23 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Chacurra

Le Seán ó Donaile

"Chachurra"- sin an t-aon focal Bascaigh a bhí agam go dtí Mí Eanair nuair a bhog cailín Bascach isteach liom. Sin a ghlaonn na Bascaigh ar an Guardia Civil, an dream a chuidigh go mór le Franco agus iadsan a d'eagraigh an coup d'état i 1981.

Tá sé do-chreidthe cé chomh ainneolach is atáimíd faoi Tír na mBascaigh. Is iomaí Bascaigh a bhíonn thart Bhéal Feirste le linn an fhéile athann Lúnasa lena ngruaig fada agus a hoodies - Ní bheidh Michael Noonan ró-shásta leo, agus gan dabht níl mórán eolais aige faoi cursaí polaitíochta ansin.

Cé go mbíonn Éireannaigh iontach curtha amach má ghlaotar Sasanaigh orthu, glaoimíd 'Spáinnigh' ar na Bascaigh bocht go minic! Níl fhios ag mórán daoine go bhfuil cuid den Tír Bascach faoi réim na bhFrancaigh agus go raibh Lourdes ina bhaile Bascaigh tráth.

Nó go raibh an chuid daoibh ina mairnéalaigh agus ag troid ar son na Spáinne, cosúil le muintir na h-áite anseo a chuaigh ina sluaite sna Dublin Fusiliers.

Nó an bhfuil fhios agat faoina gcluichí dúchasach - 'pelota', ata an chosúil le liathróid lámha, agus weightlifting - bíonn go leor 'capaill fir' ag iompar clocha mhóra thar a cionn cosúil le CúChulainn agus Fionn macCumhaill! Nó go bhfuil an cider is blasta sa domhan acu agus Patzeran, déanta as sméara a óltar i ndiaidh iasc blasta ansin.

Cé go raibh a dteanga faoi chois go mór faoi Franco tá sé i bhfad níos láidre na ár dteanga fein.

Láimhseáil Franco na 'Ikastolaks' sa bhealach ceanna le Rialtas na Breataine go dtí gur tháinig Martín Óg McGuinness, ach anois freastalaíonn níos mó ná 70 % den daonra ar na scoileanna a fheidhmníonn trí Bhascach. Agus muid ag maíomh as na Gaelscoileanna!!

Is ionnann Euskal Herroia, ainm na tíre, leis an té a labhraíonn Bascach agus gan é ní bheidh aitheantas ar bith acu agus beidh an tír iontaithe leis an Spáinn.

Tá stair Herri Batustuna agus Sinn Féin an chosúil lena cheile ach cuireadh ionadh an domhain orm agus mé ann, an méid eolas ata acu faoin Próiséas Síochána anseo agus an Oideachas polaitiúla ata acu i gcomparáid linne. 'Gara' is ainm de pháipéar na gluaiseachta a dhíolann breis is 50,000 cóip gach lá le 60 leathnach ann. In ionad an streachailt míleata, chuir siad an bhéim ar chursaí phoilaitíochta agus oideachas agus d'fhás an gluaiseacht as seo.

Cosúil lenár gcairde ar Shraid Downing bhain Rialtas na Spáinne úsáid as na módhanna céanna chun iad a chur faoi chois- chúísíodh Rialtas an PSOE faoi 'Shoot to kill' sna ochtoidí, tá na cimí polaitiúla scaipithe ar fud na Spáinne agus ta cinsireacht fós i réim.

Tá bac ar Herri Batastuna dul fa choinne toghcháin agus go leor de na cheannairí I ngéibheann faoi láthair agus cuma ar an scéal go bhfuil níos mó suim ag Rialtas na Spáinne iad a choinnigh faoi chois ná cursaí a réiteach .

Is léir gur chuidigh toghchán Blair, Clinton agus Reynolds go mór le cursaí na tíre seo a thabhairt chun cinn i 1994 ós rud go raibh siad oscailte agus gur thuig siad nach raibh socrú míleata le fáil.

Bhí Thatcher ag cur polasaí an DUP i bhfeidhm agus ag iarraidh lamh a fháil in uachtar ar Phoblachtanaigh tríd cursaí míleata. Níor oibrigh se do Thatcher agus ní oibreoidh se do Rialtas na Spáinne.

Foclóir

  • Lámh a fháil in uachtar to get the upper hand
  • faoi chois oppressed
  • Mairnéalaigh sailors
  • gluaiseacht movement
  • ceannaire/í leader/s
  • an fadhb a réiteach to solve the problem

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland