Top Issue 1-2024

30 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

David McWilliams

David McWilliams

Gaeilge 'cool'

Le Seán ó Donaile

Bhí Tóstal na Gaeilge ar siúl le deanaí I nGaillimh ag Comhdhail Náisíúnta na Gaeilge. David McWilliams a bhí mar aoí-chainteoir agus a rá leis na baill go raibh an Gaeilge 'cool' agus go raibh todhchaí slaintiúil I ndan dó.

Cainteoir dúchais í mo mhathair ó Ghaeltacht Tír Chonaill agus bhíomar I gconaí chun tosaigh ar scoil leis an Gaeilge. Ach chuir sé isteach orm go raibh m'ainm I nGaeilge agus cheap mo chomráidí scoile gur'swat' mé. Bhí droch-íomha sa Deisceart ag an teanga ; idir 'Peig' agus muintir na fainní ní raibh déagóirí ró-thógtha leis. Nuair a bhog mé go Beal Feirste áfach bhí gliondar ar mo chroí nuair a thosaigh na 'cider-heads' ag Sráid an Chaisleán ag labhairt Gaeilge liom -'Tiocfaidh Ár Lá big lad'...agus bhí go leor creidmheasa sráide agam ós rud é gur mhúinteoir Gaeilge mé.

Bhí an Gaeilge I gconaí mar chuid den stát sa Deisceart ach faoi chois ag Rialtas na Breataine ó thuaidh. Ní raibh meas madra ag na D 4's ar an iomáint go dtí gur tháinig na nochaidí agus chruthaigh urraíocht Guinness agus laochra an Chláir agus Uibh Fháillí íomhá gnéasúil don sport agus nuair a tháinig Riverdance ar an stáitse bhí athann dara chailín ag iarraidh bheith ag damhsa.

An t-aon fáth a d'fhreastal mé ar rince sa bhaile ná de bharr Máire Rua agus nuair a chuir mo chairde ina leith orm gur 'gruaigaire' mé d'éirigh me as láithreach!

Níl aon dabht ach go bhfuil níos mó meas ag muintir na tire ar an chultúr í gcomparáid le triocha bliain ó shin agus anois tá an fáinne ag éirí 'cool'.

D'fhreastal McWilliams ar Charraig Dubh, coláiste Bob Geldof agus Ardal O Hanlon-n'fheadar an dtiocfaidh Sir Bob nó an tAthair Dougal mar aoí-chainteoir go dtí an chéad chomhdháil eile?!

Luaigh Dáithí an suim atá ag na méan-aicme ar deisceart na cathrach agus I nDún Laoghaire sna Gaelscoileanna gus an ard chaighdéan a bhaintear amach sna Gaelscoileanna ar fud na tíre. An bhfuil Saoirse agus Fiachra agus Setanta le bheith mar na chéad ceannairí eile ar an gluaiseacht teanga?

Bhí go leor plé faoin Acht Teanga freisin. I gCeanada tá Acht Teanga agus Coimisineir Teanga agus plean teanga ag muintir an Bhreatain Bheag agus Alban. Ní mór dúinn an rud céanna a dhéanamh anseo.

Ní aírítear an Ghaeilge I measc theangacha an domhan atá I mbaol an bháis , de bharr go bhfuil níos mó na 150,000 cainteoir gaeilge ann, go bhfuil tacaíocht Stait aici agus go bhfuil stadas sa todhchaí aici.

Tá 1.57 milliún duine de réir an daonáireamh is deanaí , a dúirt go bhfuil Gaeilge acu.

Ta níos mó na 100,000 a labhraíonn Gaeilge go laethúil.

Tá an gaeilge slán, Buíochas le Dia.

Foclóir

  • Aoí-chainteoir guest speaker
  • Todhchaí future
  • Afach however
  • Credimheasa sráide street cred'
  • Urraíocht sponsorship
  • Mean-aicme middle class

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland