is fichead.

Feicfear amach anseo más féidir srian a choimeád ar chú an chaipitleachais mar a mhaíonn ceannasaíocht pholaitiúil na tíre sin.

Foclóir

  • tráchtairí commentators
  • geilleagar na Síne the Chinese economy
  • infheistíocht ollmhór massive investment
  • costais íseal déantúsaíochta low manufacturing costs
  • earraí products
  • ar tóir an rathúnais in pursuit of prosperity
  • dúshaothrú expolitation
  • feidhmeannaigh officials
  • daoraithe chun báis sentenced to death
  • teacht salach ar a chéile come into conflict
  • san aois fheodach in the feudal age
  • ceannasaíocht pholaitiúil political leadership

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland