AP front 1 - 2025 small

5 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Saol agus Oidhreacht an Phiarsaigh

BY Cathal O Murchu

Phádraig Mac Piarais

Phádraig Mac Piarais

Le linn chomhdháil acadúil ar Phádraig Mac Piarais, a bhí urraithe agus eagraithe ag Coláiste na hOllscoile Átha Cliath, a bheith ar siúl an deireadh seachtaine seo caite, bhí sé suimiúil le brath nach raibh mórán den athbhreithneachas ag gabháil le plé faoin bPiarsach. Ní mar a bhí i gcónaí nuair a chuir aon ní poblachtánach nó náisiúnach scanradh agus scéin ar bhuirgéisigh na Sé Chontae is Fichead. Ach is cosúil go bhfuil amanta athraithe ó a cáineadh laochra poblachtánacha agus rinneadh gach iarracht cliú acu siúd a mhilleadh. B'fhiú a chuimhniú, trath úd, nach fada a bhí Coláiste na hOllscoile Átha Cliath ina gcroílár frith-náisiúnach coimeádach ag na hathbhreithneoirí agus tá neart acu ann fós!

Ach ní fiú a bheith searbhasach! Den chuid is mó bhí an plé dearfach go leor faoina shaol, faoina shaothar, faoina oidhreacht stairiúil agus faoin tionchar a bhí aige ar athbheochan litríochta na Gaeilge, ar athbheochan teanga na Gaeilge, ar oideachas go ginearálta, ar pholaitíocht agus ar phoblachtánachas. Bhí roinnt plé ann freisin faoi ghéithe a phearsantachta agus ar na cúinsí sóisialta agus cultúrtha, Éireannach agus Sasanach, as a d'eascair sé. Bhí caint ann freisin faoin tionchar a bhí aige mar scríbhneoir iarchóilíneach, mar oideachasóir, mar fhile, mar léachtóir agus múinteoir, mar nua-aoisí, mar iriseoir, mar pholaiteoir, mar shaighdiúir agus mar réabhlóidí. Bhí an chuid is mó de na gnéithe is suntasaí dá shaol clúdaithe ag an gcomhdháil agus bheadh pictiúir réasúnta le samhlu faoi ina dhiaidh, cé go bhféadfadh níos mó cainte a bheith ann faoina thuairimí fhrith-impiriúlacha agus sóisialta.

Is cosúil go mbeidh a lán phlé amach anseo go dtí comóradh céad bliana i 2016 faoi leitheidí an Phiarsaigh, faoi chinnirí eile an éirí amach ar nós an Chonghailigh, faoina dtuairimí agus faoin ídé-eolaíocht bhunúsach a ghabh le réabhlóid na hÉireann an tréimhse úd. Agus is maith an rud é go bhfuil sé seo ag tarlú. Tá deis mhór ag poblachtánaigh dul i bhfeidhm ar thuairimíocht faoin éirí amach, go hairithe mar gheall go bhfuil sé ag leas na bpoblachtánach tuairimí agus ídé-eolaíocht an éirí amach a chur faoi bhráid an phobail a chur i mbéal an phobail.

Is cualú siar mór ag na hathbhreithneoirí an luí nua seo le náisiúnachas agus le poblachtánachas sa sochaí i gcoitinne. Tá sruth nua i measc an lucht rialaithe nua ag iarraidh aithint níos mó leis an náisiúnachas agus feictear ar an athbhreitheachas mar rud meatach anois. Ach níl athbhreitheoirí frith-náisiúnach, frith-phoblachtánach agus fíorchoimeádach imithe fós. Tá siad cumhachtach fós agus tá réimse na meán cumarsáide go mór faoina thionchar. Bíodh cinnte go mbeidh na hionsuithe i gcoinne Shinn Féin ag éirí níos fíochmhaire agus níos histéirí.

Foclóir

  • athbhreitheachas revisionism
  • comhdháil acadúil academic conference
  • buirgéisigh bourgeoisie
  • athbhreithneachas revisionism
  • searbhasach cynical
  • iarchóilíneach postcolonial
  • nua-aoisí modernist
  • frith-impiriúlach anti-imperialist
  • ídé-eolaíocht ideology
  • meatach decadent
  • níos histéirí more hysterical

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland