Top Issue 1-2024

27 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le Seán ó Donaile

Saoire Sábhalta

Tá mé ag déanamh mo dhícheall taisteal ar saoire sabhálta ach níl mé in ann aon rud a fháil.

Ní raibh mo chóta fionnaidh agam ar an Domhnach agus níl aon chairde agam darbh ainm Fiachra agus ní maith liom an Burlo' ; mar sin ní raibh mé i láthair ag Bóthar Lansdún i gcomhair an Rugger leis na lads agus ní raibh 20 piontaí Heino' agam agus ní raibh timpiste agam i mo 'Bheamer' le cailín darbh ainm Fionnoolah agus ní raibh ar mo Dhaid glaoch ar a chairde sna Gardai chun é a shocrú.

Rinne mé iarracht cuairt a thabhairt ar Bhelarus chun griangrafanna a ghlacadh ach ní raibh siad sásta visa a thabhairt dom chun Cabrach a fhágáil.

Inniu an 20ú chomóradh den tubaiste uafásach sin i Chernobyl - baineadh geit asam ag amharc ar na páistí san díleachtann I Minsk, duine díbh leis a inchinn ag fás lasmuigh den chloigeann agus go leor daoine fós ag ithe iasc le trí shúil.

Tá cursaí chomh dona do muintir na h-áite go bhfuil cuid de na seandaoine ag bogadh arais go dtí an ceantar atá fós truallaithe .

Ag an ám céanna tá sé I gceist ag Rialtas na Breataine staisiúin nua núicleacha a thógáil sa Bhreatain nó I dtuaisceart na hÉireann.

Tá diúltiú laidir tugtha ag grúpa comhairlí tras- teorainn ar an plean seo.

Tá 'athbhreithniú fuinnimh' ar siúl ag Rialtas na Breataine faoi láthair ach tá sé ráite ag an Príomhaire Blair go bhfuil gach rogha fuinnimh san áireamh ann agus nach feidir le foinsí inmharthana éileamh fuinnimh na Ríochta Aontaithe a shásamh.

Dar leis an ngrúpa , Fóram Uile Éireann Chomhairlí Áitiúla Saor ó Chumhacht Núicléach , (AINFLAF), bheadh aon staisiún nua ina mbaol tubaisteach d'Éirinn.

Tá dearmad déanta ag na PD's gan dabht go raibh Dessie ag iarraidh stáisiún núicléach a lonnú i Loch Garman sna seachtaidí.

Um an dtaca seo tá staisiún nuicléach Sellafield ag scaoileadh dríodar raidió-ghníomhach sa mhuir Eireannach.

Ní bheidh me ag dul ar mo shaoire go dtí an Bhreatain Bheag ar feadh tamaillín!

Gheobhaidh mé mo hata tuí ó lucht tacaíochta an Mhí, mo bhuideal ola agus mo gheansaí Eircom agus rachaidh me go Fuengerolly

Beidh mé ag canadh 'The Rocky Road' san Jolly Shamrock go dtí 4 a chlog ar maidin agus beidh ar a laghad fiche bhuidéal Bhulmers agam.

Níl aon maitheas éirí go luath mar beidh na tuaillí ar an mbalcóin ag na Gearmánaigh ag sé ar maidin; beidh ispíní agus bagúin agam agus rachaidh mé arais chuig an teach tabhairne le mo bholg bandearg istoíche.

Tá sé fíor dheacair saoire sabhálta a cur in áirithe faoi lathair- tá muintir Nepal ag cur isteach ar an Rí bocht I Kathmandhu- caithfidh go bhfuil muintir Celtic ansin ag tarraingt suas an cosán- ní bheidh mé in ann mo wacky backy nó mo síochán inmhéanach a fháil ansin i mbliana!

Molaim Cathal Ó Searcaigh a chur isteach mar an Rí nua I Nepal agus cuirfidh sé smacht ar an tír.

Ba bhreá liom dul ag dreapadh ar na sleibhte san Ind ach tá gach seans go dtosnóidh Rialtas an Phacastáin cogadh núicléach leo ar an teorann.

Is tír suimiúil an tIran ach tá an tUachtarán Bush ag súil le cúpla roicéid a scaoileadh ina dtreo.

Tá níos mó ná 100 staisiún núicléach san Áis anois agus an méid céanna arís á thógail ansin- cé nach bhfuil muintir an Iarthar ró-shásta faoi seo tá beaganch 300 staisiúín san Eoraip agus Meiriceá.

Gan caint faoi Mean Oirthear agus na roicéad nuicléach ag Iosrael; ach tá cead acu mar is cara an Iarthar iad.

Deirfinn gur Tír Chonaill an t-aon áit sabháilte sa domhan I gcomhar saoire-

Tá mé ag bailiú mo pota- bhláith lán le briseadh agus mo sluaisaid agus dul I dtreo Bundoran!

Foclóir

  • Sluasad spade
  • Briseadh change
  • Dríodar raidió ghníomhach- nuclear waste
  • Mhuir sea/ocean
  • Fionnaidh fur
  • Athbhreithniú review
  • Díleachtlann orphanage
  • Inchinn brain

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland