1 June 2006 Edition
Cúlchaint le Seán ó Donaile
Ar Do Rothar!
Ghlac mé an treor mí-cheart ag an seanfhear dall agus mé ar mo rothar go Gleann Dá Loch agus chuamar ar strae - deirfinn gur muid an chéad dream rothaí a chuaigh thar an 'Sally Gap' de thimpiste.
Rinneamar dearmad ar ár steroids agus ní raibh ám againn learsceál nó cótaí a cheannach ach bhí 20 Major agus spiorad láidir againn.
Ní bhíonn na hÉireannaigh ríamh ró-eagraithe ar thuras rothaíochta I gcomparáid leis na hEorpaigh lena gcuid gcompais agus a scáth báistí ach níl rud níos fearr ná an spontáineacht agus an craic agus 20 buidéil Bulmers i ndiaidh 50 míle ar rothar.
Bhíomar ar rothaíocht urraithe chun airgead a bhailiú I gcomhair maisín x-gathú do champa teifigh I Jalazoun.
Cuireadh ruaig ar teifigh Jalazoun ó a gceantair dúchais in aice le el Aviv I 1951 nuair a tháinig airm na hIosraeligh le buamaí agus gunnaí.
Bhog 10,000 díobh go dtí An Bhruach Thiar agus thóg siad botháin ar thaobh cnoc darbh ainm 'Jalazoun'- "tobar an uisce".
Thar ám spreag Sharon agus ceannairí polaitiúla na tíre na h-Iúdaigh ón Rúis agus taréis ruaig a chur ar na Phailistínigh arís, thóg siad eastáit nua-aimsire le falla mór thart air cosúil le bearaic Baile Andarsain.
Ghlac siad seilbh ar 90% den uisce ón tobar agus ar an príomh bothar go Jerusalem- bíonn ar na Pailistínigh taisteal ar na seanbóithre nó fanacht leath lá ag stad míleata má tá ga le cuairt ar an ospidéal.
Ó ám go h-am cailleann mná a bpaistí de dheasca nach ligtear dóibh freastal ar an ospidéal.
I ndiadh 1798 nuair a theip ar na coati dearg greim a fháil ar Micheal Dwyer, leag airm Shasana na mílte crainn I gCill Mhantain agus thóg siad bóthar míleata thar sleibhte an chondae; sin an bóthar a leanamr agus muid caillte ar na penny farthings go dtí gur shroicheamar Gleann Dá Loch; roghnaigh Naomh Caoimhín áít galanta I gcomhair a mhainistreach agus a fheirm- deirfinn go raibh go leor hippies le geansaí stríocaigh orthu ag crochadh thart ag tabhairt amach faoi Bertie Ahern.
Tá 'leaba Caomhín' suite I lár locha istigh I poll na sléibhte- deirtear gur ghuí sé ansin ach chuala mé go raibh stór DVD's agus poitín ann.
Ar aghaidh linn tríd ceanntar Phairnell ach bhí Fanny as baile ; mar sin chuireamr ruaig ar Kitty O' Shea; tríd Ballykissangel' agus chasamar le laoch Loch Gharman Mattie Forde I nGuaire , lá sular leag sé Co na Mí I bPáirc an Chrócaigh. Chuala me go bhfuil An Mhí agus Tír Eoghain in iomaíocht don Chraobh 'B' I mbliana agus Doire ag díriú isteach ar an dórnalaíocht.
Bhí go leor leacht do laochra 1798 le fesicint ar bhóithre Loch Garman nuair a mharaigh na mílte; bhí orainn stopadh ag clubtheach 'Buffers' Alley' agus ómós a thabhairt do Tony Doran agus Martin Storey in Oulart.
Bhí déistean ar na Dubs nuair a chasamar le fear an A.I. agus é ag cur a dhorn suas tóin an bhó, agus muid ag iarraidh ár paninis a ithe!
Shroicheamr Baile Loch Garman agus é dorcha agus cúpla deoch againn ar na cé agus mile nó dhó bailithe don mhaisín.
Tá an 'bug' rothaíochta agam don Samhradh- feicfidh me thú ar na sléibhte!
Foclóir
- Treor direction
- Léarsceál map
- Eagraithe organised
- Teifigh refugees
- Bóthar míleata military road
- Ceannaire leader
- Éirí amach rising
- Leacht monument