Top Issue 1-2024

11 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán Ó Donaile - Ag Dul thar fóir

Cheap mé nach raibh móran drugaí in Éirinn ach na cinn mí-dhleathach- ansin tháinig mé ar tobac agus alcóil agus an obair.

Tá drugaí de gach saghas in Éirinn san aois nua- nuair a eiríonn tú bréan den alcól agus drugaí is féidir leat díriú isteach ar reiligiún, ceol nó lúthchleasaíocht.

Tá Risteard ag obair ar linn tógála- críochnaíonn sé ag a cúig sa trathnóna agus taréis cúpla uair a chloig sa leaba, bíonn sé amuigh ag traenail ó mheán oíche go dtí sé ar maidin. Is fear crua é - buaileann sé le go leor daoine suimiúil ar a thaistil- na aindiúiligh, an daoine gan dídeán agus na h-eala greamaithe sna trollaí siopadóireachta sa chanál. Leanann a rith sé uair a chloig agus téann se díreach ar obair.

Maireann sé ar smeara , síodaí agus sú glasraí agus nuair a fhág a bhean cheile é anuraidh bhí sé lán sásta mar bhí níos mó am aige le traenáil. Chaith sé an Nollaig sa Mhol Thuaidh ag cleachtadh don Mharathon ansin- deich uair ag rith thar an leac oighir agus é 30 faoi.

Fáilte go dtí saol an lúthchleasaí ar an imeall- tá sé deacair a chreidiúint do go leor daoine go bhfuil na spoirt seo ag fás agus ag méadú in Éirinn ; tá go leor daoine ata ag iarraidh dúshlán agus a gcoirp a bhrú go dtí an imeall.

I ndiaidh an marathon bíonn go leor daoine a dhíríonn isteach ar an 'ironman'- ceithre mhíle snamh, 120 míle ar rothar agus 26 míle rith, i ndiaidh a chéile!

Cén fath? An bhfuil an saol i ndiaidh eirí ró-bhog agus ró-éasca dúinn agus an bhfuil daoine ag lorg rud difriúil as an gnáth saol? An bhfuil siad ar fad as a meabhair nó autistic?

I domhan na gceoltóirí tá slua a chaitheann sé nó seacht uair a chloig gach lá ag cleachtadh- tá clú ar cheoltóir amhain nach bhfuil in ann caint le comharsain a thagann ar chuairt ach seineann sé ceoil gan stad don té a bhuaileann cnag ar an doras.

Tá aithne agam ar go leor eile nach labhrann focaill ag seisiún ceoil ach seineann siad gan sos ar feadh ceathair uair a chloig- cheap mé go raibh buic amháin sa KGB, go dtí gur labhair sé i ndiaidh sé mhí, agus é as Liatroim!

Ní thuigeann formhór na tíre an aonsmaoineamh ata ag ceoltóirí traidisiúnta agus eiríonn siad tuirseach de i ndiaidh leathuair a chloig, ach is domhan eile ar fad é saol an cheoil traidisiúnta.

An rud é nach bhfuil rud ar bith fiúntach i sochaí an Tíogar Ceilteach nó an daoine mi-shoisialta iad ceoltóirí?

Cad faoin polaitíocht ? Cad a spreagann daoine a saoil iomlán a chaitheamh ag freastal ar chruinnithe phobail, sochraid ar fud na tíre agus agóid gach dara la?

Nach bhfuil saol ar bith eile acu nó an bhfuil siad ag iarraidh an domhan a shábháil? An maith leo bheith ag sclabhaíocht ar son an phobail agus ag fáil íde beil ó gach dara seanmháthair ag tabhairt amach faoin aimsir agus Bertie Ahern agus stad na tíre?

Cad faoin obair? Cen fáth a fhanann daoine ag obair go dtí deich a chloig san oíche nó a chaillean a chlann de dheasca oibre? Nach bhfuil cairde ar bith acu? Nach bhfuil suim acu i mná agus ragairne?

Agus cad faoin té ata tugtha don ghnéas?! Ní raibh deis againn sa Chláir sna seachtaidí an fadhb seo a fhorbairt agus táimíd ró shean anois. Tá go leor aisteoirí & rl sna Stáit Aontaithe ag fáil cuidiú proifisiúnta ós rud gur aindiúligh gnéis iad!

B'fhéidir go rachaidh mé arais go dtí an iomáint; mar a dúirt an seanfhear "tá sé níos fearr na an ghrá"!

Bhí fear i Sasana a bhí tugtha do peileadóirí Plymouth Argyle. D'fhág a bhean chéile 's a bpáistí é de bharr seo agus nuair a cheistíodh é dúirt sé nár mhothaigh se ró-dhona mar bhuaigh a fhoireann 3-1 as baile!

Is 'freak' thú san aois nua muna bhfuil tú tugtha do rud éigin. Tá mé ag ceannach anorak agus déshúiligh amárach agus imeacht i dtreo Stáisiún Heuston!

Foclóir

ag dul thar fóir- going overboard

mí-dhleathach- illegal

lúthchleasaíocht- athletics

anuraidh- last year

linn tógála- building site

aindiúlach- addict

dúshlán- challenge

aonsmaoineamh- single-minded

tugtha do- addicted

dé-shúiligh- binoculars


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland