AP front 1 - 2025 small

5 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Tá an Samhradh ag teacht

Tá an Samhradh ag teacht, buíochas le Naomh Pól agus Muire agus a comráidí- beidh an ghrian ag scoilteadh na gcloch in Éirinn agus ní bheidh sé ag cur baisti ach cúig nó sé lá sa seachtain; beidh na fir buí ag mairseáil fiche uair sa seachtain agus ag ithe uachtar reoite sa pháirc, nó ag ól Dutch Gold cois trá; beimíd ag baint an fheir i gCúige Mumhan agus ag dul ar chuairt chuig Féile 'Mary of Dunloe' agus Daniel agus Marty agus 'Spin the Wheel'.

Beidh mé gafa le 'Tupperware parties' agus tá sceitiminí orm le botox Bree' agus collagen Gabrielle ar 'Desperate Housewives'; beidh mé caillte gan Podge agus Rodge agus an 'Late Late' ach tá an championship ag tosnú- beidh orm éirí ag a h-ocht agus aifreann luath a fháil - beidh mé ábalta réamh fhaisneis an chluiche a léamh ar chúl an tseipéil agus amharc ar na seanlads ag piocadh a sróin agus ag brimní; gheobhaidh mé an dinnéar ag a deich ar maidin agus ar aghaidh liom go Dúrlas Éala i gcomhar Chraobh an Mumhain, chan an ceann le leath na h-Ástráil ag imirt leis na 'funny balls' ach ceann na fuinseoige. Beidh sceallóga agus burgar as van galanata ar an chearnóg i nDúrlas agus sé no seacht pionta in Óstan Hayes, Mecca do na 'mulchies' áit a bhunaíodh an Cuman Lúthchleas Gael céad fiche dó bhliain ó shin.

Beidh an dath gorm 's buí as mo hata phaipéar ag rith síos mo chloigeann leis an báisteach agus mo bholg ag damhsa leis na féileachain agus mé brúite isteach le caoga míle eile agus ard teannas sa staid.

Chaillfaidh mé mo ghuth agus na laochra ag raibeáil amach ar an pháirc,; Davy Fitz ag bualadh an barra trasna lean camán agus Brian Lohan ag léim san aer mar Chúchulainn- is fada an bóthar don Chlár ó na seachtaidí nuair a raibh siad sásta leis an Srath Naisiúnta nó bhua san Chorn Oireachtas - i 1977 chaill an chondae an chloigeann nuair a bhuaigh siad an srath iomána in aghaidh Cill Chainnaigh agus arís i '78- ní raibh móran draíocht nó glam eile sa chondae ach an Ford Anglia agus bríste na Bay City Rollers. Ni raibh fuinneamh nó muinín fagtha ag an chondae nuair a shroich siad Chraobh na Mumhain agus chailleadar faoi dhó in aghaidh foireann láidir Corcaigh le Ray Cummins agus Jimmy Barry Murphy ina measc.

Is cuma cé chomh minic is atá Ronaldinho nó Beckham ar an teilifís níl comparaid ar bith le chluiche iomána- i 2004 d'fhág me cluiche peile faoi dhó i gCroker agus bhí foireann iomana Phortláirge ag pléascadh ar an teilifís in aghaidh Corcaigh agus Tiobrad Arann; Ken McGrath agus é gan fiacla ag piocadgh an sliotar ón scamaill agus Dan Shanahan ag briseadh crói lucht leanúna Thiobrad Arann agus a hata tuí, brógaí buachaill bó agus bandanas orthu.

Tá Cill Chainnaigh ag luí san fhéir fhada do Chorcaigh agus réaltaí nua acu; ta Luimneach arais san fhód arís tar eis cupla bhliain caite acu ag cur ám amú leis an 'cad ; tá muinín Gaillimh arais agus diamant nua acu i Seosamh Ó Cainnín; agus beidh go leor le rá ag na chondae eile roimh deireadh an samhraidh.

Is cuma cé chomh cáiliúil is atá réalt peile nó iomána agus iad ag imirt ós chomhair 80,000 ar an Domhnach, bíonn siad ar ais ar obair ar an Luan agus gan aon bladar nó hype thart - ba sin ceann de na fáthanna go bhfuil na himreoirí chomh ciallmhar i gcomparaid le réaltaí sacair , roinnt daoibh a cheapann go bhfuil siad i Hollwood.

Tá an saol seo lán le bureaucrats agus bodaí móra ag spiocadh astu agus ag bladaráil.

Mar sin níl éalú níos fearr as sin ná an iomáint.

N'fheadra an mbuafaidh na Dub's rud ar bith i mbliana? An bhfuil an spiorad ceart acu? An bhfuil siad chomh láidir le muintir Ulaidh? An bhfuil na cosa ag McGeeney agus Ard Mhacha chun trial amháin eile a bhaint as ?

Pé rud a tharlaíonn tá súil agam nach thagann an lá go mbeidh imreoirí ag fáil íocaíocht as imirt.

Cé go chuireann na h-imreoirí an chuid ama isteach ag ullmhú níl aon bhrú ar aon duine imirt agus is onóir mhór don té ata ag imirt leis an chondae.

Caitear aontú le seasamh a thóg Dónal Óg Ó Cíosóig agus foireann Corcaigh in aghaidh na bureaucrats cúpla bhliain ó shin ach má fhaigheann imreoirí íocaíocht beidh deireadh le cothromaíocht sa tír agus beidh sé cosúil leis an Premiership- ait nach bhfuil spas ann ach do fhoireann na milliúnaigh.

Ní bheadh seans da laghad ag Liatroim nó Tír Chonaill in aghaidh chontaetha saibhir cosúil le Baile Átha Cliath agus Cill Dara.

S'é ceann de na príombhuntáistí an CLG ná go n-aithníonn an lucht leanúna leis an foireann- tá aithne pearsanta acu ar na h-imreoiri, d'imir siad leo agus traenáil siad íad agus tá siad bródúil astu- ní aithneofar Sasanach ar fhoireann Arsenal i mbliana agus ta foireann rugbaí an Mhumain ag dul an treo céanna.

Pé scéal bain sult as na cluichí agus nach mbeadh sé iontach da mbuafaidh na Dubs cúpla chluichí san iomáint!

Foclóir

  • Draíocht magic
  • réamhfháisnéis forecast
  • ag ráibeáil sprinting
  • sceitimíní excitement
  • lucht leanúna supporters
  • aithne identity
  • botox marla!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland