Top Issue 1-2024

25 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint - An Bhreatain Bheag: le Seán ó Donaile

Cúlchaint - An Bhreatain Bheag: le Seán ó Donaile

Ceadaoin 18ú

Stáisiún Holyhead

..tá triúr bhean ós ar gcomhair ag caitheamh slabhra toitíní 's ag plé scaradh Paul McCartney agus Heather bocht agus cíocha Jordan- cad is féidir a rá faoin teach tabhairne seo ach go bhfuil péint bándearg ar gach rud, na sockets ina measc, ceol uafásach ar an bosca juke agus fir ramhar ag suí thart ag ól John Bull 's ag caitheamh Darts; tá boladh déistineach tabac agus postaerí ag fógairt tacaíocht a thabhairt don Chorn Domhanda Peile atá ag tosnú go luath ar Sky Sports; tá na pictiúir ar na fallaí buí ón ngrian agus deirfinn gur cheannaigh said íad in 'Bob's Stores' I gcomhair 99pingin.

Taimíd ar ár mbealach go Dolwydellin, baile beag iargúlta in aice le Ballydung, I gcroílár Ghaeltacht na tíre- níl aon Bhreatainis agam ach Cymru agus coalminer agus ní fhaca mé an buachaill aerach ó 'Little Britain' go fóill.

Tá go leor mianaigh druidte sa cheantar seo agus tá Cuma ar an áit go bhfuil

duibheagán ar dhaoine.

Tá stair na tíre an chosúil linn féin ó tháinig na Ceiltigh ceathair chéid roimh Chríost agus iad faoi chois ó na Sasanaigh ón 12ú aois.

Thóg na Sasanaigh go leor chaisleáin timpeall na tíre ionas go mbeadh smacht acu ar muintir na tíre agus chosain siad iad féin sa bhealach céanna innár thóg said na 'diamonds' I dtuaisceart na hÉirinn; chuir siad na Péindlithe I bhfeidhm in aghaidh muintir na háite agus bhí go leor éirí amach ó am go h-ám.

Tá ceangailt laidir idir tuaisceart na tíre agus Sasana agus bogann go leor Sasanaigh ansin I ndiaidh éirí as obair; iadsan a thugann vótaí do na Tories.

Tá Cuma ar an scéal go bhfuil Rilatas na Breataine sásta pairlimint áitiúil a thabhairt dóibh agus cearta teanga chomh fada nach bhfuil siad ag lorg néamhspléachas.

Aoine 20ú

Dolwydellin, Snowdonia

Ní chreidfeá an difríocht idir Holyhead agus Snowdonia- gleanntaí glas le coill galánta thart orthu; fir ag iascaireacht cois na habhna, na caoraigh ag méileach ( agus na feirmeoirí ag rith ina ndiaidh!) agus bailte beaga gan McDonalds nó Burgerking le feiscint in áit ar bith.

Labhraíonn formhór de mhuintir na háite Bhreatainis anseo - I bhfad níos mó cainteoirí dúchais ná in Éirinn- n'fheadar cén fath agus iad ceangailte le Sasana agus faoi smacht le ocht chéad bhliain.

Deirtear gur an teanga ceann de na t-aon slíeanna gur féidir a n-aitheantas náisiúnta a choinneáil, díreach cosúil leis na Bascaigh ata sa suíomh céanna.

An rud é gur oileán muid go bhfuil na hÉireannaigh níos leisciúil nó réidhchúiseach faoi slainte an Ghaeilge mar chuid d'ar n-aitheantas?

Tá go leor tacaíocht anseo do Plaid Cymru , pairtí naisiúnta na tíre agus tá cúpla súiocháin acu I Westminster, ach tugann muintir na cathair vótaí do Blair agus an Lucht Oibre.

Feictear go leor scríneoireacht ar na fallaí ag tacú leis an 'Free Welsh Army' ach deirfinn go bhfuil siad cosúil leis an 'People's Front of Judea' nó an 'Judaen People's Front'.

Níl fhios agam cén fath ar ghlac siad an anrath san séú aois deag ach níor bhuail mé le móran daoine a raibh chomh tógtha leis an reilgiún is atá muintir na hÉirinn.

Má tá suim agat I stair, teanga , cultúr no sléibhteoireacht, léim ar an mbád go Holyhead, agus tóg do wellies leat!

Foclóir

Aitheantas identity

An Bhreatain Bheag Wales

Duibheagán depression

Neamhspléachas independence

Ag méileach bleating

Sléibhteoireacht hiking


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland