Top Issue 1-2024

30 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Saol an Chadhnaigh curtha faoi bhráid an phobail

BY Cathal O Murchu

Mháirtín Uí Chadhain

Mháirtín Uí Chadhain

Chuir TG4 clár faisnéise eile den scoth amach a craoladh Oíche Sathairn seo caite ó 9:05 go 10:05 i.n. faoi shaol Mháirtín Uí Chadhain agus tugadh léargas an-réasúnta faoi.

Cé nach ndéantar mórán tagairte ar Mháirtín Ó Cadhain in 'Éirinn Oifigiúil', níl aon amhras ann ach gur ceannródaí an-tábhachtach é i litríocht na hÉireann agus ba mhaith an rud é gur chuir an clár seo an fear faoi bhráid an phobail.

Beathaisnéis ar chúrsa a shaol a bhí sa chlár agus dhírigh ar na gnéithe is suntasaí ina shaol gan aon iarracht aon chuid dá pholaitíocht a cheilt. Thosaigh an clár, ar ndóigh, ar thús a bheatha nuair a saolaíodh é igConamara sa bhliain 1906. Rinneadh plé faoin gcúlra Gaeltachta agus feirmeoirí beo bochta as a dtáinig sé. Cuireadh in iúl gur fear thar a bheith éirimiúil a bhí sa Chadhnach chuaigh sé ar aghaidh chun cáilíocht mar mhúinteoir a bhaint amach. Níor ghlac sé le húdarás na heaglaise nó na húdaráis nua-bhunaithe an tSaorstáit agus de dheasca sin ní raibh sé in ann dul i dtreo a shlí bheatha, cé gur glacadh gur múinteoir den scoth a bhí ann. Bhí suim mhór aige i gceist na Gaeilge agus ar feadh a shaol, throid sé go tréan ar a son. Chuaigh sé i dtreo na scríbhneoireachta agus ba cheannródaí thar a bheith tábhachtach é i scríobh na Gaeilge. Glactar gurb é a shaothar a chuir tús le nua-aoiseachas i scríobh na Gaeilge. Maidir le Gaeilge, glacadh san am nach raibh aon duine beo leis an bhfios agus eolas céanna acu ar an teanga.

Ach bhí suimeanna eile ag an gCadhnach seachas scríobh agus litríocht. Ba phoblachtánach agus sóisialach amach is amach é agus chaith sé cuid mhaith dá shaol i ngníomhaíochtaí réabhlóideacha. Ba óglach é in Óglaigh na hÉireann agus de dheasca é a bheith gníomhach leo, gabhadh é le linn na Práinne sna daicheadaí agus coimeádadh é i gCampa Géibhinn an Churraigh. Bua mór a ghabh leis an gclár faisnéise seo ná gur rinneadh plé suntasach faoina pholaitíocht, faoina ídé-eolaíocht agus faoina dhearcadh domhanda. Le linn a bheith i ngéibheann dó, chuir sé tús le hoideachas polaitiúla agus mhúin sé an Ghaeilge do na poblachtánaigh ansin, ar nós Breandán Ó Beacháin.

Tar éis na Práinne agus ar a scaoileadh saor dó, chuaigh sé i mbun na litríochta agus is ó na gníomhaíochtaí seo a léirigh sé a dhearcadh don domhan mór. Scríobh sé roinnt saothar gearrscéalta ach an éacht liteartha ba mhór a tháinig uaidh na Cré na Cille. Leabhar greannmhar a léiríonn a mhuintir féin agus na buairteanna bídeacha atá siad gafa leo, ach deacracht acu an scéal mór a fheiceáil. Feictear cumhacht ollmhór na heaglaise a ritheann tríd na carachtaerí. Léargas suntasach a thug an clár ar an saothar úd.

Léirigh an clár nach raibh sé réidh leis an agóidíocht agus scríobh sé paimfléad fíorthábhachtach Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae. Chuir sé tús leis an feachtas Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus thug sé faoin dream frith-ghaelach Language Freedom Movement go fíochmhar.

Dar leis a lán, b'inn an tréimhse ba shuimiúla dá shaol ach cailleadh é go luath sa bhliain 1970. Réabhlóidí, smaointeoir, poblachtánach, sóisialach, gaeilgeoir, scríbhneoir, ollamh, agóidí den scoth a bhí ann.

Gluais Focal

  • Éirinn Oifigiúil Official Ireland
  • ceannródaí pioneer
  • beathaisnéis biography
  • nua-aoiseachas modernism
  • gníomhaíochtaí réabhlóideacha revolutionary activities
  • scríbhneoireacht writing
  • le linn na Práinne during the Emergency
  • éacht liteartha literary achievement
  • smaointeoir thinker
  • agóidí agitator

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland