Top Issue 1-2024

23 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Seachtain na Gaeilge agus athghabháil na hÉireann

BY Cathal O Murchu

Le linn Seachtain na Gaeilge a bheith ar siúl an tseachtain seo caite, ba léir go raibh níos mó rath ag baint leis i mbliana. Mar shampla bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil sna meáin i gcoitinne, go háirithe ón teilifís agus ón raidió. Bhí níos mó fógraíochta ann sna nuachtáin agus in ábhair phriontáilte eile faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Bhí níos mó foilseachán i dtaobh Sheachtain na Gaeilge. Bhí níos mó díospóireachta ann sna meáin maidir le todhchaí agus staid na Gaeilge.

Chomh maith leis sin go léir, bhí níos mó imeachtaí eagraithe ná mar a bhí riamh agus iad éagsúil agus scaipthe ar fud na tíre.

É sin go léir ráite, tá bóthar fada le sroicheadh ag an nGaeilge fós.

Is léir go bhfuil a lán naimhdis oifigiúil ann don Ghaeilge, go háirithe ón lucht cumhachta bunaithe. Ní raibh aon ganntanas tráchtairí ón dream frith-ghaelach leis an nGaeilge a cháineadh, go háirithe le Fine Gael agus a gceannaire Enda Kenny ag moladh fáil réidh le Gaeilge éigeantach. Ach seachas an meon diúltach a eascraíonn ón gcóilíneachas, is léir go bhfuil an pobal mór i gcoitinne bádhúil don teanga, fiú gan labhairt acu sa teanga.

Ceann de na himeachtaí a bhí ar siúl ná An Lá Gaelach a d'eagar Foras na Gaeilge don Aoine seo caite. Sraith imeachtaí a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath - ceardlanna le haghaidh foghaim na teangan, sean-nóis, Íoga, scéalaíochta, drumadóireachta, chomh maith le féile scannán san IFI agus scannán faoin aer le taispeáint Harry Potter - Seomra na Rún. Ina ndiaidh sin go léir bhí club oíche ar siúl le DJanna, comórtas aerbhodhráin agus scóráil scioptha!

Ceann de na feachtais is mó atá ar siúl i láthair na huaire ná feachtas ag iarraidh ar na comhlachtaí fhón póca tuarthéacs trí Ghaeilge a chur ar fáil. Is iad na Gaeil Óga atá i bhfeighil ar an bhfeachtas seo. Chun tacú leis an bhfeachtas seo, seol an focal GAEILGE ar téacs go dtí 53333. Beidh na Gaeil Óga ag eagrú Gaelfest mí Aibreáin chomh maith.

Le go gcuirfidh Gaeilge i mbéal an phobail agus í a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach go bhfeicfear an Ghaeilge sa mhéid réimsí den tsaol a bhfuil ann, go háirithe i saol na hóige. Is chuige seo atá Seachtain na Gaeilge tiomnaithe agus is cuid thábhachtach de réabhlóid na tíre seo, an saoirse chultúrtha a bhaint amach agus tabhairt faoi athghabháil na hÉireann mar a mhaígh an Conghaileach.

Gluais Focal

  • rath success
  • ábhair phriontáilte eile other printed material
  • fógraíocht advertisement
  • foilseacháin publications
  • naimhdeas oifigiúil official hostility
  • tráchtairí commentators
  • frith-ghaelach anti-Irish
  • tuarthéacs predictive texting
  • athghabháil na hÉireann reconquest of Ireland
GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland