16 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Neamhchiontach nó nimhchiontach?

BY Cathal O Murchu

Sna tuairiscí atá tagtha amach maidir le bás Slobodan Milosevic in ionad géibhinn an Bínse Idirnáisiúnta Coireanna Cogaidh i Háig na hÍsiltíre, tá meáin chumarsáide bunaithe san Iarthar ag tabhairt faoi ar nós go raibh sé ciontaithe mar choiriúlaí cogaidh. Cé gur chaith sé cúig bliana i ngéibheann na Náisiún Aontaithe (nó na Stát Aontaithe más dual duit!), ní soiléir go raibh cás láidir ina choinne.

Tá liamhaíntí ag teacht óna mhuintir gur nimh ó lámh fealltach ba chúis lena bhás.

Cibé an fhírinne maidir le gníomhaíochtaí Milosevic agus cúis a bháis, is léir go bhfuil an-chuid bréaga agus cur i gcéill ann faoin scéal ar fad. Bhraith meáin chumarsáide an Iarthair - an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe - gurb iad na Seirbigh a bhí ciontach as na cogaí éagsúla a d'eascair ó Scaradh na hIúgasláive. Bhí cúiseanna polaitiúla seachas cúiseanna morálta i gceist leis seo. Ag am an scartha, bheartaigh an chuid Sheirbeach (faoi cheannasaíocht Milosevic) cloí leis an gcóras sóisialach agus mar gheall ar seo, ní bhfuair siad maithiúnas ariamh ó chumhachtaí an Iarthair.

Maidir leis na cogaí a tharla san Iar-Iúgasláiv, cúiseanna casta a bhí i gceist agus níl móran amhras ach go dtuilleann milleán de chineál éigin ag gabháil le gach taobh. Bhí lámh mór ach go háirithe ag cumhachtaí eachtranacha, ar nós an Bhreatain, an Ghearmáin, an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe sa scéal i scaradh na tíre. Nuair a fhéachtar ar ról na n-impireachtaí nua-aimseartha san Ord Nua Domhanda seo, is léir nach raibh agus nach bhfuil creidiúint ag an mBínse Idirnáisiúnta Coireanna Cogaidh sa chaoi nár tharraingíodh máistrí cogaidh NATO os comhar na cúirte céanna. Ní dóigh go mbeidh aon chúis curtha os comhar George Dubya ach an oiread maidir le gníomhaíochtaí an SAM san Iaráic! Is éard atá ann ná "ceart ag neart" nó "victors' justice" a d'fhéadfaí a rá as Béarla.

Tá cúiseanna láidre le meas, dar leis a lán, gur trí lámh fealltach a fuair Milosevic bás. Diúltaíodh dó dul go Moscó na Rúise chun leigheas a fháil cé go raibh fadhbanna croí aige. Le linn an scrúdú iarbháis a rinneadh ar a chorp, thángthas ar substaintí nach raibh baint ar bith leis an gcógás leighis a bhí á ghlacadh aige. Dúirt Milosevic é féin gur bhraith sé go raibh sé ag intinn na n-údarás sa Háig fáil réidh leis. Le cás lag os comhar na cúirte ina aghaigh, ta seans mór ann go raibh sé ag leas an Bhínse Idirnáisiunta Coireanna Cogaidh, a ghabhann fíorbheagán creidiúna leis, go bhfaighfear réidh le Milosevic.

Cé nach bhféadfaí a rá gur laoch an fear, is léir gurbh é an coir ba mhó a rinne sé ná gur dhiúltaigh sé teacht faoi phluid na gcumhachtaí móra mar a dhearna formhór d'Oirthear na hEorpa. Is bearna baolach gan amhras é bóthar an neamhspleáchais san Ord Nua Domhanda.

Gluais Focal

  • ionad géibhinn detention centre
  • Bínse Idirnáisiúnta International War
  • Coireanna Cogaidh

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland